An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Conas tuairisciú a dhéanamh ar an mBearna Phá idir na hInscní
In 2026, ní mór d’fhostóirí ag a bhfuil os cionn 50 fostaí a dtuarascálacha ar an mBearna Phá idir na hInscní a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin féin nó a chinntiú go mbíonn a dtuarascálacha inrochtana ag an bpobal ar bhealach éigin eile faoi dheireadh mhí na Samhna 2026.
D’fhorbair an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais bunachar sonraí láraithe tuairiscithe, an Tairseach don Bhearna Phá idir na hInscní.
Seoladh an Tairseach don Bhearna Phá idir na hInscní ar bhonn deonach i mí na Samhna 2025, agus tá sonraí ar an tairseach ar fáil don phobal le féachaint orthu agus comparáid a dhéanamh thar raon méadrach.
Beidh oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí ag a bhfuil os cionn 50 fostaí a bhfaisnéis faoin mbearna phá idir na hinscní a thuairisciú ar an Tairseach don Bhearna Phá idir na hInscní le haghaidh thimthriall tuairiscithe 2026. Tá an Tairseach ar fáil anois d’fhostóirí le clárú uirthi.
Ceanglófar fós ar fhostóirí a dtuarascálacha a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin féin nó a chinntiú go mbíonn siad inrochtana ar bhealach éigin eile ag an bpobal.
Dréachtaíodh reachtaíocht chun an reachtaíocht maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a leasú chun an bonn reachtúil a sholáthar ionas go gceanglófar ar fhostóirí a bhfaisnéis faoin mbearna phá idir na hinscní a thuairisciú tríd an tairseach ar líne in 2026.
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí: