Tosaíochtaí na Roinne sonraithe ag an Aire O’Gorman
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 30 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2020
Tá a thosaíochtaí don Roinn sonraithe ag an Aire Nua Leanaí, Míchumais, Comhionannais agus Comhtháthaithe, Roderic O’Gorman TD.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire O’Gorman i ndiaidh a cheapacháin:
“Is pribhléid mhór dom a bheith ceaptha mar Aire Leanaí, Míchumais, Comhionannais, agus Comhtháthaithe.
“Tá súil agam go n-éireoidh leis an Roinn seo a chinntiú go bhfuil daoine óga, leochaileacha agus imeallaithe ag croílár na hoibre: go gcuirfear leis na háiseanna cúraim leanaí atá ar fáil, go gcuirfear deireadh le soláthar díreach, agus go mbeidh comhionannas ag dul chun tairbhe gach saoránach.
“Tá clár uaillmhianach oibre againn, ach tá mé tiomanta do na gealltanais atá tugtha i gClár an Rialtais a chur i gcrích.
“Tuigim go raibh tionchar dearfach ag an obair a rinne an tAire Zappone agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, i ndáil le deis cainte a thabhairt do dhaoine óga ag na cruinnithe Comh-Aireachta, agus tá sé i gceist agam leanúint leis an obair seo.
“Chomh maith leis sin, táim ag súil le bheith ag obair le raon leathan eagraíochtaí pobail agus na hearnála deonaí, ceardchumainn, agus gníomhaithe atá ag obair i dteannta leis na Roinn.
“Táim fíorbhuíoch de gach duine a sheol teachtaireachtaí tacúla chugam. I rith na tréimhse dianghlasála mar thoradh ar Covid, tháinig sé chun soiléire go bhfuil ar ár gcumas tacú lena chéile, agus tá súil agam go mbeidh dlúthpháirtíocht den chineál céanna le tabhairt faoi deara in obair na Roinne seo”.