24 tionscadal le maoiniú faoin nGlao ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Pobail LADTI+ 2024
- Foilsithe: 20 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Cuirfear €1.4m ar fáil do 24 tionscadal bunaithe ar sheirbhís pobail LADTI+.
- Leithdháilfear deontais suas le €100,000 ar eagraíochtaí rathúla faoi Ghlao ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Pobail LADTI+ 2024 chun cabhrú le forbairt bhonneagar pobail tuaithe le bheith cuimsitheach agus fáilteach roimh dhaoine LADTI+, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i seirbhísí LADTI+ agus tacú le heagraíochtaí pobail LADTI+ atá ann cheana.
- Leithdháilfear deontais idir €20,000 agus €75,000, faoin Chiste Óige LADTI+ 2024, chun tacú le tionscadail a dhéanann difríocht lena chinntiú go bhfuil daoine óga LADTI+ sofheicthe, cuimsithe, go gcaitear go cothrom, go sláintiúil agus go sábháilte leo ina bpobail.
D’fhógair an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige inniu na 24 tionscadal LADTI+ atá chun maoiniú a fháil faoin nGlaoch ar Mhaoiniú do Sheirbhísí Pobail LADTI+ 2024 agus faoin gCiste Óige LADTI+ 2024. Tríd an maoiniú seo, cuirfear iomlán de €1,398,916 ar fáil chun tacú le heagraíochtaí ar fud na hÉireann chun cabhrú le forbairt bhonneagar pobail tuaithe le bheith cuimsitheach agus fáilteach roimh dhaoine LADTI+, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i seirbhísí LADTI+, tacú le heagraíochtaí pobail LADTI+ atá ann cheana féin agus le tionscnaimh a thacaíonn le daoine óga LADTI+.
Soláthraíonn an Straitéis Náisiúnta LADTI+ 2019-2021 maidir le Cuimsiú a ghlac an Rialtas agus a seoladh i mí na Samhna 2019, creat uile-Rialtais chun saincheisteanna a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu a d’fhéadfadh srian a chur ar dhaoine LADTI+ taitneamh a bhaint as comhionannas iomlán iarbhír i sochaí na hÉireann. Tá an Straitéis bunaithe ar cheithre cholún théamacha a sholáthraíonn fís d’Éirinn ina bhfuil baill den phobal LADTI+ sofheicthe agus cuimsithe, ina gcaitear go cothrom, go sláintiúil, go sábháilte leo agus lena dtacaítear leo. Tá infheictheacht dhearfach agus ionadaíocht mhéadaithe neamh-steiritíopach ar fhéiniúlachtaí LADTI+ ríthábhachtach chun tacú le hathrú fadtéarmach ar dhearcadh.
Tá ról tábhachtach ag Glao ar Mhaoiniú Seirbhísí Pobail LADTI+ 2024 agus ag an gCiste Óige LADTI+ maidir le cuspóir foriomlán na Straitéise Náisiúnta um Chuimsiú LADTI+ a bhaint amach. Tá sé mar aidhm ag tionscadail rathúla cuimsiú a chur chun cinn, cearta a chosaint agus cáilíocht na beatha agus na folláine a fheabhsú do dhaoine LADTI+ in Éirinn.
CRÍOCH/
Nótaí d’Eagarthóirí:
Aidhm na dtionscadal/na ngníomhaíochtaí
Bhí an Glao ar Mhaoiniú Seirbhísí Pobail LADTI+ 2024 ar thograí ag reáchtáil ó 28 Meitheamh 2024 – 31 Iúil 2024. In 2024, cuireadh €998,915.68 ar fáil chun tacú le 15 tionscadal LADTI+ le maoiniú deontais €25,000 - €100,000 in aghaidh gach tionscadal Scéim A ar éirigh leo agus €5,000 - €10,000 in aghaidh gach tionscadal Scéim B ar éirigh leo.
Tionscadail Scéim A ar éirigh leo.
Tionscadail Scéim B ar éirigh leo.
Ciste Óige LADTI+ 2024
I mbliana tá an ciste sonrach á fheidhmiú ag an Roinn chun tacú le tionscnaimh ag leibhéal pobail, réigiúnach agus náisiúnta a dhéanann difríocht chun a chinntiú go bhfuil daoine óga LADTI+ sofheicthe, cuimsithe, go gcaitear go cothrom leo, sláintiúil agus sábháilte ina bpobail. Is beart aonuaire é an ciste agus tá sé beartaithe go gcomhlánóidh sé an Ciste Seirbhísí Pobail LADTI+ atá á fheidhmiú ag an Roinn. Is é cuspóir an chiste tacú le tionscnaimh a dhéanann difríocht, lena n-áirítear trí:
- Thionscnaimh chun cur le cumas seirbhísí oibre don aos óg freastal ar riachtanais daoine óga LADTI+, cibé acu i ngrúpaí tiomnaithe nó eile, lena n-áirítear trí oiliúint agus acmhainní eile;
- Thionscnaimh chun feabhas a chur ar na seirbhísí a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha nó eagraíochtaí pobail ar fáil do dhaoine óga LADTI+, amhail acmhainn nó láithreacha for-rochtana breise a sholáthar;
- Thionscnaimh chun cuimsiú daoine óga LADTI+ a chur chun cinn i suíomhanna oideachais, laistigh den ionad oibre, nó sa tsochaí níos leithne;
- Thionscnaimh chun tacú le cuimsiú sóisialta agus aghaidh a thabhairt ar il-idirdhealú do dhaoine óga LADTI+ atá i mbaol níos airde imeallaithe amhail an Lucht Siúil, na Romaigh, pobail imirceacha, daoine faoi mhíchumas, etc.;
- Thionscnaimh chun dul i ngleic le tionchar iargúltacht na tuaithe ar bhaill óga den phobal LADTI+.
Tionscadail Rathúla.