Ceapachán an tUas Áine Kerr mar Chathaoirleach Gaisce – Gradam an Uachtaráin
- Foilsithe: 7 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ceapachán an tUas Áine Kerr inniu mar Chathaoirleach nua ar Chomhairle Gaisce - Gradam an Uachtaráin ar feadh téarma trí bliana.
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire O’Gorman
“Tá ríméad orm duine chomh sár-oilte leis an Uas Kerr a cheapadh don phost tábhachtach seo. Is fiontraí agus craoltóir í an tUas Kerr a bhfuil duaiseanna buaite aici. Is ball reatha de Chomhairle Gaisce í agus chomh maith leis sin is í an Cathaoirleach í ar an gciste nuálaíochta sóisialta “Rethink Ireland” agus tionscnamh oideachais na gcailíní “An Tionscnamh Shona”. D’oibrigh sí le nuachtáin mhórbhileoige na hÉireann agus leis an gcraoltóir seirbhíse poiblí, le gnólachtaí nuathionscanta agus le hardáin, agus tá roinnt ghradam buaite aici. Dar leis an Uachtarán agus liom féin, is léiriú í ar na tréithe uile atá riachtanach don ról mar Chathaoirleach ar Chomhairle Gaisce”.
Nóta d’Eagarthóirí:
Gaisce - Is cuideachta faoi theorainn ráthaíochta é Gradam an Uachtaráin atá á rialú ag bord stiúrthóirí ar a thugtar an Chomhairle Gaisce.
Is clár féinfhorbartha do dhaoine óga é Gaisce a chuireann le muinín agus folláine trí rannpháirtíocht i ndúshláin phearsanta, fhisiciúla agus phobail. Is dúshlán é Gaisce atá tugtha go díreach ag Uachtarán na hÉireann do dhaoine óga idir 14-25 bliana d’aois chun brionglóidí móra a fhorbairt agus barr a gcumais a bhaint amach. Tá Gaisce neamhiomaíoch: spreagtar rannpháirtithe dá ngníomhaíochtaí agus dá gcuspóirí féin a roghnú le tacaíocht ó dhuine fásta, oilte i ról Cheannaire Gradaim an Uachtaráin (nó PAL).
Fís Ghaisce: Éire inar féidir le daoine óga brionglóidí móra a fhorbairt agus barr a gcumais a bhaint amach
Misean Ghaisce: Chun clár dearfach i dtaca le forbairt na hóige a sholáthar lena spreagtar agus lena treoraítear daoine óga le go bhfíoraítear ar na buanna agus na cumais atá acu ó dhúchas, chomh maith leis an mbraistint saoránachta agus gníomhaireachta sóisialta.
Tá Gaisce tiomanta ag na príomhchuspóirí seo a leanas:
• Cumhachtú;
• Ionchuimsitheacht agus Comhionannas;
• Meas; agus
• Barr Feabhais.
Tá ‘beart luachanna’ forbartha ag an eagraíocht ina leagtar amach: an bhrí atá le gach luach mar a bhaineann sé le Gaisce; spriocanna na heagraíochta maidir le gach aon luach; an cur chuige i leith na hoibre le cinntiú go bhfuiltear ag teacht le gach aon luach; agus ráiteas cleachtais, ina leagtar amach conas a léirítear gach luach sa chleachtas agus san iompar.
Tosaíochtaí Straitéiseacha Ghaisce don tréimhse 2022-2025:
COLÚN I: TÓG AR ÉACHTAÍ
Cuspóirí Straitéiseacha:
COMHIONANNAS ROCHTANA
1. Pointí rochtana ar Ghaisce a neartú do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste trí chlár éagsúlachta agus ionchuimsithe a sholáthraítear i suímh óige agus pobail.
2. Pointí rochtana ar Ghaisce a neartú do dhaoine óga thar an réimse iomlán oideachas iar-bhunscoile agus athdheise.
3. An chomhpháirtíocht Tionscnamh Chomhdhámhachtaine le Gradam an Diúic Dhún Éideann a neartú le cinntiú gur féidir le haon duine óg i dTuaisceart na hÉireann ar mian leo Gradam Gaisce a bhaint amach amhlaidh a dhéanamh.
SAORÁNACHT FHREAGRACH
1. Leanúint leis an ról ar leith atá ag Gaisce i dtaca le daoine óga a spreagadh chun a machnamh a dhéanamh ar an domhan mórthimpeall orthu agus é a cheistiú, mar aon leis an ról a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le sochaí atá níos cothroime agus níos córa a chruthú, agus iad sa tóir ar a nGradam.
2. Cuimsigh i nGaisce an tábhacht a bhaineann le ról na ndaoine óga mar ghníomhairí criticiúla a chothú, agus cumas abhcóideachta as cuimse acu maidir le haghaidh a thabhairt ar Spriocanna na Náisiúin Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe.
3. Gaisce a shocrú mar chlár bunriachtanach d’iar-bhunscoileanna agus d’ionaid oideachais ar mhaithe leis an Ráiteas Polasaí i dtaca le Folláine agus an Creat Cleachtais a sheachadadh.
AG OBAIR I gCOMHPHÁIRTÍOCHT
1. Tacaíocht, aitheantas agus luach a saothair a thabhairt do Cheannairí Ghradam an Uachtaráin (PALanna) agus Páirtithe Ghradaim Gaisce, lena leagtar béim ar thábhacht a róil i dtaca le tionchar dearfach a spreagadh do dhaoine óga.
2. Leanúint ar aghaidh ag cinntiú go bhfuil fáil ar Ghaisce ag aon duine óg ar mian leo páirt a ghlacadh ann agus iniúchadh a dhéanamh ar dheiseanna maidir le rochtain mhéadaithe, trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a bhunú leis an sochaí shibhialta.
COLÚN II: INIS ÁR SCÉAL
Cuspóirí Straitéiseacha
1. Próifíl Ghaisce in Éirinn a fheabhsú go suntasach, le béim ar leith ar luachanna na heagraíochta, atá mar bhonn faoin gclár Gradaim Gaisce.
2. An tionchar dearfach a bhaineann le rannpháirtíocht sna Gradaim Gaisce a léiriú, chomh maith le habhcóideacht a dhéanamh maidir leis an tábhacht a bhaineann le Forbairt Dhearfach na nÓg agus forbairt na féiniúlachta in idirghníomhaíochtaí le daoine eile, agus amhlaidh a chur cinn.
3. Dul i dteagmháil le rannpháirtithe agus dámhachtaithe Gaisce, ag baint tairbhe as a léargas, a dtaithí, a nguth agus a bhfuinneamh ar mhaithe lena spreagadh i dtreo a scéalta a insint faoin gcaoi ar bhain siad barr a gcumais amach, rud a bhfuil sé de chumas againn uile a dhéanamh.
COLÚN III: BARR FEABHAIS SA MHÉID A DHÉANAIMID
RANNPHÁIRTITHE
1. Rannpháirtithe a spreagadh i dtreo luachanna Gaisce a chur i bhfeidhm i ngach gné dá nGradam.
2. Cuir le feasacht na heagraíochta trí chluas éisteachta a thabhairt do dhaoine óga agus trí cheachtanna a fhoghlaim uathu tríd an mbaint agus an rannpháirtíocht atá acu leis an eagraíocht.
Soláthraíonn nach mór 1,500 PALanna an clár Gaisce, idir oibrithe agus daoine deonacha, i réimse eagraíochtaí ar fud na hÉireann. Tá trí leibhéal gradaim ann - Cré-Umha, Airgead agus Ór. Ó bunaíodh é i 1985, baineadh breis is 250,000 gradam amach ag gach leibhéal agus i ngach Contae in Éirinn agus, sa lá atá inniu ann, glacann nach mór 25,000 daoine óga páirt ann go bliantúil.
Foráiltear sna hAirteagail Chomhlachais gur cheart go mbeadh 15 ball ag an gComhairle Gaisce, atá ceapadh ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.