Seo Linn ag Súgradh Am Scáileáin
- Foilsithe: 22 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 23 Bealtaine 2020
Am Scáileáin le linn na hÉigeandála
Seo é an méid a deir an Cumann Súgartha Idirnáisiúnta faoi am scáileáin:
Bíonn formhór teaghlaigh ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir an méid ama a chaitear ar scáileáin agus am a bheith ann le haghaidh cineálacha eile súgartha agus gníomhaíochtaí, lena n-áirítear am don teaghlach le chéile.
Má tá rochtain agat ar scáileáin sa bhaile i rith phaindéim an choróinvíris, is bealach iontach iad do do pháiste:
- a bheith i dteagmháil le cairde, leis an scoil, le grúpaí sóisialta agus le gaolta
- eispéiris, imní agus smaointe a roinnt
- píosa spraoi a bheith aige agus sult a bhaint as an saol
- a bheith ag gabháil do chluiche ar a ndíríonn sé a aird ar fad
- a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha
- faisnéis, nuacht agus comhairle a rochtain.
Ar ndóigh thuigfeá go scaoilfí le cuid de na gnáthrialacha sa ghéarchéim reatha. Ach níl sé go maith ag páiste an lá ar fad a chaitheamh ar an scáileán, cé go dtugann sé deiseanna agus eispéiris thábhachtacha do do pháiste freisin.
Mar shampla, b’fhéidir go mbeadh deacracht ag do pháiste dul a chodladh, nó d’fhéadfaidís cailleadh amach ar ghníomhaíochtaí eile.
Seo roinnt bealaí chun cabhrú le do pháiste an dá thrá a fhreastal:
- Taispeáin dó go dtuigeann tú agus go bhfuil suim agat ann. Abair leis go dtuigeann tú nach bhfuil scáileáin go maith nó go dona ar fad, nach bhfuil sé dubh agus bán. D’fhéadfá triail a bhaint as roinnt dá chuid cluichí a imirt, nó iarr air múineadh duit faoi na haipeanna is maith leis.
- Lean ag bogadh thart. Spreag do pháiste chun sosanna rialta a ghlacadh, seachas a bheith ina shuí nó ina luí siar ar feadh tréimhse rófhada. Is féidir siúl timpeall, agus réaltléimeanna nó brúnna aníos a dhéanamh chun an ráta croí a mhéadú.
- Téigh amach faoin aer. Más féidir é, spreag é chun roinnt aclaíochta a dhéanamh faoin aer.
- Féach amach an fhuinneog. Tá sé go maith ag súile do pháiste féachaint nó fócasú ar rud éigin eile trí fhéachaint ar fhíor na spéire nó ar fhoirgnimh i bhfad uaidh.
- Ná bíodh aon scáileán os comhair do pháiste ag am béile. Beidh deis agaibh labhairt le chéile agus sásamh a bhaint as an mbéile.
- Déan iarracht scáileáin a sheachaint sula dtéann do pháiste a chodladh. Beidh sé níos éasca dá bharr sin ag do pháiste titim ina chodladh, agus éirí ar maidin.
- Déan pleananna le chéile. Pléigh le do pháiste cén t-achar a cheapann sé féin atá sé ceart go leor scáileán a úsáid gach lá. Iarr air plean a dhéanamh, agus fiafraigh dó cad a chuideodh leis cloí leis an bplean.
- Cuimhnigh. B’fhéidir gur mhaith le páiste níos sine a bheith ag déanamh rudaí a rinne sé nuair a bhí sé níos óige nó a bheith ag súgradh le seanbhréagáin a thaitin go mór leis. Is féidir leis sin cabhrú leis mothú slán sábháilte.
Roinnt comhairle do dhaoine fásta:
- Déan iarracht gan a bheith ag seiceáil nuashonruithe ar an bpaindéim coróinvíris arís is arís. Déan iarracht cinneadh coinsiasach a dhéanamh chun fógraí a mhúchadh nó a bhalbhú. Agus déan iarracht gan an nuacht a sheiceáil ach díreach cúpla uair sa lá.
Naíonáin agus páistí an-óg
Is maith le naíonáin scáileáin. Go mór mhór má bhíonn na daoine timpeall orthu ar scáileáin. Ach ní ó scáileán a thagann na rudaí is tábhachtaí a theastaíonn ó naíonáin agus ó pháistí an-óg dá bhforbairt. Is iad na rudaí is tábhachtaí ná teagmháil le daoine eile agus an teaghlach a bheith ag caint, ag baint barróga dá chéile, ag gabháil fhionn agus ag súgradh leo.
Feicfidh tú thíos moladh na hEagraíochta Domhanda Sláinte do naíonáin agus do pháistí an-óg:
