Tá Deontais Forbartha um Fheighlíocht Leanaí do 2025 á seoladh ag an Aire Foley
- Foilsithe: 4 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair Norma Foley, an tAire Leanaí, Comhionannais agus Míchumais, inniu go raibh an Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí 2025 ar oscailt.
Soláthraíonn an Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí suas le €1,000 chun cabhrú le feighlithe leanaí cláraithe agus neamhchláraithe araon atá ag cur seirbhís feighlíochta leanaí ar fáil ina dtithe féin.
Tá sé mar aidhm ag an deontas tacú le feighlithe leanaí cáilíocht agus sábháilteacht a gcuid seirbhíse a fheabhsú trí na rudaí seo a leanas a cheannach: bréagáin, trealamh cúraim leanaí, trealamh sábháilteachta, trealamh chun tacú le cuimsiú agus oideachas, Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíona agus Mata (STEAM), chomh maith le trealamh TF chun cabhrú le feighlithe leanaí dul i ngleic le próisis oiliúna agus clárúcháin.
Tá an scéim deontas oscailte do gach feighlí leanaí, lena n-áirítear iad siúd atá ag beartú gnó feighlíochta leanaí a oscailt le linn 2025. Íoctar 75% den deontas roimh ré chun cabhrú le feighlithe leanaí leis na costais tosaigh a bhaineann le trealamh a cheannach.
Nuair a rinne an tAire Foley an fógra inniu, dúirt sí:
“Tá lúcháir orm Deontas um Fheighlíocht Leanaí 2025 a fhógairt mar cheann de na chéad ghníomhartha atá á ndéanamh agam i mo théarma mar Aire.
“Tá ról ríthábhachtach ag Feighlithe Leanaí i soláthar feighlíochta leanaí i ngach cuid den tír, agus tá mé go hiomlán tiomanta aitheantas agus tacaíocht a thabhairt don ról tábhachtach sin, agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028 a chur i gcrích.
“Ba mhaith liom feighlithe leanaí a spreagadh leas a bhaint as an deis mhaoinithe sin, is cuma an bhfuil siad cláraithe cheana féin nó ar mhaith leo tacaíocht roimh bheith cláraithe thar na chéad chúpla bliain eile.
“Soláthraíonn an Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí maoiniú le haghaidh trealamh cáilíochta agus sábháilteachta agus d’fhéadfaí é a úsáid chun cur le trealamh TF freisin.”
Léirítear leis an mbuiséad iomlán de €500,000 an t-ardéileamh a bhí ar an deontas sna blianta roimhe seo. Léirítear freisin gealltanas an Rialtas tacú le feighlithe leanaí chun ullmhú do chlárú le Tusla. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028, tháinig rialacháin a scríobhadh go sonrach le haghaidh feighlithe leanaí i bhfeidhm den chéad uair i Mí Mheán Fómhair 2024, rud lena dtugtar deis do gach feighlí leanaí clárú le Tusla agus páirt a ghlacadh sa Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (NCS).
Tá idirthréimhse trí bliana go dtí 2027 ag na feighlithe leanaí siúd a raibh díolúine acu ó rialacháin inar féidir leo clárú le Tusla anois ach ní cheanglaítear orthu é a dhéanamh fós.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis an Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí nó leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028, tabhair cuairt ar Item was unpublished or removed Choiste áitiúil Cúraim Leanaí na Cathrach nó an Chontae nó déan teagmháil leo.
Osclófar an Deontas Forbartha um Fheighlithe Leanaí 2025 le haghaidh iarratas Dé Máirt, an 4 Feabhra agus dúnfar Dé hAoine, an 4 Aibreán é.