Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

An Comhrá Náisiúnta ar an Oideachas: Na Chéad 5 Bliana agus Cúram Leanaí in Aois Scoile

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Beidh an suirbhé ar oscailt ó Dé Céadaoin, an 4 Feabhra 2026 go dtí Déardaoin, an 12 Márta 2026

Réamhrá

Mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas, tá an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (DCDE) ag tabhairt faoi shuirbhé ar líne. Fiosraítear sa suirbhé tosaíochtaí infheistíochta anuas ar ról fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí in aois scoile sa chóras oideachais, a chuireann le suirbhé na Roinne Oideachais agus Óige ina ndírítear ar ról scoileanna.

Beidh imeachtaí comhairliúcháin áitiúla ar siúl freisin, tar éis an tsuirbhé, a eagrófar leis na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí. Cuirfear níos mó sonraí faoi na himeachtaí sin ar fáil sna seachtainí amach romhainn. Tabharfar cuireadh do roinnt díobh siúd a fhreagraíonn an suirbhé ar líne páirt a ghlacadh sna himeachtaí comhairliúcháin seo – más mian leat páirt a ghlacadh i gceann de na himeachtaí sin, iarrtar ort an suirbhé a fhreagairt agus, nuair a iarrtar ort, do shonraí teagmhála a chur isteach.

Titfidh imeacht comhairliúcháin náisiúnta amach freisin i Meitheamh – Feachtas Náisiúnta An Todhchaí a Mhúnlú: Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile.

Cad iad foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile?

Cuirtear comhthéacs tábhachtach ar fáil sa sainmhíniú thíos agus ba cheart iad a chur san áireamh nuair atá tuiscint á baint as na ceisteanna sa suirbhé. Caith nóiméad, le do thoil, chun eolas a fháil orthu, más gá.

Ciallaíonn Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige aon socrú rialaithe a sholáthraíonn oideachas agus cúram ó bhreith go dtí go dtosaítear ar an mbunscoil – gan aird ar an suíomh, maoiniú, uaireanta oscailte ná ábhar cláir.

Ciallaíonn cúram leanaí in aois scoile aon seirbhís rialaithe do leanaí scoile 4-14 bliana d’aois (na haoiseanna siúd san áireamh), a oibrítear i rith ceann amháin nó níos mó de na tréimhsí a leanas: – Roimh an scoil – I ndiaidh na scoile – I rith saoirí scoile.

Duine féinfhostaithe é feighlí leanaí a thugann aire, leis nó léi féin amháin, do leanbh amháin nó grúpa beag leanaí in áit chónaithe féin an fheighlí leanaí.

Conas páirt a ghlacadh

Cibé acu más tuismitheoir, oideachasóir luathbhlianta, cleachtóir cúraim leanaí in aois scoile, soláthraí ELC/SAC thú nó más spéis leat todhchaí fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí in aois scoile, ba mhaith linn cloisteáil uait!

Iarrtar ort an suirbhé ar líne gearr seo a fhreagairt chun do thuairimí a roinnt linn! Úsáidfidh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais d’fhreagraí chun cabhrú le limistéir a aithint ina dteastaíonn athrú, lena dheimhniú conas é seo a chur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí, agus lena chinntiú go gcuirtear riachtanais gach páirtí leasmhair san áireamh in An Todhchaí a Mhúnlú.

Is féidir le daoine aonair nó grúpaí an suirbhé a fhreagairt. Más mian leat an suirbhé a fhreagairt mar ghrúpa, tá an treoir ceaptha tacú leat comhrá dearfach ionchuimsitheach a chur ar siúl ina mothaíonn gach duine go bhfuiltear ag éisteacht leo agus go bhfuil meas orthu.

Dúnfar an suirbhé Déardaoin, an 12 Márta.

Conversation Guide ELC SAC Survey gle
Amharc amharc

Cad a dhéanfaimid le d’fhreagraí?

Cuirfidh torthaí an chomhairliúcháin (an suirbhé agus imeachtaí comhairliúcháin) eolas ar fáil don mhéid a leanas:

Ceisteanna

Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil le shapingthefuture@dcde.gov.ie.

Fógra Príobháideachta

Ná cuir aon sonraí pearsanta san áireamh (e.g. ainmneacha, seoladh, eolas teagmhála). Bainfear aon sonraí pearsanta ó fhreagraí an tsuirbhé sula ndéanfar aon anailís orthu.

Is féidir gach freagra suirbhé a eisiúint faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014 agus tá siad faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat