Iomlán an Infheistíocht Cabhlaigh DART tugtha go €670 milliún leis an Tríú hOrdú ar charráistí DART a rachaidh in ionad na sean-carráistí bunaidh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Iomlán an Infheistíocht Cabhlaigh DART tugtha go €670 milliún leis an Tríú hOrdú ar charráistí DART a rachaidh in ionad na sean-carráistí bunaidh

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 23 Nollaig 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Nollaig 2025
An tAire Iompair Darragh O'Brien, agus Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann, Mary Considine, taobh istigh de charráiste nua DART
An tAire Iompair Darragh O'Brien, agus Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann, Mary Considine, taobh istigh de charráiste nua DART

Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn Iompair d’ordú le haghaidh 100 carráiste DART nua breise atá tíosach ar fhuinneamh, a rachaidh in ionad go hiomlán ar an bhflít bunaidh atá i seirbhís ó osclaíodh an DART den chéad uair i 1984.

Tagann sé seo i ndiaidh dhá ordú do thraenacha nua DART le blianta beaga anuas agus tugann sé infheistíocht iomlán an Rialtais i dtraenacha nua leictreacha DART go dtí thart ar € 670 milliún.

Infheistíocht €173.9 milliún is ea an t-ordú seo le haghaidh 100 carráiste, a bheidh in úsáid in ionad na sean carráistí DART bunaidh a úsáidtear ar an mbóthar iarann ó na Clocha Liatha go Mullach Íde/Binn Éadair, bóthar iarainn cósta den chuid is mó. Cuireann sé seo go mór le dhá ordú carráistí roimhe seo, agus tugann sé líon na gcarráistí DART a ordaíodh go 285, sé sin, 57 traein ar chúig charráiste. Bhí líon 95 carráiste nua DART sa chéad órdú , agus cuirfear iad i mbun seirbhíse ón gcéad leath de 2027 ar an líne ghnóthach ó Bhaile Átha Cliath go Droichead Átha, den chuid is mó. Cuirfear an dara hordú de 90 carráiste i seirbhís ó 2028.

Cuirfidh na carráistí uilig seo acmhainn bhreise ar fáil do líonra iarnróid Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath mar chuid den Chlár DART+, mar fhreagairt ar an éileamh níos mó ná mar a bhí riamh ó phaisinéirí. Leis na traenacha nua seo méadófar acmhainn agus inbhuanaitheacht na seirbhísí iarnróid, agus cuirfear buntáistí ar fáil do phaisinéirí lena n-áirítear feabhsuithe suntasacha inrochtaineachta; méadú ar stóráil rothar; luchtú gléasanna; agus slándáil fheabhsaithe trí CCTV. Cuirfidh sé seo go mór leis an athrú iomlán ar an iompar poiblí sna blianta amach romhainn.

“Leis an ordú seo de charráistí nua DART taispeáintear an léiriú is déanaí ar thiomantas an Rialtais don iompar poiblí agus don iarnród go háirithe. Tá sé mar chuid de Phlean Infheistíochta Earnála NDP don iompar, ina bhfeicfear breis is €10 billiún d’infheistíocht i mbonneagar iompair phoiblí, sa bhreis ar an €2 billiún atá leithdháilte ón gCiste Bonneagair, Aeráide agus Dúlra thar an tréimhse 2026 go 2030 chun tús a chur le tógáil MetroLink . Deimhneoidh leathadh amach na gcarráistí seo go leanfaimid orainn ag soláthar seirbhís DART inbhuanaithe agus iontaofa sna blianta amach romhainn, agus muid ag obair chun líonra DART a leathnú faoin gClár DART+.”

An tAire Iompair, Darragh O'Brien

Rinne Iarnród Éireann, tríd an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA), an t-ordú leis an monaróir domhanda Alstom.

“Fáiltíonn an NTA roimh an ordú seo ar traenacha nua DART a chuirfidh athsholáthar an fhlít seanbhunaidh DART i gcrích. Ó tugadh isteach é i 1984, tá an DART bunaithraitheach maidir le nósanna taistil a athrú agus tá na mílte duine ag brath air anois le haghaidh taistil gach lá. Leis na traenacha nua seo, cinnteofar go leanfaidh an DART ag soláthar iompair inbhuanaithe feadh an chonair, ag feabhsú éifeachtúlacht na seirbhíse agus ag feabhsú iontaofacht, inrochtaineacht agus compord úsáideoirí an DART.”

Príomhfheidhmeannach an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Shaw

“Is ordú ríthábhachtach é seo chun leanúint de sheirbhísí iarnróid a fhorbairt i gCeantar Mhór Bhaile Átha Cliath. Is creidiúint é fad saoil an DART bhunaidh dár gcomhghleacaithe in Iarnród Éireann, a bhainistigh agus a chothaigh an flít, agus freisin, ar mharthanacht na dtraenacha leictreacha freisin. Chruthaigh sé seo seirbhís faoi leith do chustaiméirí agus don pobal a fhreastalaíonn sé orthu. Leis na flíteanna nua-aimseartha seo cuirfear feabhsuithe móra ar fáil ar thaithí chustaiméara do gach úsáideoir DART ar fud an líonra leathnaithe faoin gClár DART+, agus beidh buntáistí móra inrochtaineachta ag baint leis.”

Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann, Mary Considine

Rinneadh 23 milliún turas paisinéirí ar a laghad ar na seirbhísí DART atá ann cheana féin in 2025, an líon is airde riamh. Táthar ag súil le 16 milliún turas paisinéirí breise ar sheirbhísí comaitéireachta Bhaile Átha Cliath – Droichead Átha, Maigh Nuad/M3 Parkway, Cill Dara agus Cill Mhantáin, an líon is airde riamh freisin. . Leis an gClár iomlán DART+, lena n-áirítear oibreacha nua flít agus bonneagair faoi DART+ Thiar, Thiar Theas, Cósta Thuaidh agus Cósta Theas, méadófar acmhainn na seirbhísí iarnróid faoi dhó i gCeantar Mór Bhaile Átha Cliath.

Cabhlach DART bunaidh agus nua

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat