English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

5ú Tuarascáil Thréimhsiúil na hÉireann faoin gCreat-CCMN curtha faoi bhráid Chomhairle na hEorpa

Tá téacs an Chúigiú Tuarascáil Thréimhsiúil faoin gCreat-Choinbhinsiún um Chosaint Mionlaigh Náisiúnta (CCMN) ceadaithe ag an gComh-aireacht an tseachtain seo. Tá an tuarascáil seo curtha faoi bhráid Choiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa faoi CCMN anois.

Dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, a thug an Tuarascáil Stáit faoi bhráid an Rialtais:

“Tá Éire an-tiomanta do chosaint a grúpaí mionlaigh. Tá an-áthas orm go bhfuil an Cúigiú Tuarascáil Stáit curtha faoi bhráid Chomhairle na hEorpa inniu, agus táim ag tnúth le tuairim agus moltaí Choiste Comhairleach an CCMN a fháil mar chuid den timthriall monatóireachta seo.”

Conradh iltaobhach de chuid Chomhairle na hEorpa atá ina cheangal dlí é an Creat-Choinbhinsiún um Chosaint Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint (CCMN) atá tiomanta do chosaint na mionlach náisiúnta, a shínigh Éire an 1 Feabhra 1995 agus a dhaingnigh an 7 Bealtaine 1999. Faoin CCMN, cuireann Éire tuarascálacha tréimhsiúla isteach ag cur síos ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm le cúig bliana anuas, ag tagairt do mholtaí Chomhairle na hEorpa, agus a chlúdaíonn cúrsaí a bhaineann le Taistealaithe agus leis an bpobal Romach.

D’ullmhaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) Cúigiú Tuarascáil na hÉireann, i gcomhairle le gach Roinn ábhartha eile. Tugadh cuireadh freisin d'ionadaithe na n-eagraíochtaí Taistealaithe agus Romach a gcuid tuairimí a chur isteach agus tá ábhar iomlán a gcuid tuairimí san áireamh mar Aguisín leis an Tuarascáil Stáit. I bhfianaise an phróisis chomhairliúcháin sin, rinneadh roinnt leasuithe ar an dréacht-tuarascáil chun na tuairimí a nochtadh a léiriú. Tá an Cúigiú Tuarascáil Stáit ar fáil ag: Cúigiú Tuarascáil Thréimhsiúil na hÉireann faoin CCMN.

(Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).


Nóta d'Eagarthóirí

Díríonn Cúigiú Tuarascáil na hÉireann ar Taistealaithe agus tuairiscítear go príomha ar bhearta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna a ardaíodh sa cheathrú timthriall monatóireachta agus ar chéimeanna breise chun staid Taistealaithe in Éirinn a fheabhsú. Déileálann an Tuarascáil Stáit freisin le saincheisteanna áirithe maidir leis an bpobal Romach in Éirinn, mar, cosúil le Taistealaithe Éireannach, tá riachtanais shonracha ag na Romach agus is féidir leo a bheith i mbaol mór imeallaithe agus idirdhealaithe, agus go bhfuil Taistealaithe agus na Romach nasctha i dTaistealaithe Náisiúnta na hÉireann agus Straitéis um Chuimsiú na Romach.

D’ullmhaigh DCEDIY Cúigiú Tuarascáil na hÉireann, i gcomhairle leis na Ranna Oideachais; Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht; Gnóthaí Eachtracha agus Trádáil; Sláinte; Coimirce Sóisialach; Tithíocht, Pleanáil, Pobal agus Rialtas Áitiúil; Ceartas; Forbairt Tuaithe agus Pobail; agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Ina theannta sin, tugadh cuireadh d’eagraíochtaí ionadaíocha Taistealaithe agus na Romach agus páirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach i scríbhinn, mar fhreagra ar an dréacht-tuarascáil. Cuireadh na tuairimí agus aiseolas a fuarthas san áireamh agus an dréacht deiridh á chur le chéile, agus tá ábhar iomlán na n-aighneachtaí san áireamh mar Aguisín chuig an Tuarascáil Stáit.

Áireofar sa chúigiú timthriall monatóireachta cuairt ó thoscaireacht den Choiste Comhairleach go hÉirinn i Ráithe 3, chun bualadh le hoifigigh rialtais, ionadaithe ó mhionlaigh, ENRanna, Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine srl.