42 tionscadal le maoiniú faoi Ag Tacú le Tuismitheoirí, Ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí 2024/25
- Foilsithe: 17 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 19 Nollaig 2024
D’fhógair an tAonad um Beartas Tacaíochta do Thuismitheoirí (ABTT) inniu go bhfuil maoiniú bronnta ar 42 tionscadal faoin gCiste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí, 2024/25. Gheobhaidh gach tionscadal rathúil deontais de €2,000 nó €5,000, chun tacú le forbairt agus cur chun cinn tionscnamh piarthacaíochta éagsúla do thuismitheoirí ar fud na tíre i rith 2025.
Tá an ciste sin mar chuid de Ag Tacú le Tuismitheoirí, Samhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta Tuismitheoireachta, a fhéachann lena chinntiú go bhfuil gach tuismitheoir muiníneach agus cumasach ina ról tuismitheoireachta, ag cuidiú leis na torthaí is fearr a bhaint amach do leanaí agus do theaghlaigh.
Tugann taighde le fios go bhfuil tuismitheoirí agus iad siúd atá i ról tuismitheora níos compordaí ag lorg tacaíochta óna bpiaraí. tionscnaimh piar-tacaíochta.
Cuireann tionscnaimh phiarthacaíochta do thuismitheoirí na nithe seo a leanas chun cinn: scileanna tuismitheoireachta sláintiúla, mothú cumasaithe níos mó agus braistint chómhuintearais. Cuidíonn tionscnaimh phiarthacaíochta do thuismitheoirí go háirithe le tuismitheoirí leanaí agus daoine óga atá ag déileáil le himní, le dúlagar nó le saincheisteanna meabhairshláinte eile, chomh maith le tuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais chúraim chasta acu.
I mbliana, mhéadaigh luach iomlán an chiste ó €75,000 go €100,000 agus tugadh isteach sraith nua de mhaoiniú feabhsaithe. Soláthraíonn an tsraith nua mhaoinithe sin 5 dheontas de €5,000 chun tacú le leathnú na dtionscnamh bunaithe piarthacaíochta do thuismitheoirí, a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil tionchar dearfach acu ar thuismitheoirí agus cúramóirí.
Clúdaíonn téamaí coitianta a tháinig chun cinn ó iarratasóirí rathúla na bliana seo réimsí mar phiarthacaíocht do thuismitheoirí singile, beathú cíche, tuismitheoirí a fhulaingíonn foréigean teaghlaigh agus tionscnaimh do thuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais bhreise tacaíochta acu.
Cuirfear sonraí maidir le tionscnaimh chistiúcháin amach anseo faoin tSamhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí in iúl trí chainéil mheáin shóisialta RLCMLÓ.
Tionscadail Rathúla
Nótaí
Ag Tacú le Tuismitheoirí: Forbraíodh Samhail Náisiúnta de Sheirbhísí Tacaíochta do Thuismitheoirí de réir gealltanais in Na Chéad 5, straitéis uile-rialtais do naíonáin, leanaí óga agus a dteaghlaigh 2019-2028. D’fhorbair grúpa oibre comhoibríoch an tsamhail faoi cheannas na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ), le hionchur ó raon leathan páirtithe leasmhara ó ranna rialtais éagsúla, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí pobail agus deonacha.
Tógann an Ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí ar na gealltanais atá leagtha amach laistigh de Ag Tacú le Tuismitheoirí, trí mhaoiniú a sholáthar chun tacaíochtaí a chabhraíonn le tuismitheoirí a fheabhsú agus a chur chun cinn. Bhí iarratais ar Chiste Tacaíochta Tuismitheoirí 2024/25 oscailte ó 30 Meán Fómhair go 29 Deireadh Fómhair 2024, agus dáileadh iomlán de €100,000 ar 42 eagraíocht.
Tá an Ciste Piarthacaíochta do Thuismitheoirí i bhfeidhm ó 2023, agus cuireann sé deontais de €2,000 ar fáil d’eagraíochtaí pobail, deonacha agus reachtúla a fheidhmíonn gníomhaíochtaí piarthacaíochta do thuismitheoirí. Leathnaíodh scóip an chiste i mbliana nuair a tugadh isteach sraith fheabhsaithe mhaoinithe, a chuir deontais de €5,000 ar fáil chun tacú le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar thionscnaimh piarthacaíochta do thuismitheoirí a bunaíodh roimhe seo.
Is féidir ceisteanna a chur chuig an Aonad Beartais um Thacaíocht do Thuismitheoirí trí ríomhphost a sheoladh chuig: parentingsupport@equality.gov.ie.