English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Faomhann an rialtas comhaontú ceadúnais chun Óstán agus Ionad Comhdhála Citywest a úsáid

Thug an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, meamram don Rialtas ar 31 Bealtaine ag tabhairt nuashonraithe ar théarmaí deiridh an chomhaontaithe ceadúnais chun Óstán agus Ionad Comhdhála Citywest a úsáid chun cuidiú leis an bhfreagairt Uile-Rialtais ar ghéarchéim dhaonnúil na hÚcráine.

D’fhaomhaigh an Rialtas an cinneadh chun léas dhá bhliain a dhéanamh chun úsáid a bhaint as gach ceann de na 764 seomra san óstán agus freisin chun an t-ionad comhdhála a úsáid mar mhol iompair.

Tá an tIonad Comhdhála i Citywest á úsáid faoi láthair mar phríomhmhol próiseála agus iompair d’aerfort Bhaile Átha Cliath agus do dhaoine atá ag teacht isteach ag calafort Bhaile Átha Cliath atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht san Úcráin. Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Coimirce Sóisialaí tar éis a n-oibríocht aerfoirt a aistriú go dtí an mol iompair freisin.

Feidhmíonn an tIonad ar bhonn 24/7 agus tá roinnt eagraíochtaí eile i láthair ar an láthair lena n-áirítear, Tús Níos Fearr, FSS, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus Ionad Saorálaithe Bhaile Átha Cliath Theas. Ciallaíonn sé seo go bhfuil gach tacaíocht láithreach riachtanach comhlonnaithe anois i Citywest, lena n-áirítear limistéar scíthe thar oíche, rud a fhágann go bhfuil an teacht isteach tosaigh níos compordaí do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.

Chun tuilleadh eolais a fháil lean an Item was unpublished or removed

CRÍOCH