Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán Poiblí mar a bhaineann sé le Creat an Pholasaí Náisiúnta nua ón Rialtas do Pháistí agus do Dhaoine Óga

Tá an Comhairliúchán dúnta

Tá comhairliúchán curtha ar bun ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an tUasal Roderic O’Gorman, T.D., chun tuairimí a lorg ón bpobal maidir leis an chéad straitéis eile a bheidh ag an Rialtas i dtaca le leanaí agus daoine óga in Éirinn. Is é seo an straitéis chomharba le Todhchaí Níos Gile,: Creatlach an pholasaí náisiúnta do leanaí agus do dhaoine óga, 2014—2020, agus beidh sí i bhfeidhm ó 2023 go dtí 2028.

Tá an comhairliúchán seo ar oscailt go dtí Dé Luain, an 28 Feabhra 2022 agus tugann sé deis don phobal, lena n-áirítear daoine gairmiúla agus eagraíochtaí a oibríonn i gcuideachta le leanaí agus daoine óga, chun cur leis an gcéad straitéis náisiúnta eile do leanaí agus daoine óga in Éirinn.

Cuspóir

Beidh an chéad creatlach an pholasaí náisiúnta eile do leanaí agus daoine óga in Éirinn ag cur leis na héachtaí atá bainte amach leis an dá straitéis a bhí ann roimhe seo: An Straitéis Náisiúnta um Leanaí – Ár Leanaí, a Saol, a bhí i bhfeidhm idir 2000 agus 2010, agus Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile, Creatlach an pholasaí náisiúnta do leanaí agus do dhaoine óga, 2014-2020. Chlúdaigh Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile gach duine idir 0-24 bliana d’aois agus leagadh amach ann Cúig Thoradh Náisiúnta atá á n-iarraidh againn do gach uile leanbh agus duine óg. Táthar chun cloí leis na torthaí seo sa chéad straitéis eile, eadhon, maidir le leanaí agus daoine óga, go bhfuil siad:

1. Beo beathach agus sláintiúil, le folláine choirp agus meabhairshláinte dhearfach.

2. Ag baint amach barr a gcumas i ngach réimse foghlama agus forbartha.

3. Slán sábháilte agus cosanta ó dhochar.

4. Slán ó thaobh eacnamaíocha de agus deiseanna acu.

5. Nasctha, go ndéantar iad a urramú agus go bhfuil siad in ann páirt a imirt sa saol timpeall orthu.

Beidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ag comhoibriú le Ranna Rialtais eile agus le gníomhaireachtaí reachtúla eile, chomh maith le leanaí, le daoine óga, le geallsealbhóirí agus leis an bpobal i gcoitinne chun an fhís seo a leagan síos agus chun na bearta príomhúla atá le déanamh chun feabhas a chur ar na torthaí do leanaí agus daoine óga in Éirinn a shainaithint agus a chur i bhfeidhm.

Is é seo an chéad cheann de na comhairliúcháin a bheidh ar siúl i rith 2022Beidh comhairliúchán poiblí leathan mar chuid de, chomh maith le comhairliúcháin níos spriocdhírithe chun díriú ar ábhair imní ar leith agus ar gheallsealbhóirí ar leith.

Leis an chéad chomhairliúchán seo, a bheidh oscailte, cuideofar linn na ceisteanna príomhacha, de réir an phobail i gcoitinne, a shainaithint, agus tabharfar treoir dúinn maidir leis an treo ar cheart glacadh leis sna comhairliúcháin amach anseo a bheidh spriocdhírithe. Táimid ag súil le freagra ón raon is mó is féidir de leanaí, daoine óga, tuismitheoirí, gairmithe a oibríonn i gcomhar le leanaí agus daoine óga agus/nó aon duine a bhfuil suim acu feabhas a chur ar thorthaí do leanaí agus do dhaoine óga.

Conas Páirt a Ghlacadh Ann

Chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán, líon isteach ár suirbhé le do thoil. Sa suirbhé, iarrtar ort machnamh a dhéanamh ar cad atá ag éirí go maith leis agus cad nach bhfuil ag éirí go maith leis do leanaí agus daoine óga in Éirinn chomh maith leis na bearta nach mór déanamh chun saol leanaí agus daoine óga a fheabhsú.

Is féidir leat aighneacht a chur isteach chuig consultations@equality.gov.ie freisin. Is féidir leat aighneacht scríofa a sheoladh, nó más mian leat is féidir leat líníochtaí nó pictiúir a chur isteach freisin.

Is féidir leat an suirbhé a líonadh isteach nó an aighneacht a sheoladh thar do cheann féin, nó thar ceann eagraíochta.

Níor cheart don aighneacht a bheith níos mó ná 2,000 focal agus ba cheart na ceisteanna seo a leanas a phlé inti:

1. Cad iad na bearta atá ag éirí go maith leo maidir le leanaí agus daoine óga in Éirinn?

2. Cad iad na bearta nach bhfuil ag éirí go maith leo maidir le leanaí agus daoine óga in Éirinn

3. Cad is féidir déanamh chun deimhin a dhéanamh go bhfuil leanaí agus daoine óga ag tabhairt faoin ngníomhaíocht choirp, agus folláin, agus go bhfuil siad folláin ó thaobh coirp agus meabhairshláinte de araon?

4. Cad is féidir a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil leanaí agus daoine óga ag baint amach barr a gcumas ar scoil agus i ngach réimse foghlama agus forbartha ina saol?

5. Cad is féidir a dhéanamh chun cinntiú go bhfuil leanaí agus daoine óga sábháilte agus cosanta?

6. Cad is féidir a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh deiseanna ag leanaí agus ag daoine óga sa saol agus sa tslándáil eacnamaíoch?

7. Cad is féidir a dhéanamh chun a chinntiú nach bhfuil leanaí agus daoine óga in Éirinn ag fulaingt mar gheall ar an mbochtaineacht, an mhíbhuntáiste nó an t-eisiamh sóisialta?

8. Cad is féidir déanamh chun deimhniú go ndéantar leanaí agus daoine óga a urramú agus go bhfuil siad in ann páirt ghníomhach a imirt ina saol féin?

9. An bhfuil feabhas tagtha ar shaol leanaí agus daoine óga in Éirinn le deich mbliana anuas, agus más amhlaidh atá sé, conas atá an feabhas sin tagtha air?

10. Cén tslí ar chuidigh Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile leis na feabhsuithe sin a bhaint amach?

11. Conas is féidir déanamh chun freagairt ar an tionchar atá ag Covid-19 ar leanaí agus daoine óga?

12. Cad iad na tosaíochtaí is mó tábhacht ar cheart díriú orthu sa Straitéis Náisiúnta nua, ar mhaith le feabhas a chur ar shaol leanaí agus daoine óga faoin mbliain 2020?

Is é am scoir gnó, Dé Luain, an 28 Feabhra 2022, an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil.

Cad a dhéanfaimid le do fhreagra?

Táthar chun na freagairtí a thiomsú i dtuarascáil chun bonn eolais a chur le dearadh agus forbairt an chéad Straitéis Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga nua eile a bheidh ann. D’fhéadfadh an tuarascáil seo a bheith foilsithe mar thacair cháipéisí lena gcuirtear bonn eolais leis an obair seo. D’fhéadfadh sleachta ó aighneachtaí nó ó fhreagraí suirbhé a bheith luaite sa tuarascáil.

Tabhair faoi deara nach bhfuiltear chun na haighneachtaí a fhreagairt.

An tSaoráil Faisnéise

Tagann gach aighneacht agus freagra suirbhé faoi réir scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014 agus tagann siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin.

Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach san aighneacht agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis go léir atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí.