English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

An Scéim Deontas um Fheithiclí Leictreacha

  • Ó: An Roinn Iompair

  • Foilsithe: 16 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2022

Sonraí faoi scéim dheontais le haghaidh tiománaithe atá ag smaoineamh ar a gcarr a aistriú go feithicil leictreach. Tá SEAI ag tairiscint deontais suas le €5,000 le haghaidh Feithicil Chadhnra Leictrigh (BEV) nó Feithicil Leictreach Hibrideach Inluchtaithe ceannaithe agus cláraithe in Éirinn. Ina theannta sin, ní mór do na feithiclí sin cáiliú do faoiseamh VRT suas go dtí € 5,000 i gcás BEVanna agus € 2,500 i gcás PHEVanna, a dhéanann foráil ar fhóirdheontas (deontas agus faoiseamh VRT) de €10,000 le haghaidh BEV-anna agus €7,500 le haghaidh PHEV-anna. Faightear rochtain ar dheontais tríd an déileálaí. Léirítear ar an suíomh seo na feithiclí atá incháilithe agus an áit a bhfuil déileálaithe lonnaithe.