Fógraíonn an tAire cistiú chun timpeallacht shábháilte, thacúil agus ionchuimsitheach a chruthú do dhaoine óga LGBTI+
- Foilsithe: 19 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireann an Tionscnamh Tógála Cumais LGBTI+ deontais ar fáil chun tacú le daoine óga LGBTI+ ar fud na tíre
Rinneadh breis agus €440,000 a leithdháileadh i measc Chéim a hAon agus a Dó
D’fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, Céim a Dó den Tionscnamh Tógála Cumais LGBTI+ inniu. Tá cistiú á chur ar fáil tríd an gcéim seo chun tacú le daoine óga LGBTI+ ar fud na tíre.
Déanfaidh an cistiú soláthar d’eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga chun tabhairt faoi oiliúint, meantóireacht, cóitseáil agus forbairt ar bheartais chun oibriú le daoine óga LGBTI+. Tá de chuspóir aige tacú le seirbhísí níos fearr agus níos tacúla ar fud na tíre do dhaoine óga LGBTI+, trí eolas agus saineolas a roinnt.
Tá an tionscnamh seo mar chuid den Straitéis Óige Náisiúnta LGBTI+, arb é sin an chéad cheann dá cineál ar domhan. Príomhghníomh ón Straitéis is ea “timpeallacht shábháilte, thacúil agus ionchuimsitheach a chruthú do dhaoine óga LGBTI+”.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Zappone
“Tríd an gcistiú seo, leanaimid ag oibriú i dtreo spásanna sábháilte, tacúla agus ionchuimsitheacha a fheabhsú do dhaoine óga LGBTI+ ó gach cúlra. Táimid tiomanta do chinntiú go dtacaítear go fairsing le daoine óga LGBTI+ agus go mbíonn an mhuinín acu a rogha ruda a dhéanamh agus páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach gné den tsochaí gan eagla a bheith orthu roimh chiapadh agus idirdhealú.”
CRÍOCH
Sonraí teagmhála:
Preasoifig an RLGÓ: media@dcya.gov.ie
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Rinne an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige €165,686 a riar in 2019 do Chéim a hAon de Thionscnaimh Thógála Cumais in eagraíochtaí nó seirbhísí sonracha LGBTI+ ar bhonn réamhchistithe i gcaitheamh ráithe dheiridh 2019.
Ba é an tsuim iomlán a leithdháileadh i measc Chéim a hAon agus a Dó €446,558.
Tugtar cuntas sa tábla thíos ar na leithdháiltí do Chéim a Dó (2020) faoin Tionscnamh Tógála Cumais seo.
Tionscnaimh Thógála Cumais LGBTI+
- I Meán Fómhair 2019, d’fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, scéim deontais a sheoladh do thionscnaimh Thógála Cumais LGBTI+ do sholáthraithe seirbhíse a dhéileálann le daoine óga.
- Lorgaíonn Cuspóir 7 den Straitéis Óige Náisiúnta LGBTI+ chun “Bearta tógála cumais a sholáthar i measc soláthraithe seirbhíse chun feabhas a chur ar a dtuiscint ar, agus a gcumas chun idirchaidreamh a dhéanamh le, daoine óga LGBTI+”.
- Lorgaíonn Gníomh 7(a) den Straitéis chun “Oiliúint fhianaisebhunaithe LGBTI+, tionscnaimh forbartha gairmiúla leanúnaí (FGL) agus treoirlínte a chur i bhfeidhm atá dírithe ar sholáthraithe seirbhíse gairmiúla agus seirbhísí don ógra.”
- Nuair a dhéantar iarratas ar chistiú, bhí dualgas ar an eagraíocht a thaispeáint conas a chuireann an tionscnamh leis an soláthar reatha a chuireann an tseirbhís ar fáil.
- Bhrath méid na ndeontas a bronnadh ar chineál an togra, minicíocht/déine na rannpháirtíochta agus aimsiú, tionchar agus fad an tionscadail.
- Seoladh iarratais go díreach chuig an RLGÓ agus rinne Painéal Roghnaithe iad a mheasúnú.
Straitéis Óige Náisiúnta LGBTI+
Foilsíodh an Straitéis Óige Náisiúnta LGBTI+ i Meitheamh 2018 agus ba é an chéad cheann dá shamhail ar domhan. Príomhthiomantas den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige é agus cuireann sé go mór le gealltanas níos fairsinge an Rialtais chun leanúint le bheith meáite ar ionchuimsiú iomlán daoine LGBTI+ i sochaí na hÉireann. Is é misean na Straitéise ná a chinntiú go mbíonn gach duine óg LGBTI+ infheicthe, go léirítear ardmheas orthu agus go gcuirtear iad san áireamh.
Lorgaíonn an Straitéis cur chuige trasrialtais a chinntiú chun bearta breise a chur i bhfeidhm chun barr feabhais breise a chur ar shaol daoine óga LGBTI+, agus dul i ngleic le cuid de na príomhdhúshláin a bhíonn rompu mar chuid dá saol laethúil. Leagtar amach sa Straitéis na spriocanna agus na cuspóirí chun freastal ar riachtanais daoine LGBTI+ idir 10 agus 24 bliain d’aois.
Is iad aidhmeanna na Straitéise Óige Náisiúnta LGBTI+:
- timpeallachtaí agus seirbhísí a fheabhsú do dhaoine óga LGBTI+;
- tacú le hoiliúint níos fearr do ghairmithe a dhéanann idirchaidreamh le daoine óga LGBTI+;
- beartais frithbhulaíochta a chur i bhfeidhm agus dul i ngleic le hidirdhealú frith-LGBTI+;
- dul i ngleic le sláinte agus folláine daoine óga LGBTI+;
- an reachtaíocht a fhairsingiú chun daoine óga LGBTI+ a chur san áireamh agus a chosaint, eolas agus léargas a ghiniúint isteach ar riachtanais daoine óga LGBTI+.
Tá an Straitéis agus a rialachas laistigh de chreat Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile: An Creat Beartais Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga, 2014-2020 agus cuireann sé leis na cúig thoradh náisiúnta do leanaí agus daoine óga a bhaint amach:
- Tá siad gníomhach agus sláintiúil, agus tá folláine dhearfach mheabhrach agus fhisiciúil acu;
- Tá a lánchumas á bhaint amach acu i ngach limistéar den fhoghlaim agus den fhorbairt;
- Tá siad sábháilte agus á gcosaint ó dhíobháil;
- Tá slándáil agus deis gheilleagrach acu;
- Tá siad nasctha, léirítear meas orthu agus cuireann siad lena ndomhan.