An tAire O'Gorman chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun cartlann ghinearálta taifead agus bunachar sonraí an Choimisiúin i dtaobh Árais Máithreacha agus Naíonán a chosaint
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Deireadh Fómhair 2020
- Foilsíonn an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthaithe agus Óige Scéim Ghinearálta um Chaomhnú agus Aistriú Taifead Sonraithe an Choimisiúin Imscrúdúcháin
- Is féidir leis an mbunachar sonraí tacú le seirbhís faisnéise agus rianaithe sa todhchaí do dhaoine aonair a bhí ina gcónaí in institiúidí máithreacha agus naíonán.
D’fhoilsigh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, an Scéim Ghinearálta um Chaomhnú agus Aistriú Taifead Sonraithe de chuid an Bhille um Choimisiúin Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe áirithe gaolmhara).
Tá an Scéim Ghinearálta ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo.
Soláthraíonn an reachtaíocht bunús dlí chun taifid a aistriú ón gCoimisiún Imscrúdúcháin chuig Árais Máithreacha agus Naíonán chuig an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla).
Níos luaithe i mbliana, chuir an Coimisiún in iúl don Roinn go raibh bunachar sonraí curtha le chéile aige de na máithreacha agus na naíonáin a bhí ina gcónaí sna príomhárais máithreacha agus naíonán. Thug sé ar aird go bhféadfadh an bunachar sonraí seo a bheith ina chuidiú mór dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí faisnéise agus rianaithe. Tá an reachtaíocht atá beartaithe á cur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a d’ardaigh an Coimisiún faoin ngá dó faisnéis phearsanta a leasú, agus an tionchar a bheadh ag leasaithe den sórt sin maidir leis an mbunachar sonraí seo a scriosadh go héifeachtach.
Ós rud é go raibh an fhaisnéis foinse i mórleabhair chrua agus i ndoiciméid bhunaidh d'fhormáid chomhchosúil go príomha, tá sé i bhfad níos éasca cuardach a dhéanamh ar an mbunachar sonraí seo, laghdaíonn sé an baol a bhaineann le caitheamh agus cuimilt ar an mbunábhar, agus cosnaíonn sé i gcoinne chailliúint na faisnéise i gcás scriosadh an bhunábhair bhunaidh.
Ag labhairt dó ar fhoilsiú na reachtaíochta, dúirt an tAire O'Gorman:
“Tá áthas orm gur cheadaigh an Rialtas dréachtú an Bhille phráinnigh seo ar aon dul leis an Scéim Ghinearálta, mar cruthóidh sé an bunús dlí chun taifid an Choimisiúin a chosaint, agus chun an bunachar sonraí a thiomsaigh an Coimisiún le linn an imscrúdúcháin seo a aistriú."
Tar éis an t-ábhar seo a scrúdú, creideann an tAire:
“go bhfuil sé riachtanach go gcuirfí reachtaíocht shaincheaptha chun cinn d’fhonn foráil a dhéanamh go práinneach chun na taifid a chosaint agus chun an bunachar sonraí a aistriú go Tusla, toisc go bhfuil an Coimisiún le bheith díscaoilte tar éis a thuarascáil deiridh a chur isteach faoin 30 Deireadh Fómhair."
Tá a fhios ag an Aire go bhfuil rochtain ar thaifid fós ina ábhar imní agus tosaíochta dóibh siúd a bhfuil baint dhíreach acu le hinstitiúidí máithreacha agus naíonán. Níl úsáid neamhshrianta nó rochtain phoiblí oscailte á moladh sa reachtaíocht seo, agus ní mholtar go leathnódh sé seo chun bunús a sholáthar d’aon teidlíocht nua ar rochtain ar na taifid seo.
Dúirt an tAire O'Gorman:
“Is í aidhm na reachtaíochta seo a chinntiú nach gcaillfimid an deis an bunachar sonraí luachmhar a d’fhorbair an Coimisiún a úsáid sa todhchaí."
Agus an beart eatramhach práinneach seo á fhógairt agam, táim ag cur béime freisin ar mo thiomantas iomlán reachtaíocht ar leithligh a chur chun cinn a mbeidh sé mar aidhm aici bonn láidir reachtúil a sholáthar le haghaidh faisnéise feabhsaithe agus seirbhísí rianaithe”.
Tá an Measúnú ar Thionchar Rialála agus Cinn Billí ar fáil le feiceáil ar láithreán gréasáin na Roinne.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Tá an Coimisiún Imscrúdúcháin (Árais Máithreacha agus Naíonán agus Nithe áirithe gaolmhara) lena thuarascáil deiridh a chur faoi bhráid an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige faoin 30 Deireadh Fómhair 2020. Faoin reachtaíocht reatha, ar a thuarascáil deiridh a chur isteach, beidh an Coimisiún díscaoilte agus, sula ndíscaoilfear é, caithfidh sé taifid uile an Choimisiúin a thaisceadh leis an Aire le bheith séalaithe ar feadh tréimhse 30 bliain.
- Dúirt an Coimisiún gur thiomsaigh sé bunachar sonraí de na máithreacha agus na naíonáin a bhí ina gcónaí sna príomhárais máithreacha agus naíonán chun críche a chuid oibre. Cuimsíonn an bunachar sonraí faisnéis a fuarthas ó institiúidí a bhfuil a dtaifid bhunaidh anois i seilbh na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA). Cuimsíonn sé freisin faisnéis a bhaintear as Regina Coeli, a bhfuil a taifid i seilbh Léigiún Mhuire (agus nach bhfuil seirbhís rianaithe ar fáil ina leith).
- Tá ráite ag an gCoimisiún seo go gcabhródh an bunachar sonraí go mór leo siúd a bhfuil baint acu le seirbhísí faisnéise agus rianaithe a sholáthar. Measann an Coimisiún, áfach, faoin reachtaíocht reatha GDPR, go gcaithfí an bunachar a scriosadh go héifeachtach.
- Éilíonn sé seo gníomh tapa ón Stát chun réiteach inoibrithe a chinntiú chun taifid iomlána an Choimisiúin a chosaint, lena n-áirítear an bunachar sonraí. Ghlac an Roinn le moladh an Choimisiúin go bhfuil gá le reachtaíocht shaincheaptha roimh an 30 Deireadh Fómhair d’fhonn foráil a dhéanamh go práinneach chun bunachar sonraí an Choimisiúin a chosaint agus a aistriú ionas gur féidir í a úsáid chun críocha faisnéise agus rianaithe de réir reachtaíocht reatha agus na todhchaí.
- Mura ndéanfaí an reachtaíocht atá beartaithe a chur ar aghaidh, scriosfaí an bunachar sonraí go héifeachtach. I ndeireadh na dála, chaithfí bunachar sonraí nua a fhorbairt chun tacú le faisnéis agus rianú amach anseo agus chaillfí infheistíocht ama agus caiteachais de thart ar €1m dá bharr arna tabhú ag an gCoimisiún cheana féin.