Comhairliúchán Poiblí maidir leis an gCreat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach
- Foilsithe: 6 Feabhra 2026
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 6 Feabhra 2026
- dúnadh na haighneachtaí: 12 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 6 Feabhra 2026
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
- Is mian linn cloisteáil uait!
- Cuspóir
- Conas a bheith Rannpháirteach
- Tuilleadh Faisnéise maidir le Cúram Malartach
- Cad é a dhéanfaimid le do fhreagra?
- Saoráil Faisnéise
Is mian linn cloisteáil uait!
Sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, comhairliúchán poiblí don chéad Chreat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach de chuid na hÉireann. Tá tuairimí an phobail á lorg ag an Aire anois chun eolas a dhéanamh d’fhorbairt an Chreata Beartais Náisiúnta. Is féidir leat do thuairimí a chur isteach suas go dtí an 12 Márta 2026 ach ár suirbhé a chomhlánú.
Cuspóir
Tugann an Stát aire do thart ar 6,000 leanbh nach féidir leo maireachtáil lena gcuid tuismitheoirí fola. Tá formhór na leanaí sin faoi chúram altrama, arb é an rogha is fearr é, de ghnáth, toisc go bhfuil sé ar an rogha is cosúla le timpeallacht baile teaghlaigh. Ar na cineálacha cúraim eile tá cónaí le gaolta (ar a dtugtar cúram gaoil), cónaí in ionaid chúraim chónaithe (ar a dtugtar cúram cónaithe), agus cúram slán do leanaí a gcuirtear a saol, a sláinte, a sábháilteacht, a bhforbairt nó a leas (cúram speisialta) i mbaol de dheasca a n‑iompair. Soláthraítear níos mó faisnéise maidir le cúram malartach sa chuid ábhartha thíos.
Leis an gCreat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach leagfar amach plean uile-Stáit do thodhchaí cúraim mhalartaigh in Éirinn. Ar an dóigh sin, déanfar beart de réir briathair maidir le gealltanas a rinneadh i gClár an Rialtais ‘Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú’ (2025) chun plean náisiúnta maidir le cúram malartach a fhorbairt, inár gá an méid seo a leanas a áireamh:
- Plean gníomhaíochta gearrthéarmach lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna reatha maidir le rochtain a fháil ar áiteanna cúraim mhalartaigh iomchuí, agus:
- Fís fhadtéarmach maidir le conas a oibreoidh an córas cúraim mhalartaigh amach anseo.
I dteannta a bhfuil thuas a bhaint amach, tá sé mar uaillmhian ag an Roinn Leanaí gurb amhlaidh leis an gCreat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach a fheabhsófar torthaí do na daoine aonair leochaileacha a bhfuil cur amach acu ar an tseirbhís seo.
Tá an glao poiblí seo ar ionchur mar chuid de phróiseas níos leithne a bhaineann le comhairliúchán le leanaí, daoine óga, teaghlaigh, páirtithe leasmhara agus saineolaithe earnála. A bhuí le do chuid freagraí agus leis an aiseolas ón bpróiseas comhairliúcháin foriomlán beimid in ann príomh‑shaincheisteanna a shainaithint agus cuidiú chun an Creat Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach a mhúnlú.
Is mian linn cloisteáil ó réimse éagsúil daoine, lena n‑áirítear iad sin ar féidir go bhfuil taithí phearsanta acu ar chóras cúraim mhalartaigh na hÉireann, ach gan bheith teoranta dóibh. Ba mhór againn d’ionchuir a fháil maidir leis an méid seo a leanas:
- An tréimhse ar lena linn atá leanbh faoi chúram malartach.
- Tá tábhacht leis an tréimhse sula dtagann leanbh faoi chúram malartach, mar shampla, i dtaobh cosaint leanaí, tacaíocht teaghlaigh, nó idirghabháil luath.
- Tá tábhacht leis an tréimhse a thagann i ndiaidh do leanbh a bheith faoi chúram, mar shampla, i dtaobh iarchúraim nó torthaí níos fadtéarmaí.
- Ábhair ábhartha eile.
Conas a bheith Rannpháirteach
Comhlánaigh ár suirbhé (Nóta: Tá leagan Gaeilge agus leagan Bhéarla den suirbhé le fáil ar shuíomh an tsuirbhé.)
De rogha air sin, má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, nó más rud e nach bhfuil tú in ann an suirbhé atá nasctha thuas a chomhlánú, seol foirm teimpléid chomhlánaithe:
- Trí ríomhphost, chuig: altcaresubmissions@dcde.gov.ie
nó:
- Tríd an bpost, chuig: An tAonad Beartais um Chúram Malartach, an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Bloc 1, Plaza Miesach, 50‑58 Sráid Bhagóid, Baile Átha Cliath 2, D02 XWI4, Saorphost F5055.
Ba cheart do fhreagraí ar an suirbhé a bheith i mBéarla nó i nGaeilge. Féadfaidh tú an suirbhé nó an teimpléad a chomhlánú thar do cheann féin nó thar cheann eagraíochta. Ní bhreithneofar aighneachtaí nach n‑úsáidtear an nasc suirbhé nó an fhoirm teimpléid iontu.
Tuilleadh Faisnéise maidir le Cúram Malartach
Bíonn Cúram Malartach i gceist nuair a sholáthraíonn an Stát cúram do leanaí agus daoine óga nach féidir leo fanacht faoi chúram a gcuid tuismitheoirí. Sna cúinsí sin, féadfar tagairt don leanbh mar a bheith ‘faoi chúram an Stáit’ nó díreach ‘faoi chúram.’
Tá an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) ar an nGníomhaireacht Stáit atá freagrach as leanaí a chosaint agus as a leas. Maidir leis an gcinneadh chun leanbh nó duine óg a chur faoi chúram le Tusla, is féidir go:
- gcomhaontófar sin ar bhonn deonach idir Tusla agus tuismitheoirí/caomhnóirí an linbh nó:
- gceanglófar sin le hordú ón gcúirt faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, lena n‑áirítear orduithe cúraim, orduithe cúraim éigeandála nó orduithe cúraim speisialta.
Téann an bonn ar a bhfuil leanbh faoi chúram malartach i bhfeidhm ar an méid údaráis atá ag Tusla chun cinntí a dhéanamh don leanbh sin. Agus a chuid freagrachtaí faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991 á gcomhlíonadh, ní mór do Tusla aird a thabhairt ar leas na leanaí mar chéad cheist thar aon ní eile.
Nuair a théann leanbh faoi chúram malartach, féadfaidh Tusla freastal air nó uirthi agus aire a thabhairt dó nó di ar an iliomad bealaí, i gcomhréir lena riachtanais shonracha. Féadfaidh Tusla leanaí a chur:
- Faoi chúram altrama.
- Faoi chúram altrama le gaolta.
- In ionad cúraim chónaithe.
- I suíomh eile a mheasann Tusla is iomchuí.
- Faoi chúram speisialta, i gcás ina gcomhlíontar critéir áirithe, lena n‑áirítear ordú cúraim speisialta ón Ard‑Chúirt.
Féadfaidh leanaí fanacht faoi chúram malartach go mbeidh siad 18 mbliana d’aois nó roimhe sin, de réir a gcuid gcúinsí. Nuair a bhaineann leanbh faoi chúram 18 mbliana d’aois amach, ní mór don socrú cúraim sin teacht chun deiridh. Is féidir go mbeidh daoine óga os cionn 18 mbliana d’aois incháilithe le haghaidh seirbhís iarchúraim, i gcomhréir leis na critéir cháilitheachta le haghaidh iarchúraim san Acht um Chúram Leanaí, 1991.
Is féidir teacht ar thuilleadh faisnéise maidir le cúram malartach, cosaint agus tacaíocht a thabhairt do leanaí, cúram altrama, cúram cónaithe agus seirbhísí iarchúraim anseo.
Cad é a dhéanfaimid le do fhreagra?
Déanfaidh an Roinn Leanaí athbhreithniú ar fhreagraí chun eolas a dhéanamh do dhearadh agus forbairt an chéad Chreata Beartais Náisiúnta um Chúram Malartach de chuid na hÉireann.
Féadfar freagraí a úsáid chun eolas a dhéanamh do thuilleadh comhairliúcháin nó forbairt beartas. Féadfar sleachta anaithnidithe ó aighneachtaí nó freagraí suirbhé a lua sa Chreat Beartais Náisiúnta, i ndoiciméid fhorlíontacha, nó féadfar iad a chomhroinnt le linn an chomhairliúcháin.
Tabhair faoi deara nach dtabharfar freagra ar fhreagairtí ar an gcomhairliúchán poiblí mura n‑éilítear cumarsáid leantach.
Saoráil Faisnéise
Tá na haighneachtaí agus na freagraí uile ar an suirbhé faoi réir scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus tá siad faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí freisin. Níor cheart faisnéis atá pearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh tráchtála de a áireamh i d’aighneacht, agus glacfar leis go bhfuil an fhaisnéis uile atá i d’aighneacht inscaoilte faoi reachtaíocht SF.
Is é am scoir an 12 Márta 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil.