Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Adhlacadh ar an bhFarraige

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 22 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2024

Ceadaítear adhlacadh ar an bhfarraige i nDlí na hÉireann.

Táthar tar éis treoirlínte deonacha a fhoilsiú dóibh siúd atá ag smaoineamh ar adhlacadh ar an bhfarraige. Tá na treoirlínte seo bunaithe ar thaithí agus féachann siad le cúrsaí léanmhara a sheachaint amhail corp ag teacht chun cladaigh an athuair. Moltar breithniú a dhéanamh ar chréamadh agus luaithreach na marbh a scaipeadh ina dhiaidh sin, in ionad adhlacadh ar an bhfarraige.

Nuair nach bhfuil sé sin inghlactha, moltar an t-adhlacadh a dhéanamh in uisce atá 50 míle ar a laghad amach ón gcósta is gaire agus é 200 méadar ar doimhneacht. Tugtar moltaí freisin sna treoirlínte maidir leis an gcorp a ullmhú agus dearadh na cónra.

Chun tuilleadh eolais a fháil, seo ríomhphost chuig maritimesafetypolicydivision@dttas.gov.ie

Treoirlínte maidir le hAdhlacadh ar an bhFarraige
Guidelines issued by the Department of Transport - updated 05 April 2023
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat