Fógraíonn an tAire Foley Scéim um Íocaíocht Mhíleáiste leasaithe le haghaidh Cúramóirí Altrama
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 25 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Aibreán 2025
Bainfidh Cúramóirí Altrama a thabhaíonn costais bhreise taistil mar gheall ar a gcúraimí altrama tairbhe as an scéim míleáiste leasaithe
D’fhógair an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley rolladh amach na Scéime um Íocaíocht Mhíleáiste le haghaidh Cúramóirí Altrama inniu.
Is éard atá sa scéim leasaithe ná leathnú de chatagóirí na dturas a d’fhéadfaí a mheas le bheith incháilithe le haghaidh íocaíochta faoin Scéim um Íocaíochtaí Taistil le haghaidh Cúram Altrama.
Mar shampla, d’fhéadfaí imeachtaí oideachasúla, ranganna oideachasúla seach-churaclaim, an oiliúint, coinní breise leighis agus teiripe agus cuairteanna rochtana i dtaobh an pháiste altrama a bheith san áireamh. Beidh na turais sin nasctha le plean cúraim an pháiste.
Laghdaíodh an fad taistil seachtainiúil carnaigh chun bheith incháilithe don liúntas feabhsaithe ó 300km go 250km freisin.
Tá an feabhsú sin ar an Scéim um Íocaíocht Mhíleáiste i gcomhréir le gealltanais faoi Chlár an Rialtais chun sraith na dtacaíochtaí atá ar fáil do chúramóirí altrama a fheabhsú, agus cuireann sé le réimse feabhsuithe tugtha isteach faoin Rialtas roimhe seo.
Dúirt an tAire Foley:
Tá lúcháir orm a dheimhniú go bhfuil Scéim um Íocaíocht Míleáiste nua feabhsaithe le haghaidh Cúramóirí Altrama tugtha isteach. Is céim thábhachtach í seo chun réimse tacaíochtaí atá ar fáil do chúramóirí altrama a fheabhsú, agus aitheantas a thabhairt don fhiúntas suntasach a leagann an Stát ar chúram altrama.
Ag cur leis an infheistíocht atá déanta i gcúram altrama sna blianta beaga anuas, ba mhaith liom a dhearbhú go leanfaidh an Rialtas seo d’infheistíocht a dhéanamh i gcúram altrama, agus tá sé beartaithe agam gealltanais na Roinne seo leagtha amach i gClár an Rialtais a chomhlíonadh.
Nótaí don Eagarthóir
Tá an Scéim um Íocaíocht Mhíleáiste do Chúramóirí Altrama á reáchtáil ag Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, a bhfuil sé de chúram acu soláthar cúraim altrama sa Stát faoin Acht um Chúram Leanaí 1991.
Príomhthosaíocht an Rialtais is ea é cúram altrama le blianta beaga anuas, agus thug an Rialtas roimhe seo gealltanas sraith na dtacaíochtaí atá ar fáil do chúramóirí altrama a fheabhsú.
De réir Pholasaí Náisiúnta de chuid:
Táthar ag súil go gclúdóidh an liúntas altrama taisteal chun na scoile, coinní leighis, rochtana, srl.
Tá an scéim um íocaíocht mhíleáiste curtha ar bun, áfach, chun clúdach a chur ar fáil nuair a thabhaíonn tuismitheoirí altrama costais bhreise taistil mar de bharr a bhfreagrachtaí altrama
Tá rannpháirtíocht shuntasach déanta maidir le Scéim um Íocaíocht Mhíleáiste úr leasaithe le haghaidh Cúramóirí Altrama a mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh:
- Laghdú maidir le fad taistil seachtainiúil carnaigh ó 300km go 250km chun bheith incháilithe don liúntas feabhsaithe. Leathnú de chatagóirí na dturas a d’fhéadfadh a bheith measta mar incháilithe d’íocaíocht faoin Scéim um Íocaíochtaí Taistil le haghaidh Cúram Altrama.
Chomh maith leis sin, tá maoirseacht déanta ag DCEDIY ar na tacaíochtaí feabhsaithe seo a leanas le haghaidh cúramóirí altrama:
- Méadú suntasach sa liúntas cúraim altrama in 2024, suas le €400 in aghaidh na seachtaine do leanaí faoi bhun 12 bhliain d’aois agus €425 in aghaidh na seachtaine dóibh siúd atá os cionn 12. In 2025, fágann sé sin go bhfaighidh cúramóirí altrama €3,900 sa bhreis mar liúntas.
- Seachtain dhúbailte den liúntas cúraim altrama íoctha le cúramóirí altrama, le haghaidh gach linbh faoina gcúram, i ndeireadh na bliana 2024.
- Maoiniú a úsáidfear chun Íocaíocht Tosaigh an tSocrúcháin a chur ar fáil ag tús gach socrúcháin tosaigh cúraim altrama ón mbliain 2025.