English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhógair an tAire O’ Gorman taighde ar theiripe thiontaithe a bheidh mar bhonn eolais le cosc ar an gcleachtas

· Tá taighde ar theiripe thiontaithe á dhéanamh ag Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

· Beidh an taighde mar bhonn eolais do reachtaíocht a chuirfidh toirmeasc ar theiripe thiontaithe a chleachtadh.

· Tugtar cuireadh do dhaoine aonair ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa staidéar teagmháil a dhéanamh leis an bhFoireann Taighde i gColáiste na Tríonóide.

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil taighde ar theiripe thiontaithe á dhéanamh ag foireann ó Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Is cleachtas teiripe thiontaithe is féidir a shainmhíniú mar chóireáil ar bith atá dírithe ar gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne duine a athrú. Bhí droch-chlú air go forleathan mar chóireáil leighis neamhéifeachtach agus díobhálach dóibh siúd a cuireadh an leigheas sin orthu.

Ag fógairt an taighde, dúirt an tAire O’Gorman:

“Ba mhaith liom a athdhearbhú tiomantas an Rialtais chun reachtaíocht a rith chun cosc a chur ar chleachtadh na teiripe tiontaithe. Cinnteoidh an taighde go mbeidh an reachtaíocht bunaithe ar fhianaise iontaofa agus bunaithe ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr.”

Tabharfaidh an staidéar taighde léargas ar an gcaoi a bhfeidhmíonn cleachtais teiripe tiontaithe in Éirinn. Dúirt an Dr Brian Keogh atá i gceannas ar an bhfoireann taighde:

“Cabhróidh agallaimh le daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar theiripe thiontaithe linn tuiscint a fháil ar an tionchar a bhí aige orthu agus an bhfuil aon iarmhairtí fadtéarmacha ann. Cabhróidh sé linn freisin a chinneadh cé hiad na daoine is leochailí maidir le cleachtas tiontaithe agus cad iad na cineálacha cleachtas atá i gceist.”

Áireofar sa staidéar freisin scrúdú ar an líon méadaitheach de litríocht taighde idirnáisiúnta sa réimse le déanaí.

Dúirt an tAire O’Gorman freisin:

“Bhuail mé le daoine a bhfuil taithí acu ar theiripe tiontaithe agus d’inis siad dom faoin éifeacht a bheadh ag cleachtas a fhéachann, ina chroílár, le baint a bhaint as féiniúlacht an duine rud a fhágann tráma buan ar an duine. Is céim thábhachtach tosaigh é an taighde atá á dhéanamh ag Coláiste na Tríonóide chun cosc a chur ar an gcleachtas cruálach seo in Éirinn.”

Is féidir le daoine ar mhaith leo tuilleadh eolais a fháil faoin staidéar nó ar mian leo páirt a ghlacadh dul i dteagmháil leis an bhfoireann taighde i gColáiste na Tríonóide ag conversiontherapy@tcd.ie.

An Deireadh


Nótaí

Is cleachtas é teiripe thiontaithe is féidir a shainmhíniú mar chóireáil ar bith atá dírithe ar gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne duine a athrú. Úsáidtear go leor cineálacha cur chuige éagsúla lena n-áirítear síciteiripe, cógais, teiripe leictrí-thritheamhach, cóireálacha dochmaitheacha agus díbirt deamhan. De ghnáth bíonn sé deacair sonraí nó staitisticí a fháil faoi leitheadúlacht na teiripe thiontaithe mar, i measc rudaí eile, is minic a dhéantar é faoi rún. Mar sin féin, meastar gur tairgeadh teiripe thiontaithe do 5% den phobal LADTI agus go ndeachaigh 2% faoi theiripe den sórt sin, ach tugann foinsí eile le fios go bhfuil na figiúirí seo i bhfad níos airde. Cháin Parlaimint na hEorpa teiripe thiontaithe LADTI go láidir agus d’iarr sí arís agus arís eile ar Bhallstáit cleachtais den sórt sin a thoirmeasc.

Tá gealltanas sa Chlár don Rialtas go ndéanfaí reachtaíocht chun deireadh a chur le cleachtas na teiripe thiontaithe. Léirítear an tiomantas uileghabhálach seo i Straitéisí náisiúnta LADTI+ na hÉireann. Foráiltear le Gníomh 8(b) sa Straitéis Náisiúnta Óige LADTI+ 2018 - 2020 do thoirmeasc ar “chur chun cinn nó a chleachtadh teiripe thiontaithe ag gairmithe sláinte in Éirinn” agus sa Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú LADTI+ 2019-2022 gealltar go gcinnteofar go ndéantar imscrúdú ar chleachtas theiripe thiontaithe in Éirinn agus déantar frithbhearta cuí ina dhiaidh sin (Gníomh 24. I).