Fógraíonn an tAire O’Gorman €1.5m de mhaoiniú breise le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman €1.5m de mhaoiniú breise le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, €1.5m de mhaoiniú breise le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh inniu, le leibhéal bunchistiú nua de €160,000 le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh (IATanna). Bainfidh 54 IAT ar fud na tíre tairbhe as seo.

Is é is sprioc an leithdháilte seo ná bunchistiú na hIATanna seo a thabhairt chuig bonnleibhéal nua de €160,000 in 2025 chomh maith le maoiniú breise a chur ar fáil do na hIATanna is ísle maoinithe roimh dheireadh na bliana seo. Leis an maoiniú seo, cuirfear na hIATanna ar a gcumas cur le líon a mball foirne i gcásanna áirithe, agus tacófar leis an ról ríthábhachtach atá ag IATanna in an-chuid pobal ar fud na tíre trí réimse cuimsitheach seirbhísí a sholáthar atá saincheaptha le haghaidh riachtanais phobal ar leith.

Dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá an tionchar dearfach a mbíonn ag IATanna ar phobail chomh maith leis an réimse leathan oibre a dhéanann siad feicthe agam go pearsanta, agus tá ríméad orm a bheith in ann leibhéil bhunchistithe na IATanna seo a mhéadú. Tá a fhios agam gur iarratas seanbhunaithe é seo de chuid IATanna. Tagann na méaduithe seo sa mhullach ar chomhaontú an CCÁO ar thángthas air i mí Dheireadh Fómhair 2023. Tiocfaidh na méaduithe atá á bhfógairt agam inniu i bhfeidhm in 2024 agus cinnteofar leo nach bhfaighidh aon IAT níos lú ná €160,000 de bhunchistiú ó mo Roinn ón bhliain seo chugainn ar aghaidh.

Leis an leithdháileadh seo, rachfar i ngleic leis na costais mhéadaithe a bhfuil roinnt IATanna thíos leo agus beidh sé ina chabhair i dtaca le soláthair seirbhíse a leathnú. Tógfar ar an leibhéal nua seo le haon mhéaduithe eile don bhunchistiú amach anseo. Íocfaidh Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlach na méaduithe do na hionaid.”

Dúirt Kate Duggan, POF Tusla:

“Cuireann Tusla fáilte roimh fhógra an lae inniu ón Aire O’Gorman maidir le maoiniú breise le haghaidh Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, lena chinntítear leibhéal bunchistithe nua de €160,000. Leis an infheistíocht seo, neartófar seirbhísí a sholáthraítear i bpobail ar fud na tíre, lena mbainfidh tionchar dearfach i dtaca leis na leanaí, na daoine óga, na daoine aonair, agus na teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu sna pobail seo agus a mbaineann tairbhe as Seirbhísí Acmhainní Teaghlaigh.”

Chuir Fóram Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh fáilte roimh an méadú ar bhunchistiú freisin. Dúirt Jackie Landers, Cathaoirleach an Fhóraim Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh agus POF Ionaid Acmhainní Teaghlaigh Lios Tuathail:

“Is mór ag an bhFóram Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh an leibhéal rannpháirtíochta agus tacaíochta ar léirigh an tAire Roderic O’Gorman don Chlár Náisiúnta um Ionad Acmhainní Teaghlaigh. Tá cuairteanna rialta tugtha ag an Aire ar IATanna áitiúla agus tá sé tar éis bualadh go rialta leis an bhFóram Náisiúnta um IAT, níl ach trí seachtaine caite ó rinne sé amhlaidh. Tá an maoiniú a fógraíodh inniu thar a bheith tábhachtach do 54 dár mbaill is ísle maoinithe agus is cloch mhíle thábhachtach í ar an aistear i dtreo maoinithe leordhóthanach, inbhuanaithe do na IATanna uile.”

Nótaí d’Eagarthóirí:

Is clár pobal-lárnach é an clár Ionaid Acmhainní Teaghlaigh a bhfuil tacaíocht airgeadais á fáil aige ó roinnt mhaith Gníomhaireachtaí Stáit. Tá sé tábhachtach go dtugtar faoi deara nach léirítear leis an maoiniú ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ach cuid den mhaoiniú iomlán atá ar fáil do IATanna ar bhonn náisiúnta. Chomh maith leis an mbunchistiú a chuireann an Roinn ar fáil, tarraingíonn na IATanna ar roinnt fhoinsí maoinithe eile a chuireann Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile ar fáil.

Riarann Tusla an Clár Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, lena gcuirtear tacaíocht ar fáil do 121 Ionad Acmhainní Teaghlaigh ar fud na tíre. Cuireann IATanna réimse seirbhísí uilíocha agus spriocdhírithe ar fáil chomh maith le deiseanna forbartha lena dtugtar aghaidh ar riachtanais teaghlach. D’fhéadfaí go n-aireofaí leis seo na nithe seo a leanas:

• Soláthar eolais, comhairle agus tacaíochta do spriocghrúpaí agus do theaghlaigh. Eolas maidir leis an réimse seirbhísí agus roghanna forbartha atá ar fáil go háitiúil chomh maith le comhairle i dtaca le rochtain a fháil ar chearta agus ar theidlíochtaí. Tá feidhm lárnach ag IATanna mar a bhaineann sé le hatreorú go soláthróirí seirbhíse príomhshrutha.

• Cúrsaí oideachais agus deiseanna oiliúna a sholáthar.

• Grúpaí pobail nua a bhunú agus a chaomhnú chun freastal ar riachtanais áitiúla chomh maith le seirbhísí a sholáthar ag an leibhéal áitiúil (mar shampla, áiseanna cúraim leanaí, clubanna iarscoile, grúpaí na bhfear, etc.)

• Comhairleoireacht agus tacaíocht a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghrúpaí.

• Cumas agus ceannaireacht a fhorbairt laistigh de phobail.

• Tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt phearsanta agus d’fhorbairt ghrúpa.

• Cabhair phraiticiúil a thabhairt do dhaoine aonaracha agus do ghrúpaí pobail amhail rochtain ar theicneolaíocht faisnéise agus áiseanna oifige.

• Cabhair phraiticiúil do ghrúpaí pobail atá ann cheana amhail cabhair a thabhairt i dtaca le struchtúir eagraíochtúla, cabhair a thabhairt i dtaca le rochtain a fháil ar mhaoiniú nó comhairle a thabhairt i dtaca leis an gcaoi chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna sóisialta ar leith.

• Ag tacú leis an líonrú laistigh den phobal.

• Ag cur le hobair Beartais.

Méadaítear na IATanna go €160,000 in 2025

1
TRIM FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE ÁTHA TROIM)
€68
2
GORT RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ AN GHOIRT TEO)
€438
3 SPAFIELD FRC LTD (IAT GHORT AN SPÁ TEO) €489
4
KENMARE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH NEIDÍN TEO)
€3,174
5
HILLVIEW COMMUNITY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ POBAIL RADHARC AN CHNOIC TEO)
€4,295
6
KILLINARDEN RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ CHILL AN ARDÁIN)
€11,100
7
SOUTH WEST WEXFORD COMM DEV GROUP (GRÚPA FORBARTHA POBAIL IARDHEISCEART LOCH GARMAN)
€11,321
8
SOUTH WEST KERRY FRC LTD (IAT IARDHEISCEART CHIARRAÍ TEO)
€11,401
9
THE FORGE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH NA CEÁRTA TEO)
€12,026
10
BOYLE FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH MHAINISTIR NA BÚILLE)
€12,757
11
BALLYMOTE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE AN MHÓTA TEO)
€13,229
12
DUNFANAGHY COMMUNITY & FAMILY RESOURCE LTD (ACMHAINN POBAIL AGUS TEAGHLAIGH DHÚN FIONNACHAIDH TEO)
€14,632
13
WEST SLIGO FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH SHLIGIGH THIAR TEO)
€16,563
14
BALDOYLE FAMILY RESOURCE SERVICES LTD (SEIRBHÍSÍ ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE DÚILL TEO)
€17,551
15 ABBEYDORNEY/KILFYNN (MAINISTIR Ó DTORNA/KILFYNN) €19,928
16
DONEGAL FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH DHÚN NA NGALL TEO)
€19,928
17
DUAGH FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH DUBHÁTHA)
€20,423
18
ARTANE COOLOCK RESOURCE & DEVELOPMENT CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ AGUS FORBARTHA ARD AIDHIN NA CÚLÓIGE TEO)
€21,660
19
BALLINA FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE AN ÁTHA)
€23,726
20
BRIDGEWAYS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BRIDGEWAYS)
€23,767
21
SOLAS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH SOLAIS)
€24,326
22
SLIGO FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH SHLIGIGH)
€25,117
23
KILLORGLIN FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHILL ORGLAN)
€25,529
24
CASTLEMAINE FRC LTD (IAT CHAISLEÁN NA MAINGE) (T /A MAINE VALLEY FAMILY CENTRE)
€25,750
25 KELLS FRC (IAT NA GCEALL) €27,094
26
KERRYHEAD/BALLYHEIGUE FRC (IAT CHEANN CHIARRAÍ/BHAILE UÍ THAIDHG)
€27,357
27
BALLYBODEN CHILDRENS CENTRE (IONAD LEANAÍ BHAILE BAODÁIN)
€27,629
28
TAGHMON FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH THEACH MUNNA TEO)
€28,915
29 ST KEVINS FRC (IAT NAOMH CAOIMHÍN) €30,019
30
DUNMANWAY FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH DHÚN MÁNMHAÍ)
€30,913
31
SACRED HEART COMM & CHILDCARE PROJECT LTD (TIONSCADAL POBAIL AGUS CÚRAIM LEANAÍ AN CHROÍ RÓ-NAOFA)
€32,419
32
HILL ST FAMILY RESOURCE (ACMHAINN TEAGHLAIGH SHRÁID AN CHNOIC)
€33,546
33 MILL FRC (IAT AN MHUILINN) €33,596
34
SOUTHEND COMMUNITY DEVELOPMENT GROUP LTD (GRÚPA FORBARTHA POBAIL SOUTHEND)
€33,725
35
DROICHEAD FAMILY RESOURCE (ACMHAINN TEAGHLAIGH AN DROICHID)
€34,181
36
ST MATTHEWS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH NAOMH MAITIÚ)
€34,233
37
MIDLETON COMMUNITY FORUM LTD (FÓRAM POBAIL MHAINISTIR NA CORANN TEO)
€34,304
38
CROOM FAMILY RESOURCES CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHROMADH)
€34,788
39
CLONES FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHLUAIN EOIS TEO)
€34,918
40 GREYSTONES FRC (IAT NA GCLOCH LIATH) €35,189
41
BALLYFERMOT RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ BHAILE FORMAID TEO)
€35,916
42
FOCUS FAMILY RESOURCE CENTRE LIMITED (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH FÓCAIS TEORANTA)
€35,985
43
ATHLONE FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH BHAILE ÁTHA LUAIN) (Monsignor McCarthy)
€36,082
44
CASTLEREA COMMUNITY AND FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ POBAIL AGUS TEAGHLAIGH AN CHAISLEÁIN RIABHAIGH)
€36,167
45
CARA HOUSE FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH TEACH CHARA)
€38,177
46
CASTLEBAR LE CHEILE FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHAISLEÁIN AN BHARRAIGH LE CHÉILE TEO)
€38,747
47
CLAREMORRIS FAMILY RESOURCE CENTRE (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHLÁR CHLAINNE MHUIRIS)
€39,234
48
BALLYOGAN COMMUNITY DEVELOPMENT (FORBAIRT PHOBAIL BHAILE UÍ ÓGÁIN)
€39,380
49
NEART HAMHNAIS TEORANTA (BALLYHAUNIS FAMILY RESOURCE)
€40,755
50
ST BRIGIDS COMMUNITY CENTRE (IONAD POBAIL NAOMH BRÍD)
€41,833
51
BUDS BALLYDUFF FAMILY & COMMUNITY SUPPORT FORUM LTD (FÓRAM TACAÍOCHTA TEAGHLAIGH AGUS POBAIL BUDS AN BHAILE DHUIBH TEO)
€42,064
52
CARA PHORT FAMILY RESOURCE CENTRE LTD (IONAD ACMHAINNÍ TEAGHLAIGH CHARA PHORT TEO)
€48,068
53
SOUTH DUBLIN COUNTY PARTNERSHIP (COMHPHÁIRTÍOCHT CHONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH THEAS)
€53,035
54 BANDON FRC (IAT DHROICHEAD NA BANDAN) €71,548

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat