Cuireann an tAire Stáit Joe O’Brien fáilte roimh iarratasóirí ar an gCiste Lánpháirtíochta Cosanta Idirnáisiúnta 2024
- Foilsithe: 7 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Cuirfear €1,500,000 ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe chun tionscadail chomhtháthaithe a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil chun tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta.
• Déanfar deontais idir €30,000 agus €100,000 a leithdháileadh ar thionscnaimh chomhtháthaithe rathúla Scéim A.
• Leithdháilfear deontais idir €2,000 agus €10,000 ar thionscnaimh chomhtháthaithe rathúla Scéim B.
Inniu, d’fhormheas an tAire Stáit um Lánpháirtíocht, Joe O’Brien, €1,500,000 mar mhaoiniú faoin gCiste Lánpháirtíochta Cosanta Idirnáisiúnta 2024.
Agus é ar an bhfód anois le trí bliana, ceiliúrann an Ciste Lánpháirtíochta Cosanta Idirnáisiúnta éagsúlacht chultúrtha saibhir agus cuireann sé ar chumas eagraíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann ról níos mó a ghlacadh chun tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta. Gheobhaidh eagraíochtaí rathúla Scéim A maoiniú deontais de €30,000 - €100,000 chun tacú le tionscadail lánpháirtíochta ar scála mór. Gheobhaidh eagraíochtaí rathúla Scéim B maoiniú deontais de €2,000 – €10,000 chun tacú le tionscadail lánpháirtíochta níos lú.
Agus é ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt an tAire Stáit O’Brien:
‘Baineann na scéalta is lú tuairisc na laethanta seo leis na céadta pobal le dhá bhliain anuas a chuir fáilte roimh Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta chuig a gceantar. Bhí áthas orm go rabhamar in ann tacú leis an gciste seo anuraidh agus tá fonn orm an tacaíocht sin a thabhairt do phobail arís i mbliana chomh luath agus is féidir’.
Conas is féidir iarratas a dhéanamh:
Is féidir le hiarratasóirí rochtain a fháil ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú ag na naisc seo a leanas:
• Scéim A - €30,000 go €100,00
Is é 12 pm an 6 Márta 2024 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Tacaíonn an IPIF le caibidil 5.2.2 de na gealltanais laistigh de Pháipéar Bán chun Deireadh a chur le Soláthar Díreach agus le Seirbhís Tacaíochta Cosanta Idirnáisiúnta Nua a Bhunú. Sa pháipéar bán, gheall an Rialtas ciste lánpháirtithe pobail a fhorbairt d’iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta. Bunaíodh buiséad iomlán de €5 milliún agus leithdháileadh íosta bliantúil de €500,000 le híoc le linn an tionscadail.
Ó cuireadh tús leis in 2022, tá tacaíocht tugtha ag an gCiste Lánpháirtíochta Cosanta Idirnáisiúnta do 137 tionscadal trí bhíthin maoiniú i bhfoirm deontais de luach €2.8m.
Aidhm na dtionscadal/na ngníomhaíochtaí
Tá an glao seo oscailte d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus tá sé dírithe ar 6 phríomhthéama chun tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta:
• Fostaíocht
• Feasacht Oideachais
• Teanga
• Tacaíochtaí Cathartha agus Dlí
• Sláinte agus Folláine
• Feasacht Idirchultúrtha
• Leanaí agus Daoine Óga
• Iompar
• LADTIA+
Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an gCiste seo tacú le lánpháirtíocht Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta, lena n-áirítear daoine fásta agus leanaí araon. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh iarratasóirí IP mar phríomh-spriocghrúpa do gach aighneacht. Cé go bhféadfadh daoine aonair eile leas a bhaint as an tionscadal, ní mór d’iarratasóirí IP formhór mór na rannpháirtithe i dtionscadal a chuimsiú.
Tugtar breac-chuntas sa tábla thíos ar shainmhínithe ar iarratasóirí IP, Tairbhithe Cosanta Sealadaí, agus Dídeanaithe Cláir: