Fógraíonn an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, maoiniú €23m do thionscadail chaipitil le haghaidh míchumais in 2024
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 11 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Seirbhísí do Leanaí, Seirbhísí Lae agus Saoráidí Faoisimh go léir chun infheistíocht a fháil
- An chéad Phlean Straitéiseach Caipitil le haghaidh Míchumais riamh le forbairt
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, gur leithdháileadh maoiniú €23m ar thionscadail chaipitil le haghaidh míchumais in 2024. D’iarr an tAire Rabbitte ar FSS freisin an chéad Straitéis Caipitil ilbhliantúil a bhainfidh go sonrach le míchumas a fhorbairt.
Is toradh é an leithdháileadh sin ar fhorbairt an Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Míchumais 2024-2026, a seoladh i mí na Nollag 2023. Léiríonn an Plean Gníomhaíochta an chéad chéim de chur i bhfeidhm na moltaí a tugadh san Athbhreithniú ar Chumas Míchumais agus tá spriocanna uaillmhianacha ann maidir le leathnú seirbhíse, chomh maith le bealach chun seirbhísí a dhéanamh níos dírithe ar an duine, de réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (CNACDM).
Chun tacú le haidhmeanna an Phlean Ghníomhaíochta, d’iarr an tAire ar FSS freisin Straitéis Caipitil ilbhliantúil a bhainfidh go sonrach le míchumas a fhorbairt i mbliana. Leis an Straitéis, a bheidh á treorú ag comhairliúchán earnála, sainaithneofar na riachtanais bhonneagair ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha a bhaineann le seirbhísí míchumais. Tá acmhainní tiomnaithe, lena n-áirítear Stiúrthóir Cúnta Náisiúnta do Chaipiteal Míchumais in FSS, á gcur i bhfeidhm, rud a chuirfidh le forbairt na Straitéise seo agus a dhéanfaidh clár oibreacha méadaithe a chomhordú agus a sheachadadh.
Dúirt an tAire Rabbitte:
“Cloch mhíle thábhachtach an lá inniu maidir le tiomantas an Rialtais d’infheistíocht i dtionscadail chaipitil le haghaidh míchumais a mhéadú agus d’fhorbairt na Straitéise Caipitil a bhaineann go sonrach le míchumas, an chéad straitéis dá leithéid a bhí ag FSS riamh.
“Áirítear leis an leithdháileadh suntasach de €23m, soláthar tithíochta do dhaoine a bhogann amach ó láithreacha comhchónaithe, tógáil agus athchóiriú saoráidí do Sheirbhísí do Leanaí, do Sheirbhísí Lae agus do Sheirbhísí Faoisimh.
“Idir an dá linn, cabhróidh an straitéis caipitil le haghaidh míchumais seo go mór linn infheistíocht i seirbhísí míchumais sna blianta amach romhainn a fhorbairt agus a chinntiú go seachadfar tionscadail in am, de réir an bhuiséid agus go mbainfear luach airgid amach. Tá súil agam freisin go leagfaidh an léarscáil straitéise conairí soiléire amach maidir le conas is féidir linn tacú le forbairt na dtionscadal caipitil do sholáthraithe Alt 39.”
Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maidir le leathnú seirbhísí cónaithe, seirbhísí lae, seirbhísí do leanaí agus saoráidí faoisimh faoin bPlean Gníomhaíochta, a éilíonn infheistíocht chaipitil straitéiseach chuí chun an bonneagar riachtanach a sholáthar.
I measc na dtionscadal a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh dul chun cinn a dhéanamh in 2024, tá:
Contae | Saoráid | Cur Síos Gairid | Céim |
Ceatharlach | Holy Angels, Garrán Kelvin, Ceatharlach | Foirgneamh nua do Sheirbhísí Teiripe do Leanaí, lena n-áirítear saoráid réamhscoile agus linn teiripe. | Féidearthacht Dearaidh/ Dearadh |
Dún na nGall | Cleary Centre, Baile Dhún na nGall | Saoráid nua Seirbhísí Lae do Dhaoine Fásta atá faoi Mhíchumas Intleachta | Dearadh Mionsonraithe |
Baile Átha Cliath | Adelphi House, An Cuarbhóthar Thuaidh. | Iostas do 4 Leaba Faoisimh agus Mol Seirbhísí Lae ar leith do dhaoine fásta a bhfuil uathachas orthu. | Tógáil |
Baile Átha Cliath | An Chabrach | Soláthar iostas faoisimh 4 leaba do leanaí. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Baile Brigín | Láthair foirgnimh nua d’Fhoireann Líonra Míchumais na Leanaí (FLML). | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Cill Bharróg | Láthair nua ag teastáil chun FLML a chomhdhlúthú. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | St Michael’s House, Ráth Eanaigh | Athchóiriú agus síneadh molta ar an bhfoirgneamh atá ann cheana féin ag St Michael’s House, Ionad Lae do Dhaoine Fásta, Ráth Eanaigh. | Dearadh Mionsonraithe, Tógáil |
Laois | Port Laoise | Áit Chónaithe sa Phobal do 4 chliant atá faoi Mhíchumas Intleachta. | Breithmheas/ Dearadh Mionsonraithe |
Liatroim | Cora Droma Rúisc | Cóiríocht nuathógtha le haghaidh faoisimh do dhaoine fásta faoi mhíchumas.. | Dearadh Mionsonraithe/ Tógáil |
Maigh Eo | Béal an Átha | Ceannach agus athchóiriú réadmhaoine le haghaidh seirbhísí Faoisimh do dhaoine faoi Mhíchumas. | Tairiscint |
Port Láirge | St Otteran’s | Saoráid Teiripe nua do Leanaí ag St Otteran’s chun seirbhísí teiripe do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu a éascú. | Dearadh Mionsonraithe/ Tairiscint |
Tá an Clár um Dhí-chomhchónaí le forbairt freisin; bogadh daoine ó láithreacha comhchónaithe go hionaid chónaithe níos lú sa phobal (1-4 duine).
Go dtí seo, cuireadh 130 réadmhaoin ar fáil chun na críche sin agus tá 29 réadmhaoin eile ar na bacáin chun socruithe maireachtála pobalbhunaithe a leathnú tuilleadh do dhaoine faoi mhíchumas agus chun cabhrú le hÉirinn a cuid oibleagáidí faoin CNACDM a bhaint amach. Tá sé seo sa bhreis ar an gcur chuige a mholann socruithe maireachtála príomhshrutha a roghnú ar dtús. Leis an gcur chuige sin, oibríonn an FSS agus Sainghníomhaireachtaí Deonacha do Dhaoine faoi Mhíchumas le hÚdaráis Áitiúla chun rochtain a fháil ar thithíocht i bpobail nuair is féidir. Tá sé sin ag teacht leis an Straitéis Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, agus tá sé sa bhreis ar úsáid na Scéime Cúnaimh Caipitil agus na Saoráide Réamhléasaithe Caipitil.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
In 2023, caitheadh €15.6m ar chaipiteal míchumais. Leithdháileadh an tsuim is mó den €15.6m sin ar an gclár um dhí-chomhchónaí. Caitheadh beagnach €6m chun tithíocht laistigh den phobal a thabhairt ar aghaidh do dhaoine a bhí ag bogadh amach ó láithreacha comhchónaithe. Caitheadh €5.2m breise ar cheannach, tógáil agus athchóiriú saoráidí do Sheirbhísí Leanaí, do Sheirbhísí Lae agus do shaoráidí Faoisimh. Caitheadh €4m ar shábháilteacht ó dhóiteán, mionchaipiteal agus uasghrádú bonneagair lena chinntiú gur féidir le seirbhísí oibriú go sábháilte agus cloí le rialacháin.
I ndiaidh d’aistriú seirbhísí míchumais ón Roinn Tithíochta don RLCMLÓ i Márta 2023, tá an maoiniú caipitil ar fad a chuireann an RLCMLÓ imfhálaithe do thionscadail mhíchumais amháin, agus é mar aidhm ag an Roinn seirbhísí míchumais a leathnú agus a athrú ó bhonn chun freastal ar riachtanais reatha agus ar riachtanais amach anseo.
Léiríonn Plean Caipitil FSS 2024 na tosaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus iad siúd atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Míchumais 2024-2026 (mionsonraithe thíos). Tá RLCMLÓ i dteagmháil faoi láthair le FSS chun forbairt Straitéis Caipitil ilbhliantúil a bhaineann go sonrach le míchumas a chur chun cinn le linn 2024, rud a sainaithneoidh na riachtanais bhonneagair meántéarmacha atá ag teastáil do sheirbhísí míchumais.
I measc aidhmeanna Phlean Caipitil reatha FSS maidir le seirbhísí míchumais tá;
- €23m a chur ar fáil chun tacú le sainseirbhísí míchumais pobalbhunaithe
- Píblíne tionscadail caipitil le haghaidh míchumais a mhéadú
- Leanúint ar aghaidh le haistriú daoine ó shuíomhanna institiúideacha go seirbhísí pobalbhunaithe de réir an bheartais Am chun Bogadh ar Aghaidh ó Láithreacha Comhchónaithe
- Leanúint ar aghaidh le rannpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le comhlachtaí tithíochta ceadaithe chun leas a bhaint as maoiniú breise ón Rialtas tríd an Scéim Cúnaimh Caipitil
- Seachadadh seirbhíse míchumais a chumasú trí chóiríocht a sholáthar d’fhoirne líonra míchumais, teiripe agus seirbhísí lae
I measc na bhforbairtí caipitil atá beartaithe ag FSS do 2024 tá tionscadail a sholáthraíonn cóiríocht d’fhoirne líonra míchumais, forbairt saoráidí Seirbhísí Lae ar fud na tíre, feistiú tithe cónaithe agus faoisimh do dhaoine fásta agus leanaí agus tionscadail chónaithe eile.
Seo a leanas liosta de na tionscadail mhíchumais atá san áireamh leis an bPlean Caipitil faoi láthair. Cuirfear leis an liosta de réir mar a chaitear an bhliain.
Contae | Suíomh | Cur síos ar an Tionscadal | Céim an Tionscadail |
Dún na nGall | Cleary Centre, Baile Dhún na nGall | Saoráid nua Seirbhísí Lae do Dhaoine Fásta atá faoi Mhíchumas Intleachta | Breithmheas |
Sligeach | Baile an Mhóta | Tógáil foirgnimh nua le húsáid mar sheirbhísí um chúram Lae do Shligeach/ Liatroim. Tá an foirgneamh seo chun na seirbhísí atá á soláthar ag an gClár Trasdula IONA faoi láthair a athlonnú go foirgneamh ar léas ag Cregg House. | Breithmheas |
Liatroim | St Patrick’s Community Hospital, Cora Droma Rúisc | Áit chónaithe nuathógtha le haghaidh faoisimh do dhaoine fásta faoi mhíchumas (18-28 bliain). Ceithre sheomra leapa (trí en suite), dhá sheomra suí, cistin agus seomra bia etc. chomh maith le hárasán leapa amháin tadhlach. | Breithmheas |
Ceatharlach | Kelvin Grove, Ceatharlach | Tógáil nua do Sheirbhísí Teiripe Leanaí (Holy Angels), lena n-áirítear saoráid réamhscoile agus linn teiripe, do leanaí 0-18 a bhfuil riachtanais chasta acu i suíomh atá faoi úinéireacht an FSS i gCeatharlach. | Féidearthacht Dearaidh |
Cill Mhantáin | St. Otteran’s | Saoráid nua Teiripe Leanaí St Otteran’s chun seirbhísí teiripe a éascú do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais chasta acu (lena n-áirítear Sacred Heart Centre). | Dearadh Mionsonraithe |
Baile Átha Cliath | An Clinic Lárnach Íocshláinteach, Cluain Dolcáin | Tógáil saoráide saintógtha nua chun cur in ionad na cóiríochta atá ann cheana féin agus seirbhísí míchumais cliniciúla a sholáthar do leanaí agus do dhaoine fásta, lena n-áirítear Teicneolaíocht Chúnta, Suíocháin Speisialaithe agus sainseirbhísí eile. | Breithmheas |
Contaetha Éagsúla | Suíomhanna Éagsúla | Sraith suíomhanna atá á meas do Sheirbhísí Lae Míchumais laistigh d’Eagraíocht Sláinte Pobail (ESP) 7. | Breithmheas |
Port Laoise | Aghaidh an Chairn | Áit chónaithe athsholáthair sa Phobal (ceannach) do 4 chliant atá faoi Mhíchumas Intleachta | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Bóthar Pháirc na nGrás, Droim Conrach, Cathair Bhaile Átha Cliath | Childvision Campas Barr Feabhais don Lucht Lagamhairc a fhorbairt | Féidearthacht Dearaidh |
Baile Átha Cliath | An Clinic Lárnach Íocshláinteach, Cluain Tarbh | Athfhorbairt Saoráidí um Chlinic Lárnach Íocshláinteach atá ann cheana féin, Oibreacha Sábháilteachta Dín agus Dóiteáin | Féidearthacht Dearaidh |
Baile Átha Cliath | Bóthar Ráth Béil, Sord | Aonad Seirbhíse Lae Dian-tacaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas - chun seirbhísí lae a sholáthar do leanaí atá ag dul isteach i seirbhísí aosach trí sheirbhísí lae ardchaighdeáin, duinelárnacha a sholáthar a chuireann saoránacht ghníomhach gach úsáideoir seirbhíse chun cinn. | Dearadh Mionsonraithe |
Baile Átha Cliath | An Chabrach | Cóiríocht chun faoiseamh leanaí a sholáthar ina bhfuil seomraí codlata, seomra suí agus spásanna áineasa, agus árasán ar leith i stíl stiúideo le bealach isteach ar leith. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Suíomh le deimhniú laistigh de Lár Chathair Bhaile Átha Cliath Thuaidh | Aonad Seirbhíse Lae Dian-tacaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas - chun seirbhísí lae a sholáthar do leanaí atá ag dul isteach i seirbhísí aosach. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Baile Bhlainséir (láithreán le dearbhú) | Foirgneamh nua chun freastal ar líon méadaithe na foirne, foireann atá fós á méadú. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Cill Bharróg (láithreán le dearbhú) | Láthair nua ag teastáil chun FLML a chomhdhlúthú a bhfuil cónaí orthu i láithreacha ar leith faoi láthair. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | An Chabrach/ Gráinseach, Campas Avista | Athchóiriú agus síneadh ar an tsaoráid atá ann cheana féin ar Champas Avista chun freastal ar an bhfoireann reatha. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | St Michael’s House, Ráth Eanaigh | Athchóiriú agus síneadh molta ar an bhfoirgneamh atá ann cheana féin ag St Michael’s House iostas a thabhairt do cheathrar úsáideoir seirbhíse breise. Ceadóidh an foirgneamh sínte freisin d’athlonnú Ionad Áitiúil na Gráinsí Móire isteach san fhoirgneamh céanna agus éascóidh sé méadú ar a n-úsáideoirí | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Gairdíní Pháirc an Bhailtín, Bóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 7 | Forbraíocht chun freastal ar Dhianseirbhís Lae (360 méadar cearnach) chun déagóirí agus daoine fásta óga a mhúineadh conas tascanna laethúla a dhéanamh agus iad a ullmhú le dul isteach ina saol aosach ina dtithe agus ina bpobal. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Baile Brigín (Suíomh le dearbhú) | Láthair nuathógtha d’Fhoireann Líonra Míchumais na Leanaí (FLML) le cur in ionad na seirbhíse ilroinnte agus chun cloí le Samhail Seirbhíse nasctha atá dírithe ar an duine. | Breithmheas |
Contaetha Éagsúla | Suíomhanna Éagsúla | Sraith suíomhanna atá á meas do Sheirbhísí Lae Míchumais laistigh d’Eagraíocht Sláinte Pobail 9. | Breithmheas |
Baile Átha Cliath | Ashgrove House, Bóthar na hUaimhe | Athchóiriú an fhoirgnimh atá ann cheana féin chun athsholáthar na Seirbhísí Meicniúla agus Leictreacha (lena n-áirítear TFC agus córais Sábháilteachta Dóiteáin Gníomhacha) a chur san áireamh, uasghrádú ar Chreatlach an Fhoirgnimh agus córais teasa/fuinnimh. | Breithmheas |
Náisiúnta | Suíomhanna Éagsúla | Leithdháileadh Caipitil chun uasghrádú a dhéanamh ar shaoráidí cónaithe do dhaoine faoi mhíchumas chun caighdeáin HIQA a chomhlíonadh i.e. Clár um Dhí-chomhchónaí | Céimeanna Éagsúla |
Náisiúnta | Náisiúnta | Leithdháileadh náisiúnta um Shábháilteacht ó Dhóiteán in áitribh chónaithe pobail (Míchumas) | Breithmheas |
Maigh Eo | Béal an Átha | Ceannach agus athchóiriú réadmhaoine le haghaidh seirbhísí Faoisimh do Dhaoine faoi Mhíchumas | Tairiscint |
Ina theannta sin, cuimsíonn an plean seacht dtionscadal um Chúram Pobail a bhaineann le Míchumas.
Réigiúin Sláinte | Suíomhanna | Cur síos ar an Tionscadal | Céim |
ESP 1 | Cavan Lower agus Sliabh Sneachta, Co. Dhún na nGall; Glencorran, Co. an Chabháin; Ard Fhlaitheartaigh agus Hadanem House, Co. Shligigh | Sé aonad ag céimeanna éagsúla ceannacháin/ athchóirithe chun freastal ar riachtanais tithíochta do dhaoine aonair atá ag aistriú ó láithreacha comhchónaithe | Seachadadh Céimnithe 2024 |
ESP 3 | Pailís Ghréine, Co. Luimnigh; agus Dún Cairin, Co. Uíbh Fhailí | Ceithre aonad ag céimeanna éagsúla ceannacháin/ athchóirithe / foirgneamh nua chun freastal ar riachtanais tithíochta do dhaoine aonair atá ag aistriú ó láithreacha comhchónaithe | Seachadadh Céimnithe 2024 |
ESP 4 | An Teach Síorghlas, Cathair Chorcaí; Ard Móiníl agus Céide Chúil Chloichir , Co. Chiarraí | Trí aonad ag céimeanna éagsúla ceannacháin/ athchóirithe chun freastal ar riachtanais tithíochta do dhaoine aonair atá ag aistriú ó láithreacha comhchónaithe | Seachadadh Céimnithe 2024 |
ESP 5 | Avalon agus Ballycogley House, Co. Loch Garman | Dhá aonad ag céimeanna éagsúla ceannacháin/ athchóirithe chun freastal ar riachtanais tithíochta do dhaoine aonair atá ag aistriú ó láithreacha comhchónaithe | Seachadadh Céimnithe 2024 |
ESP 6 | Coirnéal an Bháicéaraigh, Bóthar na Potaireachta, Dún Laoghaire | Athchóiriú agus uasghrádú ar aonad (réadmhaoin de chuid an FSS) ag Coirnéal an Bháicéaraigh chun Aonad Faoisimh Míchumais a chruthú. | R2 2024 Seachadadh Measta |
ESP 6 | Hollybrook Park, Co. Chill Mhantáin | Aonad ceannaigh/ athchóirithe amháin chun freastal ar riachtanais tithíochta do dhaoine aonair atá ag aistriú ó láithreacha comhchónaithe | Seachadadh Céimnithe 2024 |
ESP 7 | Páirc na Mainistreach, Co. Chill Dara | Aonad ceannaigh/ athchóirithe amháin chun freastal ar riachtanais tithíochta do dhaoine aonair atá ag aistriú ó láithreacha comhchónaithe | Seachadadh Céimnithe 2024 |
Seoladh an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Míchumais 2024 – 2026, arna fhorbairt ag an Grúpa Oibre idir-rannach i mí na Nollag 2023 agus is ionann é agus an chéad chéim de chur i bhfeidhm an Athbhreithnithe ar Chumas Míchumais go 2032.
Is iad seo a leanas na príomhfheabhsuithe seirbhíse atá beartaithe do 2024-26 a dtugtar aghaidh ar an gcaiteachas fógartha orthu:
Seirbhísí Lae do Dhaoine Fásta
- timpeall 1,200 áit seirbhíse lae breise ar an meán gach bliain chun áiteanna a chinntiú do lucht fágála scoile a dteastaíonn siad uathu
Seirbhísí Faoisimh
- leathnú leanúnach ar sheirbhísí faoisimh, lena n-áirítear roghanna cónaithe eile
Seirbhísí Cónaithe
- 500 áit chúraim chónaithe pobalbhunaithe nua le cur in ionad cúraim mhíchumais i suíomhanna móra institiúideacha agus campais, d’fhonn deireadh a chur leis an gcineál sin soláthair faoi 2030
- timpeall 900 áit chúraim chónaithe bhreise chun dul i ngleic le riachtanais nach bhfuiltear ag freastal orthu agus a chinntiú go gcoimeádann an soláthar cothrom le hathrú déimeagrafach
- tacaíocht a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeidh teacht acu ar mhaireachtáil neamhspleách thacaithe
- tacaíochtaí a sholáthar chun cónaí sa bhaile, d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le cúram fadtéarmach i dteach altranais do dhaoine óga faoi mhíchumas