Comhairliúchán poiblí maidir le leasuithe spriocdhírithe a bheartaítear a dhéanamh ar an Acht um Chlárú Sibhialta, 2004 le haghaidh daoine dá ndéantar difear de dheasca clárú breithe mícheart / mídhleathach

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán poiblí maidir le leasuithe spriocdhírithe a bheartaítear a dhéanamh ar an Acht um Chlárú Sibhialta, 2004 le haghaidh daoine dá ndéantar difear de dheasca clárú breithe mícheart / mídhleathach

Tá an Comhairliúchán ar oscailt


Sheol an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley, comhairliúchán poiblí maidir le leasuithe spriocdhírithe a bheartaítear a dhéanamh ar an Acht um Chlárú Sibhialta, 2004 (arna leasú leis an Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022) chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a sainaithníodh i bpléití le daoine dá ndéantar difear de dheasca cláruithe breithe míchearta / mídhleathacha.

Forléargas

Leis an Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022 tugadh isteach leasuithe ar an Acht um Chlárú Sibhialta, 2004 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a eascraíonn do dhaoine dá ndéantar difear de dheasca clárú breithe mídhleathach. Orthu sin áirítear leasuithe chun gur féidir clárú breithe duine dá ndéantar difear a cheartú; chun clárú ar leith a chruthú i gclár nua (an ‘clár faoi Chuid 3B’) chun féiniúlacht ‘saoil’ nó ‘shóisialta’ duine a léiriú; agus chun innéacs a chruthú lena nasctar an clár nua sin le clár na mbreitheanna.

Le linn pléití idir daoine dá ndéantar difear de dheasca clárú breithe mídhleathach agus oifigigh na Roinne, ardaíodh ábhair imní faoi ghnéithe den reachtaíocht:

  • Tá iontrálacha ar an gclár nua faoi Chuid 3B (lena léirítear féiniúlacht ‘saoil’ nó ‘shóisialta’ daoine) dúnta don phobal, seachas an duine dá ndéantar difear (agus, i gcásanna áirithe, a gharghaolta nó a garghaolta). Tríd sin, cuirtear cosc ar an teaghlach sínte, na glúnta amach anseo agus tríú páirtithe (amhail taighdeoirí) rochtain a fháil ar na taifid sin, beag beann ar mhianta an duine dá ndéantar difear.
  • Ní nach ionadh, de dheasca saincheisteanna téarmaíochta, is féidir íogaireachtaí ar leith teacht chun cinn i gcomhthéacsanna amhail clárú breithe mídhleathach. Leis an reachtaíocht tagraítear d’iontrálacha míchearta “a chealú” ar chlár na mbreitheanna agus is gá an teanga sin a fheabhsú.
  • D’fhéadfaí an teideal an ‘clár faoi Chuid 3B’ a fheabhsú freisin trí theideal níos tuairisciúla a úsáid lena léirítear cuspóir an chláir ar bhealach níos fearr. Maidir leis an teideal reatha, d’fhéadfaí a bheith den tuairim go léirítear leis sin gur ag leanúint de chleachtais na laethanta a bhí atáthar inar coinníodh faisnéis siar, inar ceileadh í nó inarb amhlaidh nár aithníodh í go hoscailte.

An méid a fhéachaimid lena bhaint amach

D’oibrigh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais go dlúth leis an bPríomh‑Oifig Chlárúcháin (GRO) chun leasuithe spriocdhírithe a fhorbairt lena bhfreagraítear don aiseolas a fuarthas ó dhaoine dá ndéantar difear.

Tá an tAire ag féachaint le dul i gcomhairle le daoine dá ndéantar difear agus lena dteaghlaigh agus le páirtithe ábhartha eile faoi na hathruithe beartaithe agus chun a chinntiú, a mhéid is féidir, go n‑éistfear le tuairimí na ndaoine uile dá ndéantar difear agus go gcuirfear san áireamh iad mar chuid den phróiseas comhairliúcháin.

Tá sé d’aidhm ag na leasuithe beartaithe cur leis an rochtain ar fhaisnéis duine dá ndéantar difear i gcás inar mian leis an duine dá ndéantar difear sin, agus feabhas a chur ar an téarmaíocht a úsáidtear sa reachtaíocht. De thoradh na leasuithe beartaithe:

  1. Bheadh daoine dá ndéantar difear in ann a iarraidh go gcinnteodh an Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO) go mbeadh an t‑innéacs lena nasctar a gcuid iontrálacha ar chlár na mbreitheanna agus an clár nua faoi Chuid 3B:

a) ar oscailt d’iniúchadh poiblí nó

b) ar oscailt d’iniúchadh arna dhéanamh ag daoine aonair ainmnithe ar leith.

Mura ndéanann an duine dá ndéantar difear aon iarraidh, leanfaidh an t‑innéacs de bheith dúnta d’iniúchadh poiblí faoi mar a bhí.

  1. Leasófar an teanga a úsáidtear sa reachtaíocht. Moltar:

a) seachas a rá gur ‘cealaíodh’ clárú breithe mícheart duine, sa reachtaíocht athbhreithnithe luafar gur ‘tarraingíodh siar’ an clárú breithe mícheart

b) Déanfar an ‘clár faoi Chuid 3B’ a athainmniú ‘an clár féiniúlachta saoil’

Táthar ag fiafraí de dhaoine dá ndéantar difear, dá dteaghlaigh agus de pháirtithe ábhartha eile, arbh fhearr leo foclaíocht éagsúil a bheith ann, a léiriú cén téarmaíocht arbh fhearr leo a bheith ann, mar chuid den chomhairliúchán.

Conas a bheith Rannpháirteach

Comhlánaigh ár suirbhé ar líne:

https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/IBRSurvey2026

(Nóta: Tá roghanna sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon le fáil ar leathanach an tsuirbhé.)

Mura bhfuil tú in ann an suirbhé atá nasctha thuas a chomhlánú, seol foirm theimpléid chomhlánaithe:

Doiciméad Teimpléid sa Bhéarla

Doiciméad Teimpléid sa Ghaeilge

nó:

  • Tríd an bpost, chuig an seoladh seo: Comhairliúchán Poiblí, an tAonad Beartais Uchtála, an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Bloc 1, Plaza Miesach, 50‑58 Sráid Bhagóid, Baile Átha Cliath 2, D02 XWI4, Saorphost F5055.

Déan teagmháil linn dá mba mhian leat cóip chlóite den fhoirm freagra a fháil.

Ba cheart freagraí ar shuirbhé a bheith i mBéarla nó i nGaeilge. Ar an drochuair, ní féidir breithniú a dhéanamh ar fhreagraí nach n‑úsáidtear an nasc suirbhé ná an fhoirm theimpléid iontu.

Má bhíonn cúnamh uait agus do fhreagra á chomhlánú agat, is féidir gur mian leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ionadaí Speisialta do Mharthanóirí Mí‑úsáide Institiúide.

Mar Ríomhphost: info@specialadvocate.ie

Ar an nGuthán: +353 (0)1 511 7660

Tríd an bPost: f/ch Ionadaí Speisialta do Mharthanóirí Mí-úsáide Institiúide, an Chéad Urlár, Teach Holbrook, Sráid Holles, Baile Átha Cliath 2, D02 EY84, Éire

Tabhair faoi deara nár cheart ach amháin do dhaoine atá os cionn 18 mbliana d’aois an comhairliúchán seo a chur i gcrích.

Cad é a dhéanfaimid le do fhreagra?

Déanfar athbhreithniú ar na freagraí uile a fhaightear agus déanfar eolas leo do dhréachtú na leasuithe spriocdhírithe ar Chuid 3B den Acht um Chlárú Sibhialta, 2004 (arna leasú leis an Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022) i leith daoine dá ndéantar difear de dheasca clárú breithe mícheart/mídhleathach.

Foilseoidh an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais tuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán in am trátha. Féadfaidh go mbeidh achoimre ar na freagraí a gheofar mar chuid de. Beidh aon achoimre go hiomlán anaithnidithe agus ní chuirfear aon fhaisnéis sainaitheantais san áireamh inti.

Conas a choinnímid d’fhaisnéis príobháideach

Is comhairliúchán poiblí é seo. Féadfaidh freagraí ar an suirbhé a bheith faoi réir scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 agus tá siad faoi réir reachtaíocht maidir le Cosaint Sonraí freisin. Ná cuir aon fhaisnéis atá pearsanta, rúnda ná íogair ó thaobh tráchtála de san áireamh i do fhreagraí. Glacfar leis gur féidir aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú a scaoileadh. Léigh faisnéis na Roinne maidir le cosaint sonraí anseo agus a fógra príobháideachta anseo.

Is é 5pm an 10 Aibreán 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil.

Má bhíonn aon cheisteanna agat, cuir ríomhphost chuig IBRsurvey2026@dcde.gov.ie

Athbhreithniú reachtúil ar oibriú an Achta um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022

Ar leithligh ón gcomhairliúchán seo, tá athbhreithniú reachtúil á dhéanamh ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais freisin ar oibriú an Achta um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022, chun féachaint ar an méid atá ag feidhmiú go maith agus ar an méid is gá a fheabhsú. In am agus i dtráth, foilseofar sonraí maidir le conas is féidir le daoine páirt a ghlacadh san athbhreithniú níos leithne seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat