An Comhairliúchán Poiblí ar Obair Sholúbtha
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 5 Bealtaine 2021
- dúnadh na haighneachtaí: 28 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2021
Tá an Comhairliúchán dúnta
Sheol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tUasal Roderic O’Gorman, T.D., comhairliúchán a lorgaíonn dearcthaí an phobail faoi obair sholúbtha, a bheidh ar siúl ón 05 Bealtaine 2021 go dtí an 28 Bealtaine 2021.
Úsáidfear torthaí an chomhairliúcháin chun creat beartais a fhorbairt atá freagrúil don timpeallacht athraitheach ghnó, a chuireann cothromaíocht níos fearr oibre is saoil chun cinn agus a thacaíonn le rannpháirtíocht sa mhargadh saothair i measc tuismitheoirí agus cúramóirí trí chleachtais oibre a thacaíonn le teaghlaigh.
Cuspóir an Chomhairliúcháin
Lorgaíonn an Rialtas beartas agus treoir oibre solúbtha a fhorbairt ina gcuirtear riachtanais teaghlach (go háirithe iad siúd le leanaí); daoine aonair, iad siúd ina measc faoi mhíchumas; fostóirí agus an gheilleagair níos fairsinge san áireamh.
Tá an comhairliúchán seo á chur ar siúl chun dearcthaí a lorg ó fhostóirí, fostaithe agus an pobal i gcoitinne faoi:
- na saincheisteanna is tábhachtaí dóibh i dtaobh obair sholúbtha, na saghsanna socruithe oibre solúbtha atá i bhfeidhm faoi láthair agus na hathruithe ba mhaith leo go ndéanfar;
- tionchar féideartha athruithe ar theicneolaíocht, an t-ionad oibre, an teaghlach agus an tsochaí ar na saghsanna socruithe oibre solúbtha atá ar fáil do, nó a lorgaíonn fostaithe;
- cineál athraitheach socruithe oibre solúbtha i gcomhthéacs na paindéime;
- na bacainní féideartha a d’fhéadfadh bheith roimh fhostóirí beaga, meánmhéide agus móra nuair a bhíonn socruithe oibre solúbtha á n-éascú d’fhostaithe anuas ar an tionchar féideartha riaracháin;
- na tosca ratha a chabhróidh leis an Rialtas agus gnólachtaí roghanna oibre solúbtha a fhorbairt a oirfidh d’fhostaithe agus fostóirí.
Aighneachtaí
Más mian leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo, is féidir leat do dhearcthaí a sheoladh ar aghaidh trí cheistneoir gearr a líonadh ar obair sholúbtha, ar féidir teacht air anseo.
Tugtar cuireadh freisin d’aighneachtaí scríofa agus is féidir iad a sheoladh ar ais chuig flexibleworkingconsultation@equality.gov.ie
Tá eolas breise, treoir san áireamh ar aighneachtaí scríofa, ar fáil sa Nóta Treorach.
Is é an spriocdháta chun aighneachtaí a fháil Dé hAoine, an 28 Bealtaine 2021 ag 5 PM.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfreagrófar d’aighneachtaí a fhaightear.
Saoráil Faisnéise
Is féidir gach aighneacht a sheoltar chuig an Roinn a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus tá siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.