Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cumarsáid


Baineann an chumarsáid le gach ócáid sa lá nuair a labhraímid le leanaí agus nuair a éistimid leo. Is í an aidhm atá agat ná deiseanna a thabhairt dóibh i gcónaí labhairt agus a stór focal a mhéadú.

Gníomhaíochtaí

Scéal a Thosú

Tosaigh scéal samhlaíochta trí fhéachaint amach an fhuinneog agus rud éigin a rá mar ‘Fadó fadó bhí sióg bheag bhídeach a bhí ina cónaí faoin gcrann sin’ Spreag do leanbh an chéad líne eile a rá agus tógann sibh an scéal le chéile. Is féidir leis na páistí an scéal a tharraingt.

Bain Úsáid as Gnáthamh

Más féidir leat gnáthamh a chur sa lá, b’fhéidir go mbeadh sé rud beag mar seo.

  • Éirigh agus gléas gach duine.
  • Ith bricfeasta.
  • Téigh amach sa ghairdín/sa chúlchlós agus tabhair bia do na héin nó téigh ag siúl ag tabhairt faoi deara an gá don scaradh sóisialta.
  • Tar abhaile agus nigh do lámha.
  • Bácáil rud éigin don lón.
  • Tóg go bog é ar feadh tamaill agus léigh leabhair.
  • Féach ar scannán le chéile.
  • Déan roinnt tascanna le chéile.
  • Déan plean don dinnéar.
  • Déan an dinnéar.
  • Lig bhur scíth roimh am codlata.

Cluichí cumarsáide

Bígí ag léamh le chéile. Cabhraíonn sé le gnáthamh agus muintearas a fhorbairt.

Bain triail as an gcluiche iontach seo – déan cumarsáid gan focal a rá, ag baint úsáid as comharthaí agus gothaí gnúise amháin.

Bíonn cluichí cártaí agus cluichí cláir iontach chun focail nua agus sealaíocht a spreagadh.

Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge de na físeáin seo a leanas ar fáil.

Físeáin

Puppets

Small-World Play

Acmhainní

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat