English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

“Tá fíorbhrón orm go bhfuil Ronnie Fay imithe ar shlí na fírinne.

“Tá mo chomhbhrón, agus comhbhrón na n-oifigeach go léir sna Ranna Stáit a d’oibrigh go dlúth le Ronnie i gcaitheamh na mblianta, lena fear céile Philip agus a leanaí Jonathan, Veronica agus Patrick, lena teaghlach agus a cairde, lena comhghleacaithe in Pavee Point agus le pobail an Lucht Siúil agus na pobail Romaigh ar fud na tíre.

“Mar Chomhstiúrthóir le Pavee Point labhraíodh sí go diongbháilte ar son chearta, chomhionannas agus ionchuimsitheacht an Lucht Siúil agus na Romach. Bhí sí tiomanta go mór don Lucht Siúil, agus d’oibríodh sí gan stad gan staonadh chun an tsochaí a athrú ionas go mbeadh na cearta céanna agus na deiseanna céanna ag an Lucht Siúil agus atá ag daoine eile in Éirinn. Thugadh sí greann, saineolas, samhlaíocht, dúthracht agus cothrom na Féinne léi ina cuid oibre in eagraíochtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Leis an obair mhór a rinneadh sí chuireadh sí cearta agus riachtanais an Lucht Siúil agus na Romach i gcuimhne don Rialtas agus don tsochaí. Fiú nuair a bhí sí féin go dona tinn, d’oibríodh sí gan sos gan scíth chun an Lucht Siúil agus na Romaigh a choinneáil slán le linn na paindéime Covid. Beidh tionchar a cuid oibre le brath le blianta an-fhada.”

“Suaimhneas síoraí dá hanam”