An tAire O'Gorman chun an Bille um Thaifid an Choimisiúin Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe Áirithe Gaolmhara) 2020 a fhoilsiú
- Foilsithe: 6 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Ceadaíonn an Rialtas téacs Bille chun taifid agus bunachair shonraí an Choimisiúin a chosaint agus a chaomhnú
- An Coimisiún chun taifid a thaisceadh nuair a chuireann sé an tuarascáil deiridh isteach
Fuair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman TD, cead an Rialtais inniu maidir le téacs an Bhille um Thaifid an Choimisiúin Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe Áirithe Gaolmhara) 2020.
Baineann an Bille leis na socruithe chun taifid an Choimisiúin imscrúdúcháin a aistriú agus a bhainistiú nuair a dhíscaoiltear é. Cuimsíonn na taifid seo bunachair shonraí agus faisnéis ghaolmhar faoi na máithreacha agus na leanaí a bhí ina gcónaí i bpríomhárais máithreacha agus naíonán, a chuir an Coimisiún Imscrúdúcháin le chéile le linn a chuid oibre.
Ag a chruinniú inniu, cheadaigh an Rialtas téacs an Bhille a dhéanfaidh foráil maidir leis na taifid luachmhara seo a chosaint agus a chaomhnú. Rinneadh an Bille a dhréachtú ar aon dul leis an Scéim Ghinearálta a d’fhoilsigh an tAire le déanaí (an 15 Meán Fómhair 2020). Déanfaidh an tAire O'Gorman socruithe láithreach chun an Bille a fhoilsiú go foirmiúil sna laethanta amach romhainn agus tá sé beartaithe aige an Bille a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.
Tar éis an chruinnithe Comh-Aireachta inniu, dúirt an tAire:
“Tá an Coimisiún le críoch a chur lena imscrúdú cuimsitheach cúig bliana ar an gcaoi a caitheadh le mná agus leanaí leochaileacha a chuaigh trí na hinstitiúidí seo le breis agus seachtó cúig bliain.
“Nuair a thaiscfidh an Coimisiún a thaifid, mar aon lena thuarascáil deiridh ar na hábhair seo, liomsa faoin 30 Deireadh Fómhair, cinnteoidh an reachtaíocht nua seo go ndéanfar an chartlann taifead agus bunachar sonraí arna dtiomsú ag an gCoimisiún a chosaint go cuí. Tá fíorphráinn ann bunachar sonraí an Choimisiúin a chosaint láithreach, agus fáiltím roimh thacaíocht mo chomhghleacaithe Rialtais san ábhar seo."
Tá sé mar aidhm ag an mBille aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna sonracha a d’ardaigh an Coimisiún agus a thaifid á dtabhairt chun críche. Rud is suntasaí, éascaíonn an reachtaíocht aistriú díreach bunachar sonraí agus taifead áirithe a bhaineann le hiar-chónaitheoirí na n-institiúidí atá á scrúdú ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
Shoiléirigh an tAire:
“Toisc gurbh é Tusla foinse fhormhór na dtaifead príomhúla arna n-úsáid ag an gCoimisiún chun an bunachar sonraí seo a fhorbairt is í sin an Ghníomhaireacht reachtúil iomchuí is fearr chun bunachar sonraí an Choimisiúin agus taifid ghaolmhara a fháil ag an am seo. Tá feidhmeanna reachtúla reatha, obair shóisialta ghairmiúil agus saineolas gaolmhar ag an nGníomhaireacht i seirbhísí agus gníomhaíochtaí a bhaineann le huchtú.”
D'admhaigh an tAire:
“Ní chruthóidh an Bille seo, ann féin, aon chearta ná teidlíochtaí nua chun rochtain a fháil ar fhaisnéis breithe agus luath-saoil ó laistigh d’fhianaise agus de thaifid an Choimisiúin Imscrúdúcháin. Ní féidir aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna casta bunreachtúla agus dlíthiúla ag féachaint le bunús láidir a sholáthar chun rochtain ar fhaisnéis bhreithe a leathnú ach amháin le reachtaíocht amach anseo, agus táim tiomanta an t-ábhar seo a chur chun cinn.”
Agus an reachtaíocht shaincheaptha atá ann faoi láthair á cur chun cinn, thug an tAire ar aird nach n-athraíonn an Bille na socruithe atá ann cheana chun an chuid eile de thaifid an Choimisiúin a aistriú, atá le taisceadh leis an Aire lena gcosaint de réir chreat reachtúil Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin 2004.
CRÍOCH