Foilsíonn an tAire O’Gorman Treoirlínte chun Tacú le Lánpháirtíocht Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i dTimpeallachtaí Luathfhoghlama, Scoile & Cúraim Leanaí.
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’ Gorman, Treoirlínte Tosaigh inniu chun Tacú le Lánpháirtíocht Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i Luathfhoghlaim agus Cúram, Cúram Leanaí in Aois Scoile agus Timpeallachtaí Fheighlíocht Leanaí.
Is le haghaidh oideoirí luathbhlianta, cleachtóirí chúram leanaí in aois scoile agus feighlithe leanaí a oibríonn faoi láthair chun tacú le lánpháirtíocht fhiúntach leanaí a bhfuil uathachas orthu i luathfhoghlaim agus cúram, cúram leanaí in aois scoile agus timpeallachtaí fheighlíocht leanaí atá na Treoirlínte.
Is cuid de shraith tacaíochtaí níos leithne atá comhchoiteann agus dírithe faoin tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) a dearadh lena chinntiú go mbeidh rochtain ag leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais bhreise acu ar an gclár COLÓ agus ar thimpeallachtaí luathfhoghlama agus cúraim níos leithne agus a bheith rannpháirteach iontu.
Comhlíontar leis na Treoirlínte gealltanas sa Straitéis Náisiúnta Nuálaíochta um Uathachas, a seoladh le déanaí, agus a bhfuil sé mar aidhm aici aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus bacanna saincheaptha atá roimh dhaoine a bhfuil uathachas orthu sa tsochaí agus ar fud an chórais phoiblí.
Gach bliain baineann 2,735 seirbhís tairbhe as tacaíochtaí AIM.
Ag labhairt dó inniu faoi na Treoirlínte Náisiúnta, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá ríméad orm foilsiú na dTreoirlínte Náisiúnta a fhógairt chun tacú le Lánpháirtíocht Leanaí a bhfuil Uathachas orthu i Luathfhoghlaim agus Cúram agus Timpeallachtaí Chúram Leanaí in Aois Scoile.
“Nuair atá na hoideoirí luathbhlianta agus cleachtóirí aois scoile go hiomlán ar an eolas maidir lena ról i lánpháirtíocht ghníomhach, tosaíonn leanaí atá néara-éagsúil agus a dteaghlaigh siúd a bheith lánpháirteach go fiúntach i dtimpeallachtaí foghlama.
“Is cuid den tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) iad na Treoirlínte seo ar sraith tacaíochtaí agus acmhainní iad lena dtacaítear le lánpháirtíocht leanaí sa chlár COLÓ agus níos mó.
“Tá súil agam go gcabhraíonn na Treoirlínte le hoideoirí luathbhlianta agus cleachtóirí chúram leanaí in aois scoile leis an ról tábhachtach atá acu chun tacú le cuimsiú gach leanbh ina dtimpeallacht siúd.”
Ag cur fáilte roimh fhoilsiú na dtreoirlínte seo, dúirt an tAire Stáit le freagracht as an Míchumas, Anne Rabbitte:
“Cuirim fáilte is fiche roimh na Treoirlínte seo dóibh siúd a oibríonn lenár leanaí is óige. Is iadsan a chuireann gníomh le Straitéis Nuálaíochta um Uathachas ár Roinne in iúl.
“Oibreoidh an Straitéis seo go dian mar fhreagairt ar, agus chun taithí saoil na ndaoine a bhfuil uathachas orthu, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí siúd a fheabhsú, lena gcinntítear go dtabharfar aghaidh ar a ndúshlán agus bacanna go sásúil agus lena bhfeabhsaítear tuiscint agus glacadh i leith an uathachais sa tsochaí agus ar fud an chórais phoiblí.
“Is sampla de ghníomh soiléir a d’fhéadfaí dul i bhfeidhm go mór ar shaol leanaí iad na treoirlínte seo do luathfhoghlaim agus cúram.”