English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire O’Gorman €1 milliún do Thionscnamh Infhostaitheachta nua don Aos Óg

  • Ceadaíodh ciste €1 mhilliún tar éis meastóireacht a dhéanamh ar an Tionscnamh Tacaíochta Infhostaitheachta Spriocdhírithe don Aos Óg (TYESI), a seachadadh in 2021-2022.
  • Tacóidh an tionscnamh le daoine óga idir 15-24 bliana d’aois filleadh ar oideachas nó dul i mbun oiliúna nó fostaíochta.
  • Beidh an TYESI á riar ag líonra náisiúnta na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) agus á seachadadh ag eagraíochtaí óige ar fud na tíre.

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, ciste de €1 milliún do ocht seirbhís óige déag inniu chun tacaíocht agus idirghabhálacha a sholáthar faoin Tionscnamh Tacaíochta Infhostaitheachta Spriocdhírithe don Aos Óg (TYESI).

Tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh scileanna agus inniúlachtaí infhostaitheachta daoine óga a mhéadú trí obair don ógra, agus leanann sé scéim chomhchosúil a seachadadh in 2021-2022.

Beidh an TYESI á seachadadh ag ocht seirbhís óige déag ar fud sé limistéar déag de chuid an BOO idir lár 2024 agus 2027, ag soláthar tacaíochta cuimsithí le cur ar chumas daoine óga constaicí agus dúshláin shuntasacha ina saol a shárú. Forbrófar comhpháirtíochtaí comhoibríocha i ngach ceantar áitiúil, ag cinntiú go n-oibreoidh gníomhaireachtaí reachtúla, pobail agus deonacha, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus seirbhísí ábhartha eile le chéile chun cur leis na deiseanna do dhaoine óga. Tá sé i gceist go gcomhlánóidh an scéim na gníomhartha a thacaíonn le polasaí na Roinne Coimirce Sóisialaí, ‘Bealaí chun na hOibre’.

Ag fáiltiú roimh an tionscnamh, dúirt an tAire O’Gorman:

“tá sé cruthaithe go bhfuil an Tionscnamh Tacaíochta Infhostaitheachta Spriocdhírithe don Aos Óg éifeachtach chun tacú le daoine óga a scileanna agus a n-inniúlachtaí a fhorbairt chun filleadh ar an oideachas nó dul i mbun oiliúna nó fostaíochta. Tá eagraíochtaí óige in ann an tacaíocht agus na hidirghabhálacha spriocdhírithe a sholáthar do na daoine óga seo chun dul chun cinn a dhéanamh ina saol agus a gcumas a bhaint amach”.

Chuir torthaí agus moltaí Thuarascáil Mheastóireachta um Tionscnaimh Tacaíochta Infhostaitheachta Spriocdhírithe don Aos Óg, a seachadadh in 2021-2022, eolas ar fáil d’fhorbairt na scéime nua. Bhí sé mar aidhm ag an Meastóireacht tionchar an tionscnaimh a mheas agus léargais, torthaí agus moltaí a sholáthar maidir le soláthar tacaíochta do dhaoine óga idir 15-24 bliana d’aois nach bhfuil in oideachas, in oiliúint ná i bhfostaíocht. Léiríodh sa Mheastóireacht oiriúnacht an TYESI mar mheicníocht tacaíochta chun scileanna infhostaitheachta an spriocghrúpa seo daoine óga a fheabhsú agus éifeachtacht an tionscnaimh maidir le cur go dearfach le forbairt bealaí i dtreo deiseanna oideachais, oiliúna agus fostaíochta.

Chun an Tuarascáil Mheastóireachta um: Tionscnamh Tacaíochta Infhostaitheachta Spriocdhírithe don Aos Óg 2021-2022 a léamh, cliceáil anseo

CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí:

Faighteoirí Maoinithe Deontais faoin Tionscnamh Tacaíochta Infhostaitheachta don Aos Óg;

Bord Oideachais agus Oiliúna Eagraíocht Óige Leithdháileadh Deontais
BOO Chabháin agus Mhuineacháin Obair d’Ógra Éireann an Chabháin agus Mhuineacháin €45,000
BOO Chathair Bhaile Átha Cliath Seirbhís Chomhtháite Óige Ghort na Silíní €75,000
BOO Chathair Bhaile Átha Cliath Ionad Acmhainní Óige Fhionnghlaise €73,918
BOO Chorcaí YMCA Ireland €65,000
BOO Dhún na nGall Seirbhís Óige Dhún na nGall €47,000
BOO Átha Cliath agus Dhún Laoghaire Seirbhís Óige Crosscare Dhún Droma Ráth an Dúin €65,000
BOO Átha Cliath agus Dhún Laoghaire Foróige Thamhlachta €65,000
BOO na Gaillimhe agus Ros Comáin Foróige An Taobh Thoir, Gaillimh €55,000
BOO Chiarraí Seirbhís Óige Dheoise Chiarraí €47,000
BOO Chill Dara agus Chill Mhantáin Seirbhís Óige Crosscare Chill Mhantáin Thoir €55,000
BOO Chill Chainnigh & Cheatharlach Foróige, Cill Chainnigh €45,000
BOO Laoise agus Uíbh Fhailí Gluaiseacht Lucht Siúil Uíbh Fhailí €47,000
BOO Luimnigh agus an Chláir Mol Southill, Cathair Luimnigh €65,000
BOO an Longfoirt na hIarmhí Obair d’Ógra Éireann Lár na Tíre €47,000
BOO Lú na Mí Obair d’Ógra Éireann an Mhí €45,000
BOO Mhaigh Eo Shligigh Liatroma Foróige, Maigh Eo Thoir & Sligeach Theas €45,000
BOO Thiobraid Árann Obair d’Ógra Éireann Thiobraid Árann €47,000
BOO Loch Garman agus Phort Láirge Nasc Grúpa Leanaí €63,390