Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire O’Gorman tar éis maoiniú thart ar €67m a fhoilsiú le haghaidh maoinithe don aos óg maidir le bliain 2021

  • Tá €41.8m curtha ar fáil mar mhaoiniú sprioctha
  • Beidh tairbhe ann thart ar €12m ó mhaoiniú uilíoch do hEagraíochtaí Óige
  • Tá €4.6m curtha ar fáil do na Boird Oideachais agus Oiliúna (16 Bord san iomlán)
  • Tá €2.25m curtha ar fáil don Scéim Deontas do Chlubanna Óige Áitiúla

Inniu tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O’Gorman TD, tar éis a dheimhniú go bhfuil maoiniú €66.8 milliún curtha ar fáil chun tacú le seirbhísí a sholáthar don aos óg ar fud na tíre. De bharr na hinfheistíochta seo beidh méadú ar an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil le haghaidh seirbhísí a sholáthar don aos óg agus do chlubanna óige agus chomh maith leis sin beidh neartú agus forbairt i gceist maidir leis an gclár UBU D’Áit Do Spás (Your Place Your Space), soláthar seirbhíse uilíoch agus eolas don ógra.

Is iad siúd sonraí an mhaoinithe €66.8m seo a leanas:

  • Tá €41.8 milliún curtha ar fáil mar mhaoiniú sprioctha faoin gclár UBU D’Áit Do Spás, agus san áireamh beidh:

-Méadú beagnach €1 milliún ar na seirbhísí reatha UBU D’Áit Do Spás.

-Maoiniú breise €1 milliún a sholáthar le haghaidh seirbhísí reatha UBU D’Áit Do Spás a bhunú, faoi láthair tá sé beartaithe sé sheirbhís nua UBU D’Áit Do Spás a chur ar fáil sa chéad leath 2021.

  • Beidh tairbhe €12 milliún ó thaobh maoinithe uilíoch d’Eagraíochtaí Náisiúnta na nÓg faoi Scéim Deontas do Sheirbhísí Óige.
  • Beidh tairbhe ó mhéadú €2.25 milliún do chlubanna óige áitiúla.
  • Cuirfear leis na seirbhísí a bheidh le fáil sna hIonaid Eolais don Óige agus tacófar leis na seirbhísí seo trí chlár náisiúnta ina gcuirfear cruth na haimsire seo agus comhordú i bhfeidhm orthu. Tá maoiniú €1.57 milliún curtha ar fáil le haghaidh an sprioc seo a bhaint amach.
  • Gheobhaidh na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fud na tíre €4.6m chun tacú lena gcuid obair agus lena gcaidreamh leis an aos óg. Mar eagrais rialachais meánleibhéil a fhaigheann tacaíocht ón Státchiste ó thaobh seirbhísí a sholáthar don aos óg bíonn ról lárnach ag na Boird Oideachais agus Oiliúna seirbhísí don aos óg a fhorbairt agus a mheasúnú ina gceantar féin.
  • Bainfear úsáid as an méid infheistíochta eile le haghaidh caighdeán a neartú, straitéis nua don aos óg a fhorbairt, tacú leis an ról a dhéanann na na Boird Oideachais agus Oiliúna agus tacaíocht a thabhairt do Léargas, do Gaisce - gradam an Uachtaráin, don AE agus do Thionscnaimh Thuaidh/Theas agus do Straitéis Óige daoine LADTI+.

Dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá áthas orm an leithdháileadh maoinithe seo le haghaidh seirbhísí don aos óg i 2021 a fhógairt. Is méadú é an suim airgid seo €5m, nó 8%, atá i bhfad níos mó i gcomparáid leis na suimeanna a bhí ceadaithe cheana féin, agus as an méid airgid seo tugann sé deis dúinn cur leis na tionscnaimh agus leis na torthaí a bhí bainte amach ag an earnáil i 2020.

Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm nuair a chonaic mé go háirithe sa bhliain seo caite cé chomh paiseanta agus cé chomh díograiseach is atá na daoine, a oibríonn ar gach leibhéal den earnáil, agus a sholáthraíonn seirbhísí don aos óg, agus ag dul i ngleic leis na dúshláin éagsúla agus muidne i lár paindéime domhanda. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm nuair a chonaic mé cumas na hearnála úsáid a bhaint as tionscnaimh ar mhaithe leis an aos óg agus tá súil agam gur féidir liom tuilleadh tacaíocht a thabhairt chuige sin sa tréimhse amach romhainn.

Tugaim gealltanas dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh maoinithe don aos óg agus forbairt a dhéanamh ó thaobh polasaithe de le linn na bliana. Beidh an Roinn ag cur tuilleadh seirbhísí don aos óg ar fáil i gcomhar leis an gclár UBU D’Áit Do Spás agus beidh leasú á dhéanamh ag an Roinn ar na hIonaid Eolais don Aos Óg agus ar na Scéimeanna Deontais Sheirbhísí Óige agus beidh comhoibriú agus rannpháirtíocht i gcroílár an phróisis.

Tá an-mheas agam ar an obair d’ard-chaighdeán atá ar siúl ag na heagraíochtaí leis an óige agus feictear athrú suntasach ar shaol na ndaoine óga céanna mar thoradh air sin. Measaim nach bhfuil gá dúinn dul siar chomh fada sa stair le haghaidh cruthanas a fháil go bhfuil an-bhaint ag maoiniú ar shaol na ndaoine óga, bíonn ciall leis ó thaobh eacnamaíocha de, cuireann sé cothromas, ionchuimsiú, agus ionchuimsiú sóisialta chun cinn".

DEIREADH

Nótaí d’eagarthóirí

  • Cuireann UBU D’Áit Do Spás thart ar €41.8 milliún mar mhaoiniú sprioctha ar fáil d’eagraíochtaí (níos mó ná 250 eagras) a sholáthraíonn seirbhísí don aos óg faoi scáth na mBord Oideachais agus Oiliúna (16 Bord san iomlán) trasna na tíre. Cuireadh tús leis an scéim ar 1 Iúil 2020 in áit na scéimeanna maoinithe eile a bhí ann roimhe sin. Cuireann na heagraíochtaí maoinithe tacaíocht ar fáil don aos óg atá ar an imeall, faoi míbhuntáiste nó atá leochailleach, le haghaidh tuilleadh eolais a fháil téigh go dtí www.ubu.gov.ie.
  • Cuirtear maoiniú ar fáil do na hEagraíochtaí Náisiúnta na nÓg faoi Scéim Deontas do Sheirbhísí Óige. Leasófar an scéim le linn na bliana seo 2021. Beidh tairbhe €12 milliún le bronnadh ó thaobh maoinithe de do na heagraíochtaí. Ciallaíonn an maoiniú seo gur féidir leanúint ar aghaidh le dul chun chinn, fás agus forbairt na n-eagraíochtaí seo agus iad siúd ag cur seirbhísí uilíocha agus sprioctha ar fáil don aos óg.
  • Cuirfear maoiniú thart ar €2.25 milliún ar fáil don Scéim Deontas do Clubanna Óige Áitiúla. Bíonn tacaíocht ar fáil do gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair don aos óg ar leibhéal áitiúil trí mhaoiniú a thabhairt do chlubanna agus do ghrúpaí óige. Is oibrithe deonacha iad na daoine a bhíonn i gceannas ar na scéimeanna seo agus faightear maoiniú ó na Boird Oideachais agus Oiliúna. Bíonn tacaíocht ar fáil ón scéim do nach mór 1,400 club ar fud na tíre.
  • Gheobhaidh na Boird Oideachais agus Oiliúna (16 Bord san iomlán) ar fud na tíre €4.6m chun tacú lena gcuid obair agus lena gcaidreamh a chothú leis an aos óg. Mar eagrais rialachais meánleibhéil a fhaigheann tacaíocht ón Státchiste ó thaobh seirbhísí a sholáthar don aos óg bíonn ról lárnach ag na Boird Oideachais agus Oiliúna seirbhísí don aos óg a fhorbairt agus a mheasúnú ina gceantar féin.
  • Faigheann roinnt tionscnaimh bheaga san earnáil tacaíocht maoinithe chomh maith.

Achoimre ar an maoiniú do na Boird Oideachais agus Oiliúna

Maoiniú do na Boird Oideachais & Oiliúna Ceadaithe do bhliain 2021 Scéim Maoinithe Sprioctha Aos Óg/UBU D’Áit Do Spás 2021 Ionaid Eolais don Óige2021 Scéim Deontas do Clubanna Óige Áitiúla 2021 Deontas don Aos Óg Boird Oideachais & Oiliúna 2021 Maoiniú san iomlán 2021
Cabhán agus Muineachán €528,949 €117,355 €60,830 €150,620 €857,754
CDETB/CDYSB €14,408,267 €102,167 €364,870 €1,033,694 €15,908,998
Corcaigh €3,127,281 €130,355 €243,398 €353,561 €3,854,595
DDLETB €7,771,104 €131,308 €357,541 €653,331 €8,913,284
Dún na nGall €374,367 €141,433 €71,583 €119,605 €706,988
Gaillimh agus Ros Comáin €2,009,414 €52,028 €145,766 €265,562 €2,472,770
Ciarraí €438,657 €118,569 €60,241 €133,538 €751,005
Cill Dara agus Cill Mhantáin €1,685,362 €104,056 €169,649 €216,633 €2,175,700
Cill Chainnigh agus Ceatharlach €908,132 €52,028 €69,657 €249,456 €1,279,273
Laois agus Uíbh Fhailí €233,653 €73,991 €119,609 €427,253
Luimneach agus Clár €2,863,053 €107,230 €143,541 €339,927 €3,453,751
Longfort agus Iarmhí €598,705 €52,028 €59,171 €132,035 €841,939
Lú agus An Mhí €625,453 €149,426 €193,611 €968,490
Maigh Eo, Sligeach & Liatrom €520,975 €68,594 €96,915 €207,527 €894,011
Tiobraid Árann €839,885 €60,847 €69,903 €183,735 €1,154,370
Port Láirge agus Loch Garman €2,509,881 €112,875 €118,182 €322,574 €3,063,512
San iomlán €39,443,138 €1,350,873 €2,254,664 €4,675,018 €47,723,693

Leithdháileadh Scéim Deontas do Sheirbhísí Óige d’Eagraíochtaí Náisiúnta na nÓg le haghaidh bhliain 2021

Eagraíocht Leithdháileadh 2021
Foróige €3,073,942
Obair d'Ógra Éireann €2,312,713
Gasóga na hÉireann €1,192,727
Crosscare €1,054,728
Comhairle Náisiúnta na nÓg €664,906
Macra na Feirme €508,380
Banóglaigh na hÉireann €438,904
Banóglaigh Chaitliceacha na hÉireann €297,289
Involve €262,915
No Name Club Ltd €224,028
Belong To €218,922
Ógras €213,923
An Óige €207,202
Rannóg na hÓige Eaglais na hÉireann €206,479
Young Mens Christian Association €173,712
Localise Youth and Community Service ltd €147,860
Clubanna ECO - UNESCO €140,504
Amharclann na nÓg €116,914
SpunOut €111,567
Feachtas €102,338
Voluntary Services International €92,617
Young Irish Film Makers €67,112
The Boys Brigade €65,963
National Federation of Arch Clubs €60,003
Daltaí Ord Mhálta €55,579
Girls Brigade €52,221
Cailíní Chara-Chumann €36,383
Rannóg na hÓige & Leanaí san Eaglais Mhodhach €34,169
Experiment In International Living €33,090
Junior Chamber Ireland €19,448
SAN IOMLÁN €12,186,536

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat