Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire O’Gorman agus an tAire Stáit Anne Rabbitte ag bualadh le páirtithe leasmhara mar chuid de Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Míchumais 2024-2026

Buailfidh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, agus an tAire Stáit le freagracht speisialta as Míchumas, Anne Rabbitte, le páirtithe leasmhara míchumais inniu (an 22 Bealtaine) mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Míchumais.

Seoladh an Plean Gníomhaíochta i mí na Nollag agus is éard is aidhm leis ná acmhainn i sainseirbhísí míchumais a mhéadú chomh maith le múnla an tseachadta seirbhíse a athchóiriú le fócas ar inbhuanaitheacht.

Ag imeacht an lae inniu do pháirtithe leasmhara, tabharfar le chéile cuid leathan d’úsáideoirí seirbhíse agus de chomhpháirtithe seachadta chun plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun an Plean a chur i bhfeidhm agus chun a chlár oibre athchóirithe a chur chun cinn go dtí 2026. Beidh ionadaíocht ar an lá ó Eagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas, eagraíochtaí soláthraithe seirbhíse, grúpaí abhcóideachta do dhaoine faoi mhíchumas, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, eagraíochtaí reachtúla amhail an tÚdarás Náisiúnta Míchumais agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte chomh maith le Ranna Rialtais.

Freastalóidh thart ar 80 toscaire, chun tairbhe a gcuid taithí agus saineolais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú le seachadadh an Phlean Gníomhaíochta a bhrú chun cinn i gcomhar agus i gcomhpháirtíocht. Pléifidh na toscairí cur i bhfeidhm an Phlean sna trí bliana amach romhainn faoi mhúnlaí reatha seirbhíse, ach fiosróidh siad freisin conas a d’fhéadfadh samhail leasaithe de sholáthar seirbhíse cumas seirbhíse níos mó a bhaint amach, agus ag an am céanna inbhuanaitheacht a chinntiú do sholáthraithe seirbhíse amach anseo.

Tá sé beartaithe go leanfar den dlúthchomhar le daoine faoi mhíchumas agus le comhpháirtithe seachadta le linn chur i bhfeidhm an phlean reatha agus le linn na forbartha ar an bplean a thiocfaidh i gcomharbacht air don tréimhse i ndiaidh 2026.

Seoladh an Plean Gníomhaíochta um Míchumas i mí na Nollag 2023 agus is é an chéad chéim de mholtaí an Athbhreithnithe ar an Acmhainn Míchumais a chur i bhfeidhm é. Tá spriocanna uaillmhianacha sa phlean maidir le seirbhísí a leathnú, chomh maith le bealach chun seirbhísí a dhéanamh níos dírithe ar an duine, de mheon UNCRPD, trí nuálaíocht straitéiseach agus athchóiriú beartais.

Dúirt an tAire O’Gorman:

“Táim thar a bheith bródúil gur sheol mé an Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Míchumais 2024-2026 laistigh de 9 mí tar éis aistriú na bhfeidhmeanna. Tá sé i gceist agam go mbeidh guth agus ról ag daoine faoi mhíchumas, chomh maith lenár bpríomhpháirtithe seachadta eile, agus muid ag dul ar aghaidh chun an plean seo a chur i bhfeidhm. Beidh an t-imeacht seo ar an gcéad cheann den iliomad rannpháirtíochtaí atá le teacht agus an Plean Gníomhaíochta á chur chun cinn againn agus táim ag tnúth le bualadh le toscairí agus labhairt leo inniu.”

Dúirt an tAire Rabbitte:

“Má tá rud amháin ann a leanann daoine faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh á chur ar na súile dom, is é go dteastaíonn rochtain níos fearr uathu ar sheirbhísí. Cuirfimid é sin ar fáil, a bhuí don Phlean Gníomhaíochta seo, le níos mó maoinithe agus níos mó acmhainní chun acmhainn seirbhíse a mhéadú. Ba mhaith linn freisin tuilleadh rogha agus tuilleadh smachta a thabhairt do dhaoine a úsáideann seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas sna seirbhísí a úsáideann siad. Táim ag tnúth le héisteacht leis na toscairí ag an imeacht seo agus muid ag dul isteach i gcéim cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta seo.”

Nótaí don Eagarthóir

D’fhoilsigh an Rialtas an Athbhreithniú ar Acmhainn Mhíchumais go to 2032 – Athbhreithniú ar Éileamh ar Chúram Sóisialta agus Riachtanais Acmhainne go 2032 i mí Iúil 2021, mar aon le Creatphlean Gníomhaíochta ina leagtar amach na príomhréimsí ar cheart aird a thabhairt orthu.

D’fhorbair Grúpa Oibre idir-rannach an Plean Gníomhaíochta mionsonraithe ansin go déanach in 2021 agus go luath in 2022 ina raibh oifigigh ón Roinn Sláinte, ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Bhí a gcuid oibre bunaithe ar chomhairliúchán forleathan poiblí, inar ghlac thart ar 800 duine páirt ann. Faigh tuilleadh faisnéise faoin gcomhairliúchán agus faoi thorthaí an chomhairliúcháin.

Is iad seo a leanas na príomhfheabhsuithe seirbhíse atá beartaithe don tréimhse 2024-26.

Seirbhísí Míchumais do Leanaí

  • thart ar 600 ball foirne CL breise d’Fhoirne Líonra Míchumais Leanaí 2024-2026 chun aghaidh a thabhairt ar phoist fholmha, acmhainneacht a fhorbairt, rochtain thráthúil ar luath-idirghabháil agus ar thacaíochtaí ildisciplíneacha a sholáthar, agus leanúnachas seirbhísí a chinntiú

Teiripí Ildisciplíneacha do Dhaoine Fásta

  • 222 post breise i sainseirbhísí teiripe do dhaoine fásta
  • líonra náisiúnta de sheirbhísí néar-athshlánúcháin a fhorbairt lena n-áirítear líonraí athshlánaithe pobail bainistithe mar an sainsraith phobalbhunaithe

Seirbhísí Lae do Dhaoine Fásta

  • thart ar 1,200 ionad seirbhíse lae breise ar an meán gach bliain chun áiteanna a chinntiú do lucht fágála scoile a dteastaíonn siad uathu

Cúnamh Pearsanta agus Tacaíocht Baile

  • 800,000 uair an chloig breise de Chúnamh Pearsanta, agus 110,000 uair an chloig breise de Thacaíocht Baile

Seirbhísí Faoisimh

  • leathnú leanúnach ar sheirbhísí faoisimh, lena n-áirítear roghanna cónaithe eile

Seirbhísí Cónaithe

  • 500 áit nua cúram cónaithe pobalbhunaithe a chuirfear in ionad cúram míchumais i suíomhanna móra institiúideacha agus campais, d’fhonn deireadh a chur leis an gcineál sin soláthair faoi 2030
  • thart ar 900 áit chúraim chónaithe bhreise chun dul i ngleic le riachtanais nach bhfuiltear ag freastal orthu agus chun a chinntiú go gcoimeádann an soláthar cothrom leis an athrú déimeagrafach
  • tacaíocht a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas chun rochtain a fháil ar mhaireachtáil neamhspleách tacaithe
  • tacaíochtaí a sholáthar chun cónaí sa bhaile, d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le cúram fadtéarmach i dteach altranais do dhaoine óga faoi mhíchumas

Tá maoiniú €74m curtha ar fáil in 2024 d’Fhorbairtí Nua a chuideoidh le cur i bhfeidhm an phlean. Cuideoidh an maoiniú breise seo leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

- Thart ar 100 socrúchán cónaithe nua a chruthú do leanaí agus do dhaoine fásta

- Soláthar seirbhísí faoisimh a mhéadú, lena n-áirítear faoiseamh malartach a úsáid

- Áiteanna nua Seirbhísí Lae a chur ar fáil do thart ar 1,250 duine

- 125 post nua cúntóra teiripe a chruthú do sheirbhísí leanaí

- 80,000 uair an chloig sa bhreis de thacaíochtaí Néareolaíochta Pobail a chur ar fáil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat