Fáiltíonn na hairí roimh naisc neartaithe agus moltaí Thascfhórsa Mhuir Éireann á bhfoilsiú
- Foilsithe: 14 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2026
Foilsíodh moltaí an Tascfhórsa um Athléimneacht Mhuir Éireann inniu.
Aontaíodh na moltaí ag na comhpháirtithe uile agus san áireamh leis na chéad chéimeanna eile tá cruinniú déthaobhach bliantúil idir oifigigh iompair na hÉireann agus na Breataine Bige.
Leagtar amach sna moltaí freisin conas feabhas a chur ar athléimneacht agus pleananna teagmhais níos fearr a bhaint amach a chosnóidh nascacht do phaisinéirí agus cur isteach a bhainistiú níos fearr.
Tháinig an Tascfhórsa le chéile i mí an Mhárta anuraidh mar fhreagairt ar thionchar dhúnadh sealadach Chalafort Holyhead i mí na Nollag 2024. D’oibrigh baill de rialtais na hÉireann agus na Breataine Bige, oifigigh iompair agus páirtithe leasmhara i gcomhar le chéile ar athbhreithniú córasach agus críochnúil ar a raibh foghlamtha. Dhírigh an Tascfhórsa ar an taithí seo a úsáid chun nascacht a chosaint tuilleadh agus athléimneacht a thógáil ar fud calafoirt agus bonneagair calafoirt, anois agus sna blianta amach romhainn.
“Gabhaim buíochas leis an Rúnaí Comh-Aireachta Ken Skates as a cheannaireacht ar an Tascfhórsa le naoi mí anuas, mar aon leis na hoifigigh agus na páirtithe leasmhara go léir a d’oibrigh air. Tá seanchaidrimh neartaithe againn agus cinn nua bunaithe againn araon, a leanfaidh ar aghaidh trí chruinnithe bliantúla agus cumarsáid rialta.
“Cé nach raibh na himthosca idéalach ar chor ar bith, tá áthas orm gur tugadh an dá roinn níos gaire dá chéile agus táim ag tnúth leis an gcaidreamh seo a dhoimhniú sna blianta amach romhainn.”
An tAire Stáit atá freagrach as Iompar Idirnáisiúnta agus Iompar de Bhóthar, Loighistic, Iarnród agus Calafoirt, Seán Canney
“Le linn phlé Thascfórsa Mhuir Éireann rinneadh treisiú ar thábhacht Holyhead agus ár gcalafort eile ar Mhuir na hÉireann do phobail sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn agus níos faide i gcéin, agus d’ár leas agus d’ár bhfreagracht chomhroinnte, anois agus sa todhchaí, chun a chinntiú go n-éireoidh leo agus go bhfásfaidh siad. Leanfaimid orainn ag obair go dlúth le chéile ag cur lenár gcaidreamh neartaithe.”
Cabinet Secretary for Transport and North Wales, Ken Skates
Is féidir na moltaí a fheiceáil ag: Written Statement: Welsh Government Statement Irish Sea Taskforce recommendations publication (14 January 2026) | GOV.WALES