English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman maoiniú faofa don Lá Náisiúnta Súgartha 2024

D’éirigh le 30 Údarás Áitiúil ina n-iarratas agus gheobhaidh gach ceann acu maoiniú de €3,000

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu go bhfuil €90,000 faofa chun tacú le Lá Náisiúnta Súgartha 2024.

I mbliana, is féidir Lá Náisiúnta Súgartha a bheith ar siúl ar aon lá nó meascán de laethanta idir 13 agus 21 Iúil (agus na laethanta sin san áireamh).

Tá sé mar aidhm ag an Lá Náisiúnta Súgartha, deiseanna súgartha a chur chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na tíre, agus is é téama na bliana seo ná ‘Am chun Súgartha!’. Aithníonn an téama seo an tábhacht a bhaineann le deiseanna spraíúla laethúla, a chruthú agus páirt a ghlacadh iontu.

Fuair an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige iarratais ar an maoiniú seo ó 30 Údarás Áitiúil. Cháiligh gach iarratasóir don uasmhéid maoinithe a bhí ar fáil - €3,000 in aghaidh an Údaráis Áitiúil.

Cuirfidh an maoiniú ar chumas na nÚdarás Áitiúil deiseanna súgartha a sholáthar do réimse éagsúil leanaí agus daoine óga sa phobal.

I measc na nithe a gcuirfear maoiniú ar fáil díobh, tá pacaí súgartha gníomhacha a dhíríonn ar roinnt leanaí faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear; leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, leanaí atá i mbaol díothachta súgartha agus leanaí i gcóiríocht shealadach. Tá siad seo ar bun, chomh maith le héagsúlacht imeachtaí pobail amuigh faoin aer ar fud na tíre.

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá níos mó ná lá spraoi ag baint leis an Lá Náisiúnta Súgartha, is ceiliúradh é ar an ról bunúsach atá ag Súgradh inár saol ar fad. Ón súgradh, foghlaimíonn leanaí conas an domhan a nascleanúint agus a scileanna sóisialta a fhorbairt. Tá súgradh riachtanach dá bhfás fisiceach, mothúchánach agus cognaíocha.

Trí lá a thiomnú don súgartha, tá an tábhacht a bhaineann leis á thabhairt faoi deara againn, agus táimid ag spreagadh pobail le teacht le chéile agus am a chaitheamh ag súgradh”.


Nótaí don Eagarthóir:

Tá sé mar aidhm ag an Lá Náisiúnta Súgartha deiseanna súgartha a chur chun cinn do leanaí ar fud na tíre. Fuair an RLCMLÓ iarratais ó 30 Údarás Áitiúil agus chomhlíon gach ceann díobh an caighdeán chun maoiniú a dhámhachtain. Gheobhaidh gach Údarás Áitiúil a rinne iarratas faoin scéim deontais sin maoiniú de €3,000.

Cuireann an deontas Lá Náisiúnta Súgartha cistí ar fáil d’Údaráis Áitiúla chun deis a thabhairt dóibh deiseanna súgartha agus áineasa a chruthú agus a óstáil do leanaí agus do dhaoine óga ina bpobail.

Is féidir le hÚdaráis Áitiúla maoiniú don Lá Náisiúnta Súgartha a úsáid freisin chun pacaí súgartha a cheannach agus a dháileadh ar leanaí agus daoine óga. Tá na pacaí súgartha seo dírithe ar leanaí sa phobal i gcoitinne chomh maith le leanaí a bhféadfadh níos lú deiseanna súgartha a bheith acu.

I mbliana, d’éirigh le 30 údarás áitiúil iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim seo; tá sonraí na n-iarratas seo le fáil anseo.