Tionscnamh Náisiúnta Síolta Aistear
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Meán Fómhair 2025
Bunaíodh an Tionscnamh Náisiúnta Síolta Aistear (TNSA) in 2016 chun tacú le rolladh amach comhordaithe Síolta agus Aistear, na creataí náisiúnta cáilíochta agus curaclaim don Earnáil um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige.
Is tionscnamh comhoibritheach é seo deartha chun aontú Síolta agus Aistear, ag tacú le suíomh Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige chun taithí fhoghlama ardchaighdeáin a sholáthar do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga. Is féidir le hoideoirí ar fud na hÉireann rochtain a fháil ar fhorbairt ghairmiúil, meantóireacht agus acmhainní praiticiúla.
Tá sé faoi stiúir An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí náisiúnta agus cuirtear i bhfeidhm é trí chur chuige comhordaithe ar fud na tíre.
Oibríonn na Speisialtóirí Luathbhlianta um Fhorbairt Cáilíochta Tús Níos Fearr go dlúth leis na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí, a chuireann tacaíochtaí áitiúla ar fáil, chun tacaíocht a thabhairt do sholáthraí seirbhíse.
Is féidir le Oideoir Luathbhlianta rochtain a fháil ar:
• Meantóireacht ar an láthair
• Ceardlanna saincheaptha
• Agus uirlisí praiticiúil le taiscéalaíocht ar fhoghlaim faoi stiúir leanaí, súgradh agus caidreamh d'ardchaighdeáin
I gcroílár an tionscnaimh tá an Treoir Chleachtais Aistear Siolta- acmhainn ar líne a thugann an dá chreat le chéile ar bhealach praiticiúil agus i bhformáid shothuigthe.
Cuireann sé moltaí, samplaí agus uirlisí machnaimh ar fáil chun cabhrú le hoideoirí na creatlaí a chur i bhfeidhm ina cleachtaí laethúla.
Má tá aon ceisteanna agat nó le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoin Tionscnamh Náisiúnta Síolta Aistear, déan teagmháil le nsai@betterstart.ie
Na heagraíochtaí a thacaíonn leis an TNSA na:
An Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, (RLMC)
An Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ),
Tús Níos Fearr - Forbairt Cáilíochta Luathbhlianta Náisiúnta
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ,
Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCCL) agus
Eagraíochtaí Náisiúnta Deonacha um Chúram Leanaí (ENDCLanna)