English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman sonraí an phlean píolótach ‘Beart Beag an Linbh’: Bronntanas ón Stát do lanúnacha atá ag súil le páiste agus do naoináni nuabheirthe

· Beidh Beart Beag an Linbh le triail ar bhonn píolótach le 500 lánúin atá ag súil páiste agus naoináin nuabheirthe níos déanaí i mbliana, i gcomhar le hOspidéal an Rotunda agus Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge

· Foilsíodh an t-Iarratas ar Thairiscintí inniu chun Gníomhaire Bainistíochta Beart Beag an Linbh a cheapadh

· Foilseofar an t-Iarratas ar Thairiscintí chun Comhpháirtí Measúnaithe Beart Beag an Linbh a cheapadh lníos déanaí an samhradh seo

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu na sonraí faoin bplean chun an ‘Beart Beag an Linbh’ a phíolótú le 500 lánúin atá ag súil páiste agus naoináin nuabheirthe níos déanaí i mbliana. Tabharfar faoin gclár píolótach i gcomhar le hOspidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath agus Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge.

Tionscnamh faoin gCéad 5, Straitéis Uile-Rialtais do Naoináin, Leanaí agus a gcuid Teaghlach 2019-2028 is ea Beart Beag an Linbh, dea-bhronntanas ón Stát don teacht is déanái sa teaghlach a aithníonn an suntais agus áthas a mbaineann leis an ócáid do thuismitheoirí.

Beidh Beart Beag an Linbh lán le raon príomh-earraí, lena n-áirítear míreanna súgartha d'fhonn cumarsáid agus cairdreamh luath a spreagadh, earraí tí chun cabhrú le folcadh sábháilte agus le codladh sábháilte, chomh maith le raon earraí eile chun cabhrú leis na tuismitheoirí nua tar éis na breithe.

Ceaptar go gcuirfear tús leis an gclár píolótach san fhómhar.

Agus é deartha chun sláinte agus folláine na naoinán nuabheirthe a chur chun cinn agus chun cabhrú le tuismitheoirí sna chéad laethanta agus seachtainí de shaol an linbh, spreagadh Beart Beag an Linbh ag tionscnaimh rathúla mar an gcéanna in Albain agus san Fhionlainn.

Agus trácht á dhéanamh aige ar na pleananna, dúirt an tAire O’Gorman:

“Chonaiceamar a leithéid tionscnaimh ag éirí go maith leo in Albain agus san Fhionlainn agus, mar sin, tá an-áthas orm na pleananna i leith phíolótú Beart Beag an Linbh a a fhógairt, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe – Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath agus Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge.

“Séard atá i gceist le Beart Beag an Linbh ná bronntanas fáilte a thabhairt do gach leanbh nua in Éirinn agus, ag an am céanna, tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil dá dtuismitheoirí agus iad ag dul i ngleic leis na seachtaine agus leis míonna tosaigh ar leith i saol a gcuid leanaí.”

Tá próiseas an tsoláthair ar siúl faoi lathair maidir le Ghníomhaire na Bainistíochta um Bheart Bheag an Linbh, tar éis an t-Iarratas ar Thairiscintí a fhoilsiú ar etenders.gov.ie. Foilseofar an t-Iarratas ar Thairiscintí i leith Chomhpháirtí an Mheasúnaithe um Bheart Bheag an Linbh níos déanaí an samhradh seo, a scrúdóidh oiriúnacht Beart Beag an Linbh lena chur i bhfeidhm níos leithne.

Déantar scéim phíolótach ‘Beart Beag an Linb’ á maoiniú faoi Chiste na gCuntas Díomhaoin.