English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir leis an dúnadh Mhol Idirthurais le haghaidh teifeach nua in Iarthar na Cathrach

Déanann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige freastal ar níos mó ná 58,000 duine (42,000 arb as an Úcráin iad, 16,000 faoin gcosaint idirnáisiúnta). Ag an am céanna anuraidh bhí an figiúr 7,250.

Mar thoradh ar an mhéadú suntasach de dhaoine atá ag lorg lóistín sna seachtainí deireanacha tá an Mol Idirthurais in Iarthar na Cathrach tar éis lánacmhainn a shroicheadh.

Ar leasa na ndaoine atá faoi láthair ag fanacht ar lóistín sa Mhol Iarthar na Cathrach, cinneadh sosadh a chur ar dhaoine nua a fháil isteach go dtí go bhféadfaí na huimhreacha a laghdú.

San idirthréimhse, beidh na rudaí seo a leanas infheidhme:

• Cuirfear stop le dul isteach chuig an Mol Iarthar na Cathrach (le haghaidh CI agus Úcráinigh) agus coinneofar an cor maidir leis sin faoi bhreithniú.

• D'fhéadfaí go gcaithfidh dóibh siúd a bhfuil ag teacht chuig an aerfort fanacht ansin thar oíche, áit a soláthróidh ENR tacaíochtaí dóibh.

• Nuair a bheidh tuilleadh acmhainn ag an Mol Iarthar na Cathrach, tabharfar tús áite do theaghlaigh agus daoine leochaileacha nuair a is féidir.

• Le haghaidh dóibh siúd atá ag teacht go hÉireann mar iarratasóirí cosanta idirnáisiúnta nó a bhfuil ag éileamh Chosaint Shealadach, mura bhfuil lóistín ar fáil dóibh ar an toirt, leanfaidh an teagmháil leo agus ofráilfidh tacaíochtaí dóibh trí ENRanna nuair is féidir,

• Iarrtar ar dóibh siúd a bhfuil deiseanna malartacha lóistíne acu, an lóistín sin a fháil, lóistín gheallta san áireamh agus iarrtar orthu gan dhul chuig an Mol Iarthar na Cathrach faoi láthair.

Tá an Roinn ag obair faoi dheifir in éindí leis an Rialtas agus le gníomhaireachtaí, ENRanna agus údaráis áitiúla chun tuilleadh lóistín a chur ar fáil ionas gurbh fhéidir le freagrachtaí daonnúla an Stáit a bheith comhlíonta mar gheall ar dhaoine ag lorg cosaint idirináisiúnta agus daoine Úcráinigh. Inniu chuir oifigigh na Roinne an Ambasáid Úcránach ar an eolas faoin gcor.

É sin ráite, ta rochtain ar lóístín chuí go leor srianta. De réir na réamh-mheastúchán reatha, beidh ganntannas leapacha 15,000 faoi Nollaig mar táthar ag súil leis go mbeidh neart leibhéil de dhaoine ag lorg Chosaint idirnáisiúnta agus Úcráinigh ag teacht.

Go dtí seo, tá an Roinn tar éis 25% de leapacha ostáin in Éirinn a fháil ar conradh, chomh maith le brúnna óige, tithe aíochta, lóistín gheallta, staideanna spóirt, áiseanna gasóige, pubaill agus aonaid mhodúlacha. Leanann sí ag obair chun na tairscintí cuí a chíoradh mar a rinneadh ó Mhárta 2022.

CRÍÓCH/