Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúcháin Poiblí ar Rialáil Cúram Leanaí in Aois Scoile agus ar Sheirbhísí Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige


  • Beidh an suirbhé ar fáil ó De hAoine 12ú Meán Fómhair 2025 go dtí Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair 2025
  • Grúpaí Fócais ar líne, rannpháirtithe sa suirbhé san áireamh (Samhain 2025)

Réamhrá

Tháinig Rialacháin do Chúram Leanaí in Aois Scoile i bhfeidhm don chéad uair i 2019. Cé go bhfuil na Rialacháin seo dírithe go príomha ar chlárú, tá an Roinn faoi láthair ag forbairt Rialacháin chuimsitheacha do Chúram Leanaí in Aois Scoile agus ag tabhairt tuilleadh machnaimh ar na seirbhísí ba cheart agus nár cheart a bheith faoi réir na rialachán seo. Is deis í an chomhairliúchán seo do thuismitheoirí, cleachtóirí cúraim leanaí in aois scoile, soláthraithe agus páirtithe leasmhara eile cruthaigh an reachtaíocht a thacaíonn le rialáil seirbhísí cúraim leanaí in aois scoile.

Tógfaidh an chomhairliúchán seo ar an obair roimhe seo a rinneadh sa Chomhairliúchán Poiblí maidir le Cúram Leanaí ar Aois Scoile in 2019 agus ar fhorbairt na Treoirlínte Náisiúnta Cáilíochta do Sheirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile a foilsíodh i 2020.

Chomh maith leis na ceisteanna ar cúram leanaí in aois scoile beidh roinnt ceisteanna ann a bhaineann le hathrú poitéinsiúil go dtí na Rialáil 2016 do na seirbhíse do Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige.

Conas a bheith rannpháirteach san comhairliúchán seo?

Táimid ag iarraidh do thuairimí a cloisteáil roimh aon rialachán a scríobh. I gceangal leis seo gheobhaidh tú suirbhé ar líne, thuig leat é a líonadh mas é do thoil é agus do thuairimí a roinnt linn !

Beimid ag cur grúpa fócais ar súil ar líne chomh maith. Féadfar cuireadh a thabhairt do dhaoine a chomhlánaíonn an suirbhé seo páirt a ghlacadh i gceann de na grúpaí fócais.

Cad a dhéanfar le do chomhfhreagras?

Cuideofar torthaí an chomhairliúcháin (suirbhé agus grúpaí fócais) leis na rialacháin chuimsitheacha do chúram leanaí in aois scoile a mhúnlú agus chun na hathruithe poitéinseal ar na Rialacháin 2016 maidir le seirbhísí foghlaim agus cúram na lúth-óige.

Tabharfar tuairisc agus foilseofar achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin nuair a bheidh sé críochnaithe.

Ceisteanna

Má tá aon ceisteanna agat, déan teagmháil le ELCQuality@dcde.gov.ie.

Fógra Príobháideachais

Ná líon isteach eolas pearsanta, eolas faoi rún nó eolas íogair ó thaobh na tráchtála de san freagraí. Má líontar isteach sonraí pearsanta inaitheanta, scriosfar iad.

Tabhair faoi deara le do thoil, gur féidir gach aighne agus freagra a fhaightear a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí chomh maith.

Comhréireacht

Ceanglaítear Treoir 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle go ndéanfaidh na Ballstáit tástáil chomhréireachta sula dtabharfar isteach rialacháin ghairmiúla nua nó sula ndéanfar leasú ar rialacháin ghairmiúla atá ann cheana lena gcuirtear srian le rochtain ar ghairmeacha rialáilte nó le saothrú na ngairmeacha sin. Rinneadh an Treoir a thrasuí i ndlí na hÉireann i mí Lúnasa 2022 (SI 413/2022). Cuirfidh an comhairliúchán poiblí seo le measúnú an Stáit ar chomhréireacht na rialachán atá beartaithe a bhfuil tionchar acu ar chleachtóirí cúraim leanaí atá in aois scoile agus ar oideoirí luathbhlianta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat