Déan iarratas ar Cheadúnas Oibreora um Iompar Bóthair
- Foilsithe: 22 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 25 Márta 2022
- Athruithe a dhéanamh ar cheadúnas
- Doiciméid Idirnáisiúnta
- Ceadúnas Pobail
- Doiciméid Ionaid
- Ceadúnas Sealadach
- Táillí
Chun foirm iarratais ar Cheadúnas Oibreora um Iompar Bóthair a íoslódáil (Náisiúnta nó Idirnáisiúnta) chomh maith le réimse foirmeacha ceadúnaithe eile, téigh go www.rtol.ie
Athruithe a dhéanamh ar cheadúnas
Tá oibleagáid dhlíthiúil ort an tAonad Ceadúnaithe Oibreora um Iompar Bóthair a chur ar an eolas faoi aon athrú a thagann ar na sonraí nó cúinsí atá curtha in iúl agat cheana féin don Aonad, nó athruithe a chiallaíonn nach bhfuil na ceanglais iomchuí chun ceadúnas oibreora a fháil nó a choinneáil á gcomhlíonadh agat a thuilleadh.
• Athrú Feithicle – feithicil a chur ar an gceadúnas, feithicil a bhaint den cheadúnas nó feithicil a chur in ionad feithicle eile
• Athrú Seolta - cliceáil ar an nasc chun an seoladh atá luaite ar do cheadúnas a athrú
• Athrú Bainisteora Iompair - chun an bainisteoir iompair atá luaite ar do cheadúnas a athrú nó bainisteoir iompair breise a ainmniú
• Athrú Comhalta Ceadúnais - chun stiúrthóir / rúnaí / comhalta coiste a athrú ar do cheadúnas
• Athrú ar Ainm an Oibreora - chun ainm an oibreora atá luaite ar do cheadúnas a athrú (Nóta: Is féidir ainm an oibreora a athrú i gcás go gcláraíonn cuideachta athrú ó thaobh ainm na cuideachta, nó i gcás go n-athraíonn duine a n-ainm trí phósadh nó trí ghníomhas aonpháirtí. Ní féidir ceadúnas a aistriú chuig cuideachta eile nó chuig duine eile.)
Is féidir na foirmeacha a fháil ar www.rtol.ie
Doiciméid Idirnáisiúnta
Is féidir foirmeacha iarratais a íoslódáil le haghaidh na ndoiciméad seo a leanas maidir le hoibríochtaí iompair idirnáisiúnta ar www.rtol.ie:
• Ceadúnas Pobail
• Doiciméad um Chomhréireacht Táirgiúlachta
• Ceadúnas ECMT (Comhairle Eorpach na nAirí Iompair)
• Fianú Tiománaí
• Cead Déthaobhach
Ceadúnas Pobail
Ligeann an ceadúnas seo do shealbhóirí dul i mbun earraí a iompar ar an mbóthar go hidirnáisiúnta ar fruiliú nó ar luaíocht laistigh de bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus eisítear é in éineacht leis an gCeadúnas Idirnáisiúnta Oibreora Tarlaithe Bóthair. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Idirnáisiúnta Oibreora Tarlaithe Bóthair, téigh chuig www.rtol.ie
Doiciméid Ionaid
Chun doiciméid cheadúnais ionaid a fháil i gcás go gcailltear nó go ndíothaítear na doiciméid bhunaidh, téigh chuig www.rtol.ie Luaigh go soiléir ar an bhfoirm an doiciméad / na doiciméid atá ag teastáil:
• Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair
• Cóip Dheimhnithe de Cheadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair (feithicilsonrach)
• Ceadúnas Pobail
• Fíorchóip Dheimhnithe de Cheadúnas Pobail (feithicilsonrach)
• Diosca Iompair (feithicilsonrach)
Ceadúnas Sealadach
Cuireann an tAonad Ceadúnaithe Oibreora um Iompar Bóthair dhá chineál ceadúnais shealadaigh ar fáil:
Iarratas ar Cheadúnas in ionad Diosca Iompair i gcás cliste nó deisiúcháin feithicle
Oibritheoirí ceadúnaithe tarlaithe bóthair a dteastaíonn uathu feithicil ionaid a chur in áit feithicle údaraithe atá á deisiú, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Sealadach chun é a úsáid in áit an Diosca Iompair san fheithicil atá á deisiú agus is féidir é a úsáid i leith na feithicle ionaid sealadaí. Is féidir Ceadúnas Sealadach a eisiúint do shealbhóirí ceadúnais Náisiúnta nó Idirnáisiúnta, ach is díol suntais é nach bhfuil siad bailí ach amháin i gcás oibríochtaí laistigh d’Éirinn. Níl iontu ach ceadúnais shealadacha agus tá dianchosc ar iad a úsáid ar feadh tréimhse níos faide ná 21 lá. Chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig www.rtol.ie
Iarratas ar Chead Sealadach chun Oibríocht Tarlaithe Bóthair a choimeád ar siúl
I gcás go bhfaigheann sealbhóir Ceadúnais Oibreora Tarlaithe Bóthair bás nó go tarlaíonn sé, de bharr breoiteachta, nach féidir leis/léi leanúint ar aghaidh leis an oibríocht iompair, is féidir le duine atá páirteach sa ghnóthas iarratas a dhéanamh ar chead chun an oibríocht a choimeád ar siúl go ceann bliana ar a mhéad. Chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig www.rtol.ie