English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhnithe ag an Aire O’Gorman go bhfuil an próiseas roghnúcháin faoi lán seoil chun ocht seirbhís nua a chur ar fáil don aos óg i 2022 mar chuid de UBU D’Áit Do Spás

Inniu dheimhnigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas roghnúcháin maidir le hocht seirbhís nua a bheas ar fáil don aos óg.

Cuirfear maoiniú €120,000 don bhliain don seirbhís nua, is é sin a rá go mbeidh maoiniú thart ar €1m ar fáil san áireamh. Is iad na áiteanna nua atá ainmnithe faoi bhrat UBU D’Áit Do Spás ná Dún na nGall, Cabhán, Sligeach, Tiobraid Árann, Ciarraí, Clár agus Port Láirge.

Tá measúnú ar na riachtanais áitiúla déanta ag gach ceann de na Boird Oideachais agus Oiliúna sna áiteanna nua mar bhunú na seirbhísí nua agus tá gairm chun seirbhíse déanta ó gach ceann de na hocht mBord Oideachais agus Oiliúna le haghaidh soláthraí seirbhíse roghnaithe a earcú. Leis na hocht gcinn de sheirbhísí eile a bunaíodh i 2021, san iomlán beidh 16 seirbhís nua agus thart ar 2 milliún euro curtha ar fáil mar infheistíocht.

Dúirt an tAire O’Gorman:

“Bhí an-áthas orm go raibh mé in ann maoiniú breise a fháil chun cur leis an líon seirbhísí atá le fáil don aos óg. Is infheistíocht fhadtéarmach í mar thacaíocht don phobal, a fuair tacaíocht ó anailís a rinneadh ar na riachtanais atá ag teastáil agus a fuair tacaíocht ó na Boird Oideachais agus Oiliúna sna háiteanna.”

Tá bealach soiléir ar fáil dúinn anois ón gclár UBU D’Áit Do Spás le haghaidh seirbhísí nua a chruthú don aos óg sna ceantair a bhfuil gá leo. Táimid lán cinnte go gcabhróidh an infheistíocht seo go díreach leis an aos óg ina gceantair éagsúla.”

DEIREADH


Nótaí do hEagarthóirí:

Tá an próiseas roghnúcháin ó thaobh eagraíochtaí nua maoinithe agus iad a bheith faoi bhrat UBU D’Áit Do Spás beagnach críochnaithe. Faightear na sonraí a bhaineann leis seo in alt 5.7 i bpolasaí UBU D’Áit Do Spás agus sna Rialacha Oibriúcháin (http://ubu.gov.ie/). Mar chuid den phróiseas seo déanann an Bord Oideachais agus Oiliúna próifíl cheantair agus measúnú ar na riachtanais áitiúla, ina dhiaidh sin seoltar gach Bord gairm chun seirbhíse le haghaidh tairgeoir roghnaithe a roghnú agus caithfear faomhadh foirmeálta a fháil ón Roinn chun a bheith páirteach sa chlár UBU D’Áit Do Spás.

I 2022 seo iad na ceantair ina bhfuil próiseas ar siúl le haghaidh eagraíochtaí nua maoinithe faoi bhrat UBU D’Áit Do Spás a bhunú:

Bord Oideachais agus Oiliúna Ainm an Cheantair faoi Phróifíl An bhfuil gairm chun seirbhíse fógartha
Dún na nGall Iarthar Dhún na nGall
Cabhán agus Muineachán Limistéar Bhaile an Chabháin
Cill Chainnigh Ceatharlach- Muine Bheag agus an ceantar máguaird, Contae Cheatharlach
Maigh Eo, Sligeach, Liatroim Sligeach Theas
Tiobraid Árann Cluain Meala
Ciarraí Ciarraí Thuaidh (ceantair tuaithe)
Luimneach Clár Clár (ceantair tuaithe)
Port Láirge Loch Garman Dún Garbhán/Iarthar Phort Láirge