Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Comhrá Náisiúnta ar an Oideachas – na Chéad 5 Bliana agus Cúram Leanaí in Aois Scoile


Mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas, tá an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais (DCDE) ag tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar thodhchaí fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí in aois scoile (feighlíocht leanaí san áireamh).

Cad é Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile?

Ciallaíonn Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige aon socrú rialaithe a sholáthraíonn oideachas agus cúram ó bhreith go dtí an iontráil go bunscoile – gan aird ar an suíomh, cistiú, uaireanta oscailte nó ábhar cláir.

Ciallaíonn cúram leanaí in aois scoile aon seirbhís rialaithe do leanaí scoile 4-14 bliana d’aois (na haoiseanna siúd san áireamh), a oibrítear i rith ceann amháin nó níos mó de na tréimhsí a leanas: – roimh an scoil – i ndiaidh na scoile – i rith laethanta saoire scoile.

Duine féinfhostaithe é feighlí leanaí a thugann aire, leis nó léi féin amháin, do leanbh amháin nó grúpa beag leanaí in áit chónaithe féin an fheighlí leanaí.

Cé ar mhaith linn cloisteáil uathu?

Cibé acu más tuismitheoir, oideoir luathbhlianta, cleachtóir cúraim leanaí ar aois scoile, feighlí leanaí, soláthraí thú nó más spéis leat todhchaí fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí in aois scoile, ba mhaith linn cloisteáil uait.

Cén fáth ar mhaith linn cloisteáil uait?

Cabhróidh do dhearcthaí chun bonn eolais a chur faoi shaincheisteanna atá le plé mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas. D’fhéadfaí a áireamh leis sin ná rudaí faoi fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile ba cheart nó ná cheart a athrú, na rudaí ar cheart tús áite a thabhairt dóibh, agus conas foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí in aois scoile a fheabhsú do leanaí agus a dteaghlaigh.

Cuirfidh do dhearcthaí bonn eolais faoi An Todhchaí a Mhúnlú a fhorbairt, ina leagfar amach cur chuige an Rialtais chun córas inacmhainne ardchaighdeáin inrochtana fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí in aois scoile a fhorbairt. Tá eolas breise ar An Todhchaí a Mhúnlú ar fáil anseo.

Cuirfidh do dhearcthaí bonn eolais freisin faoin straitéis a thiocfaidh in ionad Na Chéad 5, an Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh. Tá eolas breise ar Na Chéad 5 ar fáil anseo.

Cad a bheidh i gceist leis an bpróiseas comhairliúcháin seo?

Céim 1: Seolfar suirbhé ar líne i mí Feabhra agus beidh sé mar chuid den Chomhrá Náisiúnta ar an Oideachas. Déanfaidh an suirbhé iniúchadh ar thosaíochtaí infheistíochta, chomh maith leis an ról atá ag Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúraim Leanaí in Aois Scoile sa chóras oideachais, ag cur leis an suirbhé reatha de chuid an Roinne Oideachas agus Óige ar ról na scoileanna.

Céim 2: Suirbhé ar shampla ionadaíoch náisiúnta de thuismitheoirí.

Céim 3:Beart Comhairliúcháin le Leanaí agus Daoine Óga

Céim 4: Imeachtaí comhairliúcháin áitiúla a reachtófar go déanach i mí Aibreáin nó go luath i mí na Bealtaine agus a eagrófar i gcomhar leis na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí

Céim 5: Imeacht comhairliúcháin a reachtófar i mí Meithimh: An Fóram Náisiúnta maidir leis An Todhchaí a Mhúnlú: Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Cúram Leanaí in Aois Scoile.

Privacy Notice
Privacy Notice Final - The National Conversation on Education: the First Five Years and School-Age Childcare
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat