Cuardaigh ar fad gov.ie

Éire Óg

Is éard is Éire Óg ann ná creat beartais na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga suas go dtí 24 bliana d'aois, a chlúdaíonn an tréimhse 2023-2028. Is í an fhís atá aici ná Éire a urramaíonn go hiomlán agus a thuigeann cearta leanaí agus daoine óga. Tá sí dírithe ar dhul i ngleic leis na dúshláin is mó a théann i bhfeidhm ar leanaí agus ar dhaoine óga in Éirinn sa lá atá innú ann, agus cuireann sí struchtúir láidre ar bun lena chinntiú go bhfuil cearta leanaí agus daoine óga chun tosaigh nuair a dhéanaimid cinntí a théann i bhfeidhm ar a saol.

Más mian leat a bheith ar an eolas maidir le himeachtaí, tionscnaimh and deiseanna a bhaineann le Éire Óg, is féidir leat an cnaipe seo thíos a chliceáil chun clárú lenár liosta seachadta. Chomh maith leis sin, is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann Éire Óg ach ríomhphost a chur chuig youngireland@dcde.gov.ie.

Cliceáil anseo chun an Creat Beartais Náisiúnta a léamh agus anseo chun breathnú ar fhoilseacháin a bhaineann le hÉire Óg.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, cliceáil anseo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat