Rúnaí Cúnta, Eitlíochta agus Pleanála Éigeandála

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

Rúnaí Cúnta, Eitlíochta agus Pleanála Éigeandála

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 20 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 19 Márta 2026

Tá Rannóg Eitlíochta agus Pleanála Éigeandála na Roinne freagrach as spriocanna Bheartas Náisiúnta Eitlíochta na hÉireann a bhaint amach, is iad sin:

  1. nascacht na hÉireann a fheabhsú trí rochtain shábháilte, shlán agus iomaíoch a chinntiú a fhreagraíonn do riachtanais ghnó, turasóireachta agus tomhaltóirí;
  2. fás fiontar eitlíochta in Éirinn a chothú chun tacú le cruthú post agus Éire a shuíomh mar cheannaire domhanda aitheanta san eitlíocht; agus
  3. an ranníocaíocht a dhéanann earnáil na heitlíochta le fás agus forbairt eacnamaíoch na hÉireann a uasmhéadú.

Tá sé freagrach freisin as taighde agus forbairt bhreise ar bheartas eitlíochta náisiúnta na hÉireann agus as ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna eitlíochta na hÉireann ar leibhéal an AE agus go hidirnáisiúnta.

Tá an Rannóg freagrach freisin as maoirseacht rialachais chorparáidigh ar ghníomhaireachtaí eitlíochta an Stáit - DAA, Grúpa Aerfort na Sionainne, Údarás Eitlíochta na hÉireann agus AirNav Éireann agus a chinntiú go gcomhlíonann na gníomhaireachtaí a sainorduithe reachtúla.

Maidir le pleanáil éigeandála, tá an Rannóg freagrach as ullmhacht éigeandála a fhorbairt agus a chur chun cinn laistigh den Roinn agus ar fud gach modh iompair go náisiúnta trí fhorbairt Chreat Comhordaithe Éigeandála na Roinne agus trí rannpháirtíocht leis an Tascfhórsa Rialtais um Phleanáil Éigeandála.

Sealbhóirí

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat