Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag na hairí roimh fhoilsiú Straitéise ar mhaithe le Tosaíocht do Thionscadail Iarnróid

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 15 Nollaig 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Nollaig 2025

Chuir Aire Bonneagair Thuaisceart Éireann Liz Kimmins agus Aire Iompair na hÉireann Darragh O’Brien agus an tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóthair, Lóistíocht, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney, fáilte roimh fhoilsiú Straitéise ar mhaithe le Tosaíocht Tionscadail Iarnróid do oileán na hÉireann inniu.

Tá an Straitéis ar mhaithe le Tosaíocht do Thionscadail Iarnróid á foilsiú inniu ag an Roinn Iompair agus ag an Roinn Bonneagair, le cúnamh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI). Leagtar amach sa Straitéis an bealach is fearr chun na moltaí ón Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin a bharrfheabhsú de réir oird; tuairisc a seoladh tar éis comhairliúchán poiblí i mí Iúil 2024.

Sonraítear sa Straitéis seo infheistíochtaí gearrthéarmacha a dhéanfar sa bhonneagar iarnróid, dá ngairtear Luath-Idirghabhálacha, agus atá le soláthar go luath sna blianta amach romhainn. Áirítear orthu sin sraith lúb ráille chun imeacht thar bráid chomh maith le hardáin nua, rud a chuirfidh borradh faoi athléimneacht agus acmhainneacht an ghréasáin iarnróid. Cuirfear tús leis an obair ar na tionscadail seo in Éirinn an bhliain seo chugainn, ionas go mbeidh siad curtha i gcrích ina n-iomláine faoi 2030.

Sainaithnítear Mórthionscadail sa Straitéis freisin, a chuirfear chun cinn thar tréimhse níos faide agus a bhaineann le leictriú idirchathrach agus uasghrádú suntasach acmhainn ar an ngréasán iarnróid. I measc na Mórthionscadal sin tá “Ceithre Cinn Ó Thuaidh”, chun cur le hacmhainn ráille ar an mbóthar iarainn gnóthach ó thuaidh de stáisiún Uí Chonghaile; leictriú agus feabhsuithe luais na mbóthar iarainn ar na bealaí Bhaile Átha Cliath-Corcaigh agus Bhaile Átha Cliath-Béal Feirste; agus bóthair iarainn nua/athbhunaithe ar nós Port an Dúnáinn go Doire agus Leitir Ceanainn.

“Is díol sásaimh dom gur foilsíodh an Straitéis seo mar leagtar amach bealach chun seirbhísí iarnróid a dhéanamh níos tapúla le minicíocht fheabhsaithe, agus inrochtaineacht agus nascacht níos fearr a bhaint amach ar fud an oileáin seo. Táim ag tnúth le cur chun feidhme na dtionscadal iarnróid seo sna blianta amach romhainn.”

An tAire Iompair Darragh O’Brien

“Is tosaíocht domsa é an tAthbhreithniú Straitéiseach Uile-Oileáin ar Iarnród a chur chun feidhme. Go háirithe, tá ríméad orm go leagtar béim sa Straitéis seo ar fheabhsuithe iarnróid atá le seachadadh sna blianta amach romhainn, lena n-áirítear ardán stáisiúin nua ag Acomhal Luimnigh, ardáin bhreise ag Baile an Mhóta agus Clóirtheach ar bhóthar iarainn na Gaillimhe agus ag Sligeach agus An Bóthar Buí ar bhóthar iarainn Shligigh, chomh maith le lúba ráille chun imeacht thar bráid ar bhóthair iarainn Luimneach go Port Láirge, Shligigh, bealach Chathair na Mart/Béal an Átha agus bóthar iarainn Baile Átha Cliath go Béal Feirste. Cabhróidh na tionscadail seo le cumas, minicíocht agus iontaofacht a fheabhsú go tapa. Tá áthas orm freisin go n-áirítear sa Straitéis go mbeidh Conair Iarnróid an Iarthair á thógáil ó Bhaile Átha an Rí go Clár Chlainne Mhuiris, agus tús curtha cheana féin ar an obair le roinnt réamh oibreacha imréitigh ina leith.”

An tAire Stáit Seán Canney

“Is é seo an chéad chéim eile chun cur chun feidhme an Athbhreithnithe Iarnróid Uile-Oileáin a threisiú. Creidim go gcuideoidh an claochlú seo ar an líonra iarnróid linn aghaidh a thabhairt ar éagothroime réigiúnach agus go spreagfaidh sé aistriú i dtreo úsáid níos mó a bhaint as iompar inbhuanaithe. Áirítear leis sin tionscadail thábhachtacha ar nós Port an Dúnáin go Doire, Port an Dúnáin go hArd Mhacha agus Lios na gCearrbhach go hAontroim. Soláthraíonn foilsiú na straitéise tosaíochta tionscadail seo plean chun pobal a bhí gan iarnród a nascadh, go háirithe san iarthuaisceart, chomh maith le minicíocht a mhéadú agus seirbhísí a fheabhsú dóibh siúd atá lonnaithe gar do bhóthar iarainn cheana féin. Cuideoidh sé sin le nasc eacnamaíocha agus shóisialta a neartú ar fud an oileáin.”

An tAire Bonneagair Thuaisceart Éireann Liz Kimmins

Cuirtear maoiniú ar fáil ó Rialtas na hÉireann do na Luath-Idirghabhálacha seo faoin bPlean Forbartha Náisiúnta um Fhorfheidhmiú Earnálach Iompair do 2026 go 2030,plean a foilsíodh i mí na Samhna.

Ar an iomlán, leagtar amach sa Straitéis an mhinicíocht traenach, an t-achar turais agus an tairbhe inbhuanaitheachta a sholáthrófar leis na tionscadail éagsúla a áirítear inti. Leanfaidh an Roinn Iompair agus an Roinn Bonneagair ag obair as láimhe a chéile de réir mar is cuí chun na tionscadail seo a chur chun cinn agus chun tacú lena seachadadh, ar mhaithe le leas an phobail.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat