An tAire Iompair
- Foilsithe: 15 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2025
Ceapadh Darragh Ó Briain T.D. ina Aire Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh agus ina Aire Iompair i mí Eanáir 2025. Bhí sé ina Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta roimhe seo (2020-2025). Is Teachta Dála tofa é do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Fhine Gall. Sular toghadh é chuig an 30ú Dáil in 2007, d'oibrigh sé go príomha i Seirbhísí Airgeadais agus toghadh é chuig Comhairle Contae Fhine Gall in 2004. Toghadh é chuig Seanad Éireann in 2011.
Bhí poist éagsúla aige laistigh den Oireachtas, lena n-áirítear Leas-Chathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, Ball de Choiste an Oireachtais um Cheartas, Comhionannas, Cosaint agus Athchóiriú Dlí, Ceannaire Fhianna Fáil sa Seanad, Urlabhraí Tosaigh an Fhreasúra ar Bhaile Átha Cliath, Gnóthaí Eachtracha agus Tithíocht.