Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O'Gorman TD i gceannas ar fhoireann an Stáit atá ag freastal ar an Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (ATU).

Inniu bhí An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O'Gorman TD i gceannas ar fhoireann an Stáit agus iad ag freastal go fíorúil ar an Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (ATU) mar chuid na Náisiún Aontaithe. Mar chuid d’fhoireann an Stáit bhí oifigigh sinsearacha ann ó ranna éagsúla a bhfuil cearta daonna mar dhualgais orthu.

Tá ATU an Stáit bunaithe ar Thuarascáil Stát, a seoladh Mí Lúnasa 2021. Rinneadh próiseas comhairliúcháin ar líne i Mí na Bealtaine 2021 i gcomhar leis an Tuarascáil agus mar thoradh air sin fuarthas aiseolas agus tuarascálacha comhthreomhara ó pháirtithe leasmhara agus fuarthas eolas i dtuarascálacha ó chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe.

Le linn an athbhreithnithe thug an tAire O’Gorman achoimre ar an méid a bhí bainte amach ag an Stát i réimse na gcearta daonna ó tharla an t-athbhreithniú roimhe seo i 2016. I measc na rudaí a bhí bainte amach d’éirigh leis an Stát daingniú a dhéanamh ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus ar Choinbhinsiún Iostanbúl faoi fhoréigean in aghaidh na mban. D’aithin an Stáit eitneacht an Lucht Siúil, d’fhorbair an Stát an tríú Straitéis Náisiúnta um Foréigean. Teaghlaigh, Gnéis agus Inscne-bhunaithe agus leanadar ar aghaidh leis an athchóiriú ar an gcóras póilíneachta. Bunaíodh ciste neamhspleách maidir le frith-chiníochais, foilsíodh pháipéir bháin chun deireadh a chur le Soláthar Díreach agus Seirbhís Tacaíochta Cosanta Idirnáisiúnta nua a bhunú. Lena chois sin seoladh straitéisí éagsúla maidir le comhionannas ionas go mbeadh an Stát a bheith mar áit ní ba cothroime chun cónaí ann.

Thug an tAire aitheantas don ról lárnach a bhí ag an tsochaí shibhialta sa phróiseas ATU agus don ról a bheidh ag sochaí sibhialta chun cearta daonna a chur chun cinn as seo amach. Dúirt an tAire:

“Is próiseas fíor-thábhachtach don Stát an ATU toisc go mbíonn deis ag na Stáit eile piarmheasúnú a dhéanamh ar an méid dul chun cinn atá déanta ag an Stát sa réimse cearta daonna. Tá bród orm as an méid atá déanta againn chun cearta daonna a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn domhanda. Ag an am céanna i gcónaí bíonn ceisteanna nua ag teacht chun cinn agus dúshláin nua chun tabhairt faoi.”

Dúirt an tAire chomh maith:

“Ba mhaith liom moladh a thabhairt don earnáil neamhrialtasach agus a bhí mar chuid lárnach sa phróiseas comhairliúcháin. Tá an Rialtas ag súil go mór le hoibriú leis an tsochaí shibhialta agus aghaidh a thabhairt ar na moltaí a fuaireamar inniu.”

Mar chuid den athbhreithniú rinne 105 stát ionchur labhartha ina raibh moltaí éagsúla faoi chearta daonna agus chun an Stát machnamh a dhéanamh orthu.

DEIREADH

Nótaí don Eagarthóir:

Is é an t-Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann (ATU) an t-aon bhealach piarmheasúnú a dhéanamh mar chuid de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine. Cuireadh tús leis an bpróiseas ATU i 2008 agus mar chuid den phróiseas déantar athbhreithniú ar thaifead chearta daonna gach ball de chuid na Náisiún Aontaithe gach 4 bliana go leith. Seoladh chéad Tuarascáil Náisiúnta an Stáit i Mí Iúil 2011 agus rinneadh athbhreithniú foirmiúil sa Ghinéiv i Mí Dheireadh Fómhair 2011. Seoladh an dara Tuarascáil Náisiúnta i Mí Feabhra 2016 agus i Mí na Bealtaine 2016 rinneadh athbhreithniú foirmiúil air sa Ghinéiv.

Bíonn an ATU féin á stiúradh ag an Grúpa Oibre de chuid an ATU, sa Ghrúpa Oibre faightear 47 ball ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine. Bíonn deis ag gach tír as na 192 tír moltaí a dhéanamh chuig an tír atá faoi athbhreithniú. Bíonn Troika ann ina mbíonn trí bhall ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus iad ag feidhmiú mar rapóirtéir agus ag cuidiú le hathbhreithniú gach Stát. San ATU39 an ceann ina raibh an Stát faoi athbhreithniú bhí daoine ón tSúdáin, ón nGearmáin agus ón Úcráin.

Is é an tAire Roderic O'Gorman TD a bhí mar cheannaire ar thoscaireacht an Stáit agus in éineacht leis bhí oifigigh sinsearacha ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ón Roinn Sláinte, ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón Roinn Dlí agus Cirt, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is é an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a bhí ag comhordú athbhreithniú an Stáit maraon le Tuarascáil Náisiúnta an Stáit ATU agus iad iarrtha trí Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (rún 16/21). Seoladh an tríú Tuarascáil Náisiúnta chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine i Mí Lúnasa 2021.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas ATU mar a bhaineann se leis an Stát, is féidir dul go dtí an leathanach seo (is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil):

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat