Gníomhú ar son na hAeráide agus Gnóthaí Idirnáisiúnta/AE
- Foilsithe: 9 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2026
Tá an Rannán um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Gnóthaí Idirnáisiúnta/AE freagrach as beartas gníomhaíochta ar son na haeráide a fhorbairt agus a chur i gcrích don earnáil iompair i gcomhréir le hoibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann. Áirítear leis seo beartais a bhaineann le Feithiclí Astaíochtaí Nialasacha, Breoslaí In-athnuaite/Malartacha don Iompar, Pleananna Oiriúnaithe Earnála Iompair, Soghluaisteacht Inbhuanaithe lena n-áirítear taisteal gníomhach, glasbhealaí agus soghluaisteacht chomhroinnte, agus Ag Bogadh le Chéile – an straitéis náisiúnta bainistíochta éilimh taistil. Áirítear ar na freagrachtaí a bhaineann le Gnóthaí AE, Thuaidh-Theas agus Idirnáisiúnta comhordú, forbairt agus ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh na hÉireann ar chúrsaí iompair agus aeráide ag cruinnithe idirnáisiúnta ábhartha agus cur i gcrích ghnéithe iompair Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle Airí an AE.