English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tuairisciú á tabhairt isteach ag an Aire O’Gorman maidir leis an mbearna phá idir na fir agus na mná i 2022.

Ar lá idirnáisiúnta na mBan tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, tar éis sonraí a fhoilsiú maidir le tuairisciú ar an mbearna phá idir na fir agus na mná in Éirinn.

Nuair a tugadh isteach an tAcht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní, 2021 cuireadh tús le bunús reachtaíochta le tuairisciú ar an mbearna phá idir na fir agus na mná agus foilseofar rialacháin faoin Acht sna seachtainí amach romhainn. Faoi na rialacháin beidh dualgas ar na comhlachtaí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu tuairisciú a dhéanamh ar an mbearna phá idir na fir agus na mná in 2022.

Beidh ar fhostóirí “roghbhlúire” a thógáil maidir lena bhfostaithe ar dháta i mí an Mheithimh 2022 agus tuairisciú a dhéanamh ar an mbearna phá (bunaithe ar ráta pá san uair) idir na fir agus na mná agus arís tuairisciú a dhéanamh nuair a thógfar roghbhlúire maidir leis na fostaithe céanna ar an dáta céanna i mí na Nollag 2022.

Mar cuid den tuarascáil iarrtar ar fhostóirí:

• Eolas a chur ar fáil maidir leis an mbearna phá mar a bhaineann sé leis an meán ráta san uair agus leis an airmheán ráta san uair. Sa chéad cheann (an meán ráta san uair) ba chóir go mbeadh an raon pá fud fad an eagrais ann agus maidir leis an dara ceann ba chóir gan eolas a bhaineann leis na daoine ar ardioncam neamhghnách a bheith mar chuid de.

• Eolas faoi phá bónais.

• Eolas a chur ar fáil maidir leis an mbearna phá (an meán ráta san uair agus an t-airmheán ráta san uair) mar a bhaineann sé le fostaithe páirtaimseartha agus iad siúd ar chonarthaí sealadacha.

• Eolas faoi líon na bhfear agus líon na mban ó thaobh bandaí pá de atá ann sna ceathairíleanna bandaí éagsúla idir íochtar, meán-íochtair, meán-uachtair agus uachtar.

Ní mór d’fhostóirí ráiteas a fhoilsiú a mhíníonn na cúiseanna (i dtuairim an fhostóra) atá taobh thiar den bhearna phá idir na fir agus na mná sa chomhlacht agus na bearta atá curtha i bhfeidhm nó atá beartaithe chun deireadh a chur leis an mbearna nó an bearna a laghdú.

Dúirt an tAire O’Gorman inniu:

“I gcomparáid leis na fir is iomaí bac atá le sárú ag na mná agus iad ag iarraidh a bheith mar chuid den mhargadh fostaíochta. Tá steiréitíopaí inscní ag leanúint ar aghaidh ar feadh na mblianta, an tsíleáil ghloine atá fós ann mar bhac ar ardú céime, toisc go bhfuil tromlach na gcúraimí baile fós ar na mná ina measc obair neamhíoctha sa bhaile, rud a fhágann go bhfuil bearna suntasach fós ann ó thaobh ráta pá idir na fir agus na mná in Éirinn. Is tosaíocht é don Rialtas seo cearta na mban agus comhionannas a chur chun cinn, agus mar chuid lárnach de seo ba chóir deireadh a chur le pá éagothrom do mhná. Ó cuireadh an tAcht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní i bhfeidhm ní hamháin go bhfuil dualgas ar fhostóirí tuairisciú a dhéanamh ar an mbearna phá idir na fir agus na mná sa chomhlacht tá dualgas orthu anois sonraí a thabhairt maidir leis na bearta atá i gceist chun an bearna seo a laghdú. Beidh an riachtanas tuairiscithe seo ag cuidiú le haghaidh trédhearcacht pá a chinntiú, agus beidh ról lárnach ag an riachtanas san fheachtas le haghaidh comhionannas inscne a bhaint amach san ionad oibre.”

Deireadh


Nótaí don Eagarthóir:

Cuireadh an tAcht um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní i bhfeidhm mar dhlí ar an 13 Iúil 2021.

Cuireann an tAcht dualgas ar an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige rialacháin a dhéanamh a chuireann dualgas ar fhostóirí méid seo a fhoilsiú:

• Eolas a chur ar fáil maidir leis an mbearna phá mar a bhaineann sé leis an meán ráta san uair agus leis an airmheán ráta san uair. Sa chéad cheann (an meán ráta san uair) ba chóir go mbeadh an raon pá fud fad an eagrais ann agus maidir leis an dara ceann ba chóir gan eolas a bhaineann leis na daoine ar ardioncam neamhghnách a bheith mar chuid de.

• Eolas faoi phá bónais.

• Eolas a chur ar fáil maidir leis an mbearna phá (an meán ráta san uair agus an t-airmheán ráta san uair) mar a bhaineann sé le fostaithe páirtaimseartha agus leo siúd atá ar chonarthaí sealadacha.

• Eolas faoi líon na bhfear agus líon na mban ó thaobh bandaí pá de atá ann sna ceathairíleanna bandaí éagsúla idir íochtar, meán-íochtair, meán-uachtair agus uachtar.

Mar chuid de na rialacháin beidh dualgas ar na fhostóirí ráiteas a fhoilsiú a mhíníonn na cúiseanna (i dtuairim an fhostóra) atá taobh thiar den bhearna phá idir na fir agus na mná sa chomhlacht agus na bearta atá curtha i bhfeidhm nó atá beartaithe chun deireadh a chur leis an mbearna nó an bearna a laghdú.

Ar dtús baineann an riachtanas tuairiscithe seo le heagrais/comhlachtaí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí ann ach le himeacht ama baineann sé le heagrais a bhfuil níos mó ná 50 fostaí ann de réir an chláir ama atá luaite thíos:

  • +250 fostaí: 2022
  • +150 fostaí: 2024
  • +50 fostaí: 2025

Foilsíodh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige treoracha d’fhostóirí maidir leis an mbearna pá idir na hinscní a ríomh. Tá sé i gceist córas tuairiscithe a chur ar fáil ar líne don tréimhse 2023.