Cúig Ionad Acmhainní Teaghlaigh nua fógartha ag an Aire Foley
- Foilsithe: 29 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Meán Fómhair 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, Norma Foley TD, inniu go mbunófar cúig Ionad Acmhainní Teaghlaigh nua i mBaile Átha Cliath, i Muineachán, i Lú, i gCill Dara agus i nGaillimh mar chuid den leathnú ar Chlár Náisiúnta Tusla do 2025. Is iad seo a leanas na seirbhísí rathúla:
Baile Átha Cliath: Grúpa Forbartha Pobail Teaghlaigh Chabrach, CLG Naomh Fionnbarra, Ascaill an Fhásaigh, An Chabrach, Baile Átha Cliath 7
Muineachán: Grúpa Comhairleach FRC Mhuineacháin Theas, 1 Bealach Oiriall, Mullach Meata, Contae Mhuineacháin
Lú: Seirbhís Comhairleoireachta Dhún Dealgan, Oakdene, 3 Plás Bhaile na Trá, Dún Dealgan, Contae Lú
Cill Dara: Ionad Óige agus Pobail Léim an Bhradáin, Teach an Bhaile Nua, Cnoc an Chaptaein, Léim an Bhradáin, Contae Chill Dara
Gaillimh: Brú Bhríde, Radharc an Teampaill, Tuaim, Contae na Gaillimhe
Tugadh faoi phróiseas cuimsitheach náisiúnta iarratais agus measúnaithe, faoi stiúir Tusla agus faoi chathaoirleacht neamhspleách ionadaí ó Ollscoil Luimnigh.
Rinneadh gach iarratas a athbhreithniú agus a scóráil de réir na gcritéar atá sainithe agus foilsithe go soiléir, lena n-áirítear riachtanas an daonra, leibhéal díothachta, sonraí daonra leanaí, soláthar seirbhíse atá ann cheana agus bearnaí seirbhíse atá ann cheana.
Leis an leathnú seo, tiocfaidh méadú ar líon na nIonad Acmhainní Teaghlaigh ó 121 go 126. Tá gealltanas i gClár an Rialtais acmhainn agus líonra na nIonad Acmhainní Teaghlaigh a leathnú amach thar shaolré an Rialtais.
Arsa an tAire Foley:
“Tá áthas orm an leathnú seo ar Chlár na nIonad Acmhainní Teaghlaigh a fhógairt. Is bunchloch de phobail áitiúla iad na hionaid sin, agus cuireann siad tacaíocht iontaofa chuimsitheach ar fáil do theaghlaigh agus do leanaí san áit agus ag an uair a bhíonn sí de dhíth orthu. Baineann sé sin le hinfheistíocht spriocdhírithe faoi stiúir an phobail a dhéanfaidh difríocht fhiúntach i saol daoine. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcathaoirleach neamhspleách agus le Tusla as a gcuid oibre. Gealltanas i gClár an Rialtais is ea leathnú líonra na nIonad Acmhainní Teaghlaigh agus táim ag tnúth le tuilleadh forbairtí sa réimse seo thar shaolré an Rialtais.”
Arsa an Taoiseach Micheál Martin:
“Tá an Rialtas seo meáite ar theaghlaigh agus do phobail a neartú. Léiríonn an leathnú ar Chlár na nIonad Acmhainní Teaghlaigh an tiomantas sin i ngníomh, agus seirbhísí á gcur ar fáil i gcroílár na mbailte agus na gceantar tuaithe ina mbeidh an tionchar is mó acu."
Arsa Kate Duggan, Príomhfheidhmeannach Tusla:
“Is cuid ríthábhachtach de bhonneagar tacaíochta pobail Tusla iad na hIonaid Acmhainní Teaghlaigh. Léiríonn fógairt an lae inniu na míonna d’obair atá bunaithe ar shonraí, ar phleanáil agus ar chomhairliúchán. Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh ionaid nua isteach sa chlár agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leo chun tacú le leanaí agus teaghlaigh ar fud na tíre.”
Tacaíocht Cur Chun Feidhme
Leithdháilfear bunmhaoiniú de €160,000 ar na hiarratasóirí a n-éireoidh leo do gach bliain iomlán oibríochta. Rachaidh Fóram Náisiúnta na nIonad Acmhainní Teaghlaigh i dteagmháil leis na hiarratasóirí rathúla chun tacú le comhtháthú le Clár na nIonad Acmhainní Teaghlaigh. Cuideoidh an Fóram Náisiúnta le hionaid nua naisc a thógáil le FRCanna atá ann cheana, ag tairiscint treoir phraiticiúil agus comhpháirtíochta chun comhtháthú rianúil sa Chlár náisiúnta a chinntiú. Tá tuilleadh eolais faoi obair an Fhóraim ar fáil ag www.familyresource.ie Is oth linn a lua nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh seo ar fáil.