Glao maoinithe Éire i gCoinne an Chiníochais fógartha ag an Aire Joe O'Brien
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tá €1,000,000 á chur ar fáil do ghrúpaí iarrthacha atá ag feidhmiú ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne an Chiníochais.
- Is é cuspóir foriomlán an chiste seo maoiniú a chur ar fáil do thionscadail náisiúnta agus réigiúnacha, chomh maith le tionscnaimh áitiúla, arb é is aidhm dóibh ciníochas a chomhrac agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú.
- Tá an scéim deontais oscailte d'iarratais ó eagraíochtaí neamh-rialtais agus eagraíochtaí pobail atá ann cheana féin a bhfuil fócas ar leith acu ar thionscnaimh fhrithchiníochais.

D'fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Lánpháirtíocht agus Carthanais, Joe O'Brien, inniu gur féidir iarratais a dhéanamh anois ar mhaoiniú ón gCiste Éire i gCoinne an Chiníochais.
Is gné thábhachtach é glao maoinithe Éire in aghaidh an Chiníochais chun tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne an Chiníochais, a foilsíodh an 21 Márta 2023. Eascraíonn an glao maoinithe as Gníomh 2.14 den phlean ina luaitear: ''Maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh náisiúnta agus áitiúla a bhfuil sé mar aidhm acu ciníochas a chomhrac agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú, chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean seo agus le baint amach a chuspóirí''.
Agus an ciste á fhógairt aige, dúirt an tAire O'Brien:
"Tagann an glao maoinithe a fógraíodh inniu sna sála ar sheoladh an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais ar an 21 Márta, agus aithníonn sé an gá atá le tacaíocht thiomnaithe d'eagraíochtaí a bhfuil cláir agus tionscnaimh acu a thugann aghaidh go díreach ar cheist an chiníochais in Éirinn. Cuireann soláthar an mhaoinithe seo béim ar thiomantas an Rialtais dul i ngleic leis an gciníochas sa tír seo agus an saol a dhéanamh níos fearr d'imircigh agus d'Éireannaigh araon a d'fhéadfaí a chur faoi leithcheal ciníoch''.
Tá dhá shruth maoinithe ann;
- Cuirfidh Scéim A deontais ar fáil, idir €50,000 agus €100,000, d'eagraíochtaí do thionscadail náisiúnta agus réigiúnacha.
- Cuirfidh Scéim B deontais ar fáil, idir €5,000 agus €10,000, d'eagraíochtaí do thionscadail áitiúla.
Ní mór gach iarratas a chur isteach go leictreonach.
Fanfaidh iarratais ar mhaoiniú ar oscailt go dtí meán lae ar an 31 Bealtaine. Is féidir le grúpaí teacht ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú ag na naisc seo a leanas:
*Scéim A –
https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/IrelandAgainstRacismFund2023SchemeAApplication
*Scéim B –
https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/IrelandAgainstRacismFund2023SchemeBApplication
Nótaí don Eagarthóir
Déanfar iarratais ar Mhaoiniú a mheas de réir na gcritéar seo a leanas:
- Oiriúnach straitéiseach agus spriocanna na Scéime a bhaint amach
- Neart an togra
- Cumas na heagraíochta is iarratasóir clár oibre a sheachadadh
- Bainistíocht airgeadais agus luach ar airgead