Príomh-Imscrúdaitheoir, Aonad Imscrúdaithe Timpistí Muirí
- Foilsithe: 5 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 5 Márta 2026
Déanfaidh an Príomh-Imscrúdaitheoir riarachán agus gnó an Aonaid um Imscrúdú Timpistí Muirí (AIMM) a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú go ginearálta.
Déanann an AIMM measúnuithe réamhchéime agus imscrúduithe sábháilteachta muirí ar thionóiscí a bhaineann le soithí in uiscí na hÉireann agus soithí faoi bhratach na hÉireann in aon áit ar domhan. Ní cuspóir imscrúdaithe sábháilteachta muirí locht ná milleán a chur i leith duine. Is é cuspóir an imscrúdaithe sábháilteachta muirí cúis na timpiste muirí a imscrúdaíonn sé a bhunú agus moltaí sábháilteachta a dhéanamh.
Tá an AIMM neamhspleách ina oibríochtaí agus ina fheidhm ó aon oifigeach de chuid an Aire a bhaineann a chinnteoireacht le feidhmeanna muirí mar atá leagtha amach go mion in Alt 10(3) den Acht.